Caoimhghin Ó Cearnaigh/22

Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
An Droch-sgéal a Fuair Caoimhghín
[ 74 ]

CAIB. a XXII.—AN DROĊ-SGÉAL A FUAIR CAOIṀĠÍN.

D'ḟág Caoiṁġín agus Úna a d”Tír na nÓg” fán dtuaiṫ, agus ċuadar ar ais go Baile Áṫa Cluiaṫ. Aċt ḃí Tír na nÓg 'na gcroiḋṫe agus 'na n-anamainn féin, agus nuair ċuireadar fúṫa sa dtigín i nDuṁaċ Muirḃṫean do ṡáruiġ a sóġ agus a n-aoiḃneas agus a n-áṫas ar a raiḃ orṫa riaṁ. Ṡaoil Caoiṁġín gur spiorad a ḃí i n-Úna, agus do ċrom sé arís an ċéad lá ar an “leaḃar mór” do sgríoḃaḋ. Ṁeas sé go mbéaḋ an leaḃar go h-áluinn, agus go mbéaḋ saoġal aoiḃinn i gcinneaṁain dó féin agus dá ṁnaoi ġleoiḋte, ġráḋṁair. Fuair sé litir ó n-a ṁáṫair a ċuir bród agus suaiṁneas ar a ċroiḋe. Duḃairt sí go raḃadar slán, croiḋeaṁail tar éis na trioblóide, agus go mbéidís ar ais ar an ḃfeilm ḃig i gceann ráiṫe, le congnaṁ Dé. Ċuir Aimeirioca sgáṫ agus sgannraḋ orṫa, agus ṡaoil sí ar uairiḃ go raiḃ sí ag siaḃránaċt.

Ar maidin Dé Saṫairn 'seaḋ ṫáinig Caoiṁġín agus Úna ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ. Dia Luain 'na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ Caoiṁġín ċun na h-oifige.

Ṫáinig iongnaḋ air nuair a ċonnaic sé an t-árd-ṫuairisgeoir. Ba ċosaṁail go raiḃ rud éigin ag déanaṁ buaiḋearṫa dó.

“Ḃfuil tú ċóṁ láidir a's do ḃí tú riaṁ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir.

“Táim,” ar Caoiṁġín, “agus i ḃfad níos láidire, buiḋeaċas mór le Dia.”

“Is aoiḃinn liom é sin,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Duḃairt mé leat sa litir gan teaċt ar ais no go mbéiṫeá ċóṁ láidir agus do ḃí tú riaṁ.”

Ḃí sé ag smaoineaḋ ar feaḋ tamaillín.

“Tá tú óg, a Ṁic Uí Ċearnaiġ,” ar seisean fá ḋeoiḋ, “agus tá tú láidir, agus tá misneaċ agat. Tá go maiṫ.”

Do smaoiniġ sé ar feaḋ tamaillín eile.

[ 75 ]“Tigeann fearg luinne orm anois agus arís faoi an oifig seo,” ar seisean. “Bím ar tí imṫeaċt aisti agus as Éirinn ar fad. Saoilim ar uairiḃ gur ionann an Diaḃal agus ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’! Tá sí amaideaċ, tá sí neaṁ-ṁisneaṁail, tá sí tíoránta.”

“Cad tá ort i n-aon ċor?” ar Caoiṁġín.

“Fearg,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Tá sé orm droċsgéal a ċur i n-úil duit. Níl leiġeas agam air.”

“Ní gáḃaḋ ḋuit an méid sin a ċur i n-úil dam,” ar Caoiṁġín. “Tuigim go maiṫ é.”

“Duḃairt me leat i litir a ċuireas ag triall ort tamall ó ṡoin go dtáinig sgannraḋ orṫa annso faoi an sgéal úd san uiṁir áiriṫe. Ċeapadar gur ‘fear contaḃarṫaċ’ a ḃí ionnat agus go raiḃ an donas déanta. Ḃíodar ag fanaṁaint le h-uain no ‘seans’ ċun an ruaig a ċur ort. 'Seaḋ. Níor ṫáinig tú ar ais nuair ḃí an obair críoċnuiġṫe agat i gCúige Ċonnaċt agus ní ḟuair mé tásg ná tuairisg ort no go raiḃ cúpla seaċtṁain caiṫte.”

“Ḃí fiaḃras inċinne orm,” ar Caoiṁġín.

“Tá ḟios agam go raiḃ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir, “aċt ní raiḃ a ḟios agam ar dtús, agus ḃí iongnaḋ an doṁain orm faoi nár ṫáinig míniuġaḋ nó teaċtaireaċt éigin ċugam. Tar éis seaċtṁaine fuaras orduġaḋ ċun duine eile a ċur i do ṗost, agus b'éigin dom é ḋéanaṁ——”

“Aċt nuair ṫáinig eolus ar an stáid 'na raḃas——”

“Ḃí an duine eile san bpost,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir go brónaċ. “Níor ṁaiṫ liom an sgéal a ċur i n-úil duit ċóṁ fada agus do ḃí tú lag. Anois——”

“Níl post le fáġail agam,” ar Caoiṁġín.

“B'ḟéidir go mbéaḋ post le fáġail i gceann tamaill,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Déanfaiḋ mé mo ḋíṫċeall ar do ṡon. Aċt tá eagla orm go ḃfuil ár ‘ndaoine móra’ go mór i d'aġaiḋ mar ġeall ar an sgéal úd agus mar ġeall ar do ḃaraṁla agus do smaointe faoi go leor rudaí. Is fearr do ḋuine—fear páipéir nuaiḋeaċta go h-áiriṫe—gan a smaointe a noċtaḋ i n-Éirinn. Tá náiṁde an smaoiniġṫe ró-láidir.”

“Tá aṫrú ag teaċt ar Éirinn,” ar Caoiṁġín.

“Go mall,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Agus tá an ċuid is mó d' Éirinn feoċta ag an aineolas agus an [ 76 ]mí-ṁeisneaċ. Teasduiġeann Cúċulainn nua, Cúċulainn intleaċtaċ, uainn, agus níl sé le fáġail.”

“Tá an spiorad ins na daoine, aċt tá sé fá ċeilt fós,” ar Caoiṁġín. “'Sé an rud atá róṁainn 'ná an ‘gnáṫ-ḋuine’ atá i ngaċ aoinne a ḃualaḋ fá ċos, agus an ‘fíor-ḋuine’ a ċur i n-uaċdar. 'Na ḋiaiḋ sin béiḋ Ríoġaċt Neiṁe againn—nó ionainn.”

“Ní ḃéiḋ sí san oifig seo go dtoġfar Cúċulainn mar eagarṫóir agus Prometeus mar ‘ṫuairisgeoir iasaċta’” arsan t-árd-ṫuairisgeoir.