Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 6/Ordóg Fheasa Fhinn Mhic Chumhaill

Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 6  (1894) 
Ordóg Fheasa Fhinn Mhic Chumhaill
[ 92 ]

WEST CORK GAELIC.


[ 92 ]

ORDÓG ḞEASA ḞINN ṀIC ĊUṀAILL.

Lá dá raḃas ag siuḃal cois aḃann do casaḋ orm an gaisgiḋeaċ ba ṁó dá ḃfeaca riaṁ, ⁊ gan aċt aon tsúil aṁáin aige, ⁊ í sin i gclár a éadain. Do ṫáinig iongnaḋ orm an tráṫ do ċonnac é. Do ḟéaċ sé orm ⁊ do ḟiarfaiġ sé ḋíom cia’rḃ é me. “Is mise Fionn Mac Cuṁaill,” arsa mise. “Is maiṫ mar a ṫárla,” ars an gaisgiḋeaċ, “mar atáimse annso le seaċt lá ⁊ le seaċt n-oiḋċe gan neul codalta ṫeaċt orm ag faire bradáin do ḃí ins an aḃainn seo. Tar isteaċ liom ins an tiġ seo ’n-ár n-aice go sínfead ṫorm ar an leabaiḋ go gcodail- eoġad rod éigin, ⁊ bí-se ag faire an ḃradáin atá ’á ḃeirḃiuġaḋ ar an teine. Taḃair aire ṁaiṫ ḋo, ⁊ ná leig aon ċlog do ṫeaċt air, no má leigir, bainfeadsa an ceann díot. Seo fáinne ḋuit, ⁊ cuir ar do ṁéar é go n-éireóġadsa as mo ċodlaḋ.” Do rinneas aṁlaiḋ soin ⁊ do ṡuiḋeas cois na teine ag taḃairt aire do’n mbradán. Ba ġeárr go ḃfeaca clog mór ag éirġe ar ḋrom an éisg, ⁊ do ṫáinig eagla orm go ḃfeicfeaḋ an gaisgiḋeaċ é. Do ċúireas m’órdóg anuas ar an ċlog ċum é ísliuġaḋ i gcás ná tiuḃraḋ an gaisgiḋeaċ faoi n’aire é ’nuair a d’eireiġaḋ sé. Do dóġaḋ m’órdóg ċun an smior, ⁊ le n-a linn so do sáiṫeas isteaċ am’ ḃeul í. Is annsoin do fuaras fios ar an ḃfáṫ go raiḃ an gais- giḋeaċ ag faire an ḃradáin, ⁊ dá n-éireoġaḋ sé an ḟaid do ḃiḋeas ⁊ láṫair go gcuirfeaḋ sé ċun báis mé. Ag súil go ḃféadfainn teiṫeaḋ lem’ anam uaiḋ do rugas ar ḃarra mór iarainn do ḃí ar an dteinnteán ⁊ do ṡáiṫeas suas é ins an aon súil aṁáin do ḃí ag an ḃfear mór. Do ṫug sé léim as an leabaiḋ ⁊ do liuġaiġ sé amaċ, “A ḟáinne, cá ḃfuilir?” Do laḃair an fáinne, ⁊ aduḃairt, “Táim annso go dlúṫ dain- gean ar ṁéar Ḟinn Mic Ċuṁaill.” Do ṫug an gaisgiḋeaċ léim eile faoi ḋéin na h-áite ’n-ar ċuala sé an guṫ, aċt do riṫeas-sa liom ḟéin, ⁊ níor ṫáinig leis an ngaisgiḋeaċ breiṫ orm. Do ḃí an gais- giḋeaċ ar an ċuma soin ag glaoḋaċ ar an ḃfáinne ⁊ an fáinne dá ḟreagairt ar feaḋ urṁóir an lae gur ṫáinig an trátnóna, ⁊ do ṫeip air teaċt suas liom. Do ḃíos tuirseaċ tnáiṫte ó ḃeiṫ ag imṫeaċt ó áit go h-áit, ⁊ ní ḟeadar cad ba ċeart dam a ḋéanaṁ. Ṫar éis maċtnaiṁ tamall do ṁeasas go mb’ ḟeárr an méar ar a raiḃ an fáinne do ġearraḋ ḋíom. Do rinneas ⁊ do ċaíṫeas isteaċ ’san aḃainn é. Do ġlaoḋaiġ an gaisgiḋeaċ arís, “A ḟáinne, cá ḃfuilir?” “Táim annso go daingean ar ṁéar Finn Ṁic Ċuṁaill i n-íoċtar na haḃann.” Do ḃríġ ná raiḃ aon raḋarc ag an ngaisgiḋeaċ ⁊ ná feacaiḋ sé cá raiḃ sé ag dul ṫug sé truslóg go híoċtar na haḃann ⁊ do báṫaḋ é. Do ḃí áṫas mór orm ’nuais a ċonnac go raḃas sgarṫa leis.

Do imṫiġeas ċun an tiġe mar a raiḃ an bradán. Is amlaiḋ do ḃí sgata préaċán duḃ ’n-a ṫimċioll, ⁊ é naċ mór iṫte aca, ⁊ ó ṡoin a leiṫ deirṫear go ḃfuil fios ag na préaċánaiḃ duḃa.

Is mar sin do ṫárla ḋam féin fios d’ḟaġáil ar dtúis ⁊ atáid na fearta céadna riaṁ ó ṡoin agam aon uair do ċogónfainn m’órdóg.

P. O’B.

[ 93 ][An méad atá ṡuas, is cuid é do’n “Eaċtra ar Ḟionn Mac Cuṁaill ⁊ ar ṁnaoi Ḃearċáin do ḃí ’san ċéad uiṁir do’n imleaḃar so tá i láṫair. Do ċonnaic gaeḋilgeoir éigin an sgeul ins an Irisleaḃar, ⁊ do ċuir sé i gcuiṁne do’n sgeulaiḋe beagán do’n Eaċtra do ḋearṁad sé roiṁe sin. Sin agaiḃ anois é mar atá ṡuas. S.L.]

[The above is a variant of the legend about Fionn Mac Cumhaill’s thumb (or tooth) of knowledge. When considered as a modern popular version, it will be seen that it differs very little indeed from the ancient form preserved in Mac Ghíoṁarṫa Fhinn.—J.H.L.]