Aesop a tháinig go h-Éirinn/An León agus an Machtíre agus an Mada Ruadh

Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An León agus an Machtíre agus an Mada Ruadh
[ 22 ]

28.—AN LEÓN AGUS AN MAĊTÍRE AGUS AN MADA RUAḊ.


Ḃí an león ag dul i n-aoís, agus ḃí sé gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ. Ṫáinig na beiṫíġ go léir go h-úṁal ’ġá ḟéuċaint aċt aṁáin an mada ruaḋ.

“Ní ḟeadar cad ’tá ag coimeád an ṁada ruaiḋ,” arsa’n león.

“Tá a ḟios agamsa cad ’tá ’ġá ċoimeád,” arsa’n maċtíre. “Ceapan sé náċ baoġal dó feasda tú, agus ní ḟéadfaḋ sé gan a ḋroċ iompur do ṫaisbeáint.”

Ḃí an mada ruaḋ amuiċ ag éisteaċt leis an gcaint. Do ṗreab sé isteaċ láiṫreaċ. “A ríġ onóraig!” ar seisean, “gaḃ mo leaṫsgéal! Ḃeinn anso fadó riaṁ aċt tá an dúṫaig siúḃalta agam ag lorg leiġis do t’onóir, agus tá an leiġeas agam, le toil t’onóra.”

“Is maiṫ é sin! Is maiṫ é sin!” arsa’n león. “Cad é an leiġeas é? Inis é. Inis é.”

“Tá,” arsa’n mada ruaḋ, “an croicean do ḃaint beó de ṁaċtíre agus é ḟilleaḋ teiṫ ar do ċeann.”

Ḃí an maċtíre ag éisteaċt leis. Do rugaḋ air agus baineaḋ an croicean dé beó.

An Múineaḋ.

“Díng de’n lioḃán a sgoilean í féin.”