Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 4/Uimhir 48/Teanga na nGaedhal

Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar IV, Uimh. 48 by I.M. Uí Raghallaigh
Teanga na nGaedhal
[ 246 ]

TEANGA NA NGAEḊAL.

Ar n-a aṫarruġaḋ go Gaeḋilig ó Ḃéarla

I.M. Uí Raġallaiġ, I. na G.

U. 45, ll. 203, 204

A Ṗáid, a ṁaoin, ar fud an t-saoiġil an
g-cualais a leiṫéid,
Gur teanga ċoigcríoċ an Ġaeḋilig ḃinn ar
ċuantaiḃ Éirionn féin,
Ní’l cion ag óg ná ag cailín deas do ṫean-
gaiḋ Ġráinne Ṁaol,
Ní’l gáḃaḋ anois le dliġṫiḃ ’n-aġaiḋ tean-
gaḋ buiċt’ na nGaeḋal.

[ 247 ]

O, casaḋ file Gaeḋlaċ liom ar ṫráiġ aona-
raiġ imċéin,
A’s duḃairt, cá sgeul ar ṫeangaiḋ ṫréin
na ḃ-fileaḋ ’gus na ḃ-Féinn?
Mais’, ḃrisfiḋe, a ḃáird, do ċroiḋe ad’
ċliaḃ dá g-cloisfeá féin an sgeul,
Gur “ċroċ” ar ḃ-fir ’s ar mná alig sean-
teanga ṡuairc na nGaeḋal.

Oċ! an Beurla bradaċ breugaċ do la-
ḃairt má’s éigean dúinn,
Ní ċuirfiḋ sé i n-dearmad dúinn mar
ṫáinig saoirse ċuġainn,
Ó ċoinġioll briste Luimniġe, ó ḋliġṫiḃ
diaḃalta dúr’,
An dúnṁarḃaḋ ṫug feall Sacsan ar ar
Máṫair a’s ar g-cúis.

Ó, ’nuair ṫig le dliġeaḋ cosg ċur le céil-
eaḃar fuiseog ’g éirġe ’n-áird’,
’S ’nuair ṫig le reaċdaiḃ Sacsanaċ’ soċt
ċur ar ḟraoċ na ḃ-fág,
Is annsúd do ḋéanfad malairt teangaḋ
tréiṫeaċ Inse Fáil,
Aċt go d-tí súd leanfad, le cuideaḋ Dé,
de’n Ġaeḋilig ġlé gan ċáim.

Lorgaire na ḃ-fileaḋ.