Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Mar do ċuaiġ Jimín le sagartóireaċt
[ 98 ]

CAIBIDIL XII

Mar do ċuaiġ Jimín le sagartóireaċt.

BHÍ Mam ar feaḋ coicíse agus ní ḟéadfainn a ḋéanaṁ amaċ cad a ḃí ag gaḃáil di. Ag maċnaṁ a ḃíoḋ sí, tá’s agat, agus stadaḋ sí uaireanta i lár a cuid gnóṫa agus ḃíoḋ sí ag smaoineaṁ. Ansan uaireanta eile ċínn ag caint le Daid í aċ ní ḃíoḋ á rá ag Daid aċ—“Tá an ceart agat. Is agat-sa is fearr ’ḟios, a ċroí.”

Ḋeineas mo ḋíċeall aċ ċuaiġ díom a ḋéanaṁ aniaċ cad a ḃí ar a haigne. Is de ṫionóisc a fuaireas fios an scéil sa deireaḋ.

Tá pluais biṫiúnaċ agam féin agus ag Micilín, tá’s agat, i loċta tí na mbó againn-ne. Mise Captaen nambiṫiúnaċ. Ḃíos sa ṗluais tráṫnóna ag feiṫeaṁ le Micilín nuair a ġaiḃ Mam isteaċ ṫíos agus ḃí sí ag caint le Daid, a ḃí ag crú na mbó. Ní fada ḃíodar ag caint nuair a ṫuigeas gur mé féin a ḃí i gceist acu.

“Bainfiḋ sé deiċ mbliana ḋó sar a mbeiḋ sé ina ṡagart,” arsa Mam.

Ní mór ná gur ṫiteas féin i láṫair mo ċos nuair a ċuala an méid sin, a ḋuine. Mise im ṡagart! Ċuir an scéal mearḃall orm agus ní mór ná gur scéiṫeas orm fein.

[ 99 ]I gcionn tamaill do laḃair Daid:

“Cé ḋéanfaiḋ an treaḃaḋ agus an fuirse nuair a ḃuailfiḋ an t-aos mise?”

“Ḋé, ní fál go haer é! Ná beiḋ Cáit againn agus-ní ḃeimíd gan cliaṁain a oibreoiḋ an ḟeirm.”

Ṫugadar tamall eile ag caint agus ansan d’imíodar.

Is ar éigean d’ḟéadas féin teaċt anuas an dréimire as ṗluais na mbiṫiúnaċ leis an suaṫaḋ a ḃain an scéal nua asam. Ċuas a ċodlaḋ gan aon ní a ligean orm.

Ar maidin nuair a ċonaiceas Cáit: “Bead-sa im ṡagart,” arsa mise.

Do ġáir Cáit. “Ní ḃeir, a ṁuise,” ar sise, aċ bead-sa im ṁnaoi rialta.”

“Cuir uait!” arsa mise; “fanfair-se sa tiġ seo agus taḃaċfaiḋ Mam fámaire de ċliaṁain-isteaċ ċun tú ṗósaḋ, agus ċun an treaḃaḋ a ḋéanaṁ do Ḋaid. Níl dul as agat—tá san socair id ċoṁair ag Mam.”

Ċrom an óinsín ar ġol agus cé ċloisfeaḋ í aċ Mam.

“Cad é seo anois ort?” ar sise.

“Bu-hú!” arsa Cáit, “ní ṗósfad-sa aon ċliaṁain-isteaċ!”

D’ḟéaċ Mam uirṫi agus ansan d’ḟéaċ sí orm-sa. Ċeapas féin, ’om baic, gurḃ ḟearr riṫ maiṫ ná droċ-ṡeasaṁ, agus ċuireas díom suas go tiġ Ṁáire Aindí.

Máire agus Nell a ḃí istiġ.

“Ara, cad a ṫug ċoṁ luaṫ so ar maidin tú?” arsa Nell.

[ 100 ]“Mam do ċuir an riṫ orm,” arsa mise, “i dtaoḃ gur inseas do Ċáit go raḃadar ċun cliaṁain-isteaċ d’ḟáil di.”

“Ara, a ḃligeáirdín, cad a ċuir é sin id ċeann?” arsa Máire Aindí.

Ċuir sé sin olc orm féin.

“Ní haon ḃligeárd mé,” arsa mise, “aċ tá Mam ċun sagart a ḋéanaṁ díom, agus beiḋ siḃ go léir ag taḃairt ‘Father James’ orm ansan, agus b’ḟéidir ná taḃarfá bligeárd an uair sin orm.”

“Mo ġrá-sa Dia!” arsa Máire, “ag magaḋ fúm ataoi.”

“Níl aon ḃréag ann,” arsa mise, agus d’inseas di gaċ aon ní.

Níor ḟágas aon ní istiġ nár scaoileas amaċ. Ní raiḃ leiġeas agam air—ní ḟanfaḋ an riaċ ruda istiġ.

Sin é an loċt mór atá orm-sa, tá’s agat, mé ḃeiṫ im béal ’leiṫ Éireann. Ní ċeilim aon ní ar éinne aċ ar Ṁam; aċ ġeiḃeann sí sin fios ar mo ġnóṫaí gan inise á n-insint in ao’ ċor di. Ní túisce ḃí mo ḃotún déanta agam-sa ná ḃí sé go léir inste ar fuaid an ḃaile. Ní raiḃ an oíċe ar fónaṁ ann nuair ġaiḃ Máire Aindí isteaċ go dtí Mam.

“Muise, go gcoṫaí Dia ḋíḃ e, an sceal maiṫ,” ar sise.

“Cad é an scéal?” arsa Mam.

“Jimín beag a ḃeiṫ ag dul le sagartóireaċt, bail ó Ḋia air,” do ráiḋ Máire.

Baineaḋ an-ṗreab as Mam ḃoċt. Níor ḟan focal aici. D’ḟéaċ sí anall orm-sa agus [ 101 ]measas nár ḟan oiread luiċe ionam leis an scanraḋ. Ċonaiceas go raiḃ sí go cráite dóite toisc an scéal a ḋul amaċ roiṁ ré.

Níor ṁaiṫ liom í ḃeiṫ ag féaċaint orm agus d’imíos liom go maolċluasaċ go dtí an leaba agus gan é aċ leaṫuair tar éis a seaċt!

Deirim-se leat ná raḃas buíoċ dem ṫeangain, mar ċeapas siúrálta go ḃfaiġinn búrdáil ṁaiṫ an oíċe sin.

Aċ ní ḟuaireas, a ḋuine. Nuair a ḃí Mam ag dul a ċodlaḋ ṫáinig sí le coinnill mar a raḃas-sa, agus d’ḟéaċ sí orm. Ḃíos im ċnap ċodlata, a ṁic ó, agus ní osclóinn súil liom ar ṁíle punt.

“Hum,” ar sise, “codlaḋ an traona ċugat-sa, a ḃuaċaill!” agus ṫuigeas go raiḃ droċaṁras aici ar an suan a ḃí orm. D’imiġ sí, áfaċ, agus ṫugas mo ḃuíoċas do Ḋia a rug saor an uam sin mé.

Ḃí bouta bruiġne agam féin is ag Micilín Eoin lá arna ṁáraċ. Nuair a ċonaic sé ċuige mé, “Ara, féaċ aníos ‘Father James’!” ar seisean.

Ṫáinig beirfean uilc orm ċuige agus leanas suas ’on ṗáirc é agus ċuireas fuil-ṡrón leis. B’ḟéidir go múinfeaḋ san béasa ḋó.

Aċ níor stop san an ċuid eile ḋen mbaile, mar ḃíoḋ an ainm ar siúl acu go léir orm—mór mór ag na sciṫirí gearrċaillí. Ḃíos cráite acu; aċ mé féin fé ndeara é a scaoil lem ṫeangain i láṫair Ṁáire Aindí.

Ar feaḋ trí seaċtaine ina ḋiaiḋ san ní ṫáiniġ stad ar Mam aċ ag ullṁú rudaí ḋom. [ 102 ]Ṫug sí trunc nua ón nDaingean ċugam agus ḃí seó rudaí istiġ ann. Ḃí léinteaċa ann, agus tuáilí, agus cíor dom ċuid gruaige, agus máilín beag ċun mo ċulaṫ oíċe a ċur isteaċ ann, a ḋuine. Ḃí hainceasúirí póca, leis, ann, agus stocaí, agus ḋein an táiliúir ḋá ċulaṫ éadaiġ dom. Fuaireas ḋá ṗéire ġleoite bróg ná raiḃ aon tairne ionta aċ iad ag gíoscán nuair a ṡiúlaínn.

Ḃíos ag gaḃáil an bóṫairín síos lá nuair a ġlaoiġ Taḋg Óg ṫar n-ais orm. “Cogar i leiṫ, a Jimín,” ar seisean, “cad tá an dá ḃróig sin a rá le ċéile?”

“Tin t’ḟiafraiṫe ar do ṡean-ṁáṫair!” arsa mise. Ḃíos cráite aige, aċ níor ḋein sé aċ gáirí fúm. Is dóiġ leis go ḃfuil sé an-smeartálta.


Beiḋ mé ag imeaċt amáraċ agus do réir mar a ċloisim ní ró-ṁór an aga a ḃeiḋ agam ċun a ṫuilleaḋ cuntaisí mar seo a scríoḃ’.

Is dóċa go ḃfuil an cruatan im ċoṁair. Deir Mam liom go gcuirfear urċall ansúd liom, agus srian, agus go mbead ag gol fós i ndiaiḋ mo ṁáṫar agus an tsaoil ḃreá a ḃí agam uaiṫi.

Dar fia! má ḃíonn siad níos crua orm ná mar ḃí Mam tá an donas buí go léir orṫu. Ní ró-ṁaiṫ atáim in ao’ ċor istiġ liom féin na laeṫanta so. Táim idir fonn is faitíos, a ḋuine.

Ṫáinig Máire Aindí aréir agus ṫug sí ḋá ṗéire stocaí ḋom. Ṫuġ Ṫaḋg Óg is Nell bille puint dom. Ṫáinig Micilín Eoin ċuġam ó [ 103 ]ċiainiḃ agus ḃí saġas náire air agus ní dúirt sé aon ní go ceann tamaill. Ansan ṫarraing sé scian as a ṗóca agus ċuir sé im aice ar an mbord í agus deora óna ṡúile. Ṫug sé iarraċt ar rud éigin a rá aċ ní ḟéadfaḋ, leis an dtoċt ġoil. Ansan riṫ sé an doras amaċ uaim ag gol.

Deir Cáit go raiḃ Micilín an-ċeanúil orm-sa. Ṫugas an Píopa aḋmaid a ḃí i ḃfolaċ sa stáca agam do Ċáit, ċun é a ṫaḃairt do Ṁicilín amáraċ.

Tá mo ṫrunc pacálta sa ċistin. An rud oeireannaċ a ċuir Mam ann ná císte mór aráin go raiḃ rísíní ann. Tá na coṁarsain ar fad sa ċistin—is dóċa gur mar ġeall orm-sa é. Ṫug a lán acu scillingí agus leaṫ-ċorónaċa ḋom agus ḃíodar go léir am ċoṁairliú agus am ṁolaḋ.

Tá Cáit ag gol ó ṫáinig an tráṫnóna agus níl focal as Daid. Nílim féin ar mo ċúilín tseaḃraċ aċ ċoṁ beag le duine. Níl éinne go ceart aċ Mam. Ní ċorróḋ an saol í sin.

****

Táid siad go léir imiṫe aḃaile agus dúirt Mam liom-sa dul a ċodlaḋ. Nuair a ṫángas ’on tseomra lean sí mé agus ḃí sí i ḃfad am ċoṁairliú. Ansan rug sí barróg orm agus ṗóg sí mé agus ċonaiceas deora ina súile nuair a ḃí sí ag imeaċt.

Ní mór go ḃfeicim féin an páipéar so go ḃfuilim ag scríoḃ’ air le gaċ ’ra raḃt goil agus uaignis.

Caiṫfiḋ mé stad is dóċa agus an peann a ligean ar lár.

[ 104 ]Aon rud dár scríoḃas mar ġeall orm féin go dtí so níor ċuireas ann aċ an ḟírinne glan. Tá’s agaiḃ anois cad é an saġas mé. Dá mbeinn ar nós a lán dem aiṫne ní ḃeinn ċoṁ béalscaoilteaċ i dtaoḃ mo loċtaí féin, agus ċeapfaḋ siḃ ansan gur buaċaill maiṫ mé.

Aċ is cruaiḋ an scéal ar ḃuaċaill a ḃeiṫ go maiṫ—ṁaróḋ sé é in aon tseaċtain aṁáin. Ḋéanainn-se mo ḋíċeall uaireanta mé féin d’iomar, aċ ċaiṫinn briseaḋ amaċ arís gan buíoċas dom. Tá gaċ éinne ċoṁ holc liom. Ní ḟeicim-se éinne go ceart aċ Mam.

Caiṫfead dul a ċodlaḋ. Beannaċt Dé agaiḃ go léir, agus má’s fiú liḃ orm é iarraḋ gaċ duine agaiḃ ar Ḋia Jimín Ṁáire Ṫaiḋg a ċur ar a leas.