Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 3/Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí

Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 3
Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí
[ 48 ]

FOLK-LORE OF CONNAUGHT.

DOṀNALL DUḂ AGUS BRADÁN MÓR LOĊA-RÍ.

II.

Níoḃ ḟada gur ḟosgail doras an tseomra, ⁊ ṫáinic sean-ċailleaċ gránda isteaċ, ⁊ ós cionn trí fiċid cat ’na diaiḋ. Tarraing Doṁnall a ċloiḋeaṁ, ⁊ ḃuail sé í san gclár eudain, ⁊ ṫug sé go talaṁ í. Annsin, léim na cuit air, ⁊ ḃí siad gá sgríobaḋ go raḃ laṫaċ fola ’na ṫimċeall. D’eiriġ an ċailleaċ go tapaiḋ, ⁊ ḃí sí ag teaċt le buille slaite an ḃáis a ṫaḃairt dó, gur ḃuail an bradán mór í idir an dá ṡúil le croiḋe an ċuit ṁóir ḋuiḃ, ⁊ ṫuit sí marḃ i measg na gcat. Rinne Doṁnall obair ġearr de an cuit—ṁarḃuiġ sé an t-iomlán díoḃṫa (= díoḃ).

“Taḃair ḋom do láṁ," ars an bradán mór, "is tú an gaisgiḋeaċ is fearr in Éirinn. Ní ḃeiḋ easḃuiḋ aon niḋ ort ċoṁ fada a’s ḃeiḋeas tú beo. Tá eolus agam ar áit a ḃfuil cisde óir ḃuiḋe, ⁊ ní deacair ḋuit é ḟaġḃáil. Tá caisleán mór, maiseaċ i dtír an Talaiṁ Ḃáin, ⁊ tig leat do ḃean ⁊ t’inġíon a ṫaḃairt leat a ċoṁnuiḋe ann.” "Go raiḃ maiṫ agat,” arsa Doṁnall, “aċt b’ ḟearr liom ḃeiṫ ’mo ċoṁnuiḋe in Éirinn, mo ṫír ḋúṫċais, ná in aon tír eile faoi’n ngréin, ⁊ má ḟágann tú ’san mbaile mé beiḋead sárḃuiḋeaċ.”

(To be continued.)