Leabhar Sgeulaigheachta/Roimh-fhocal

Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Roimh-fhocal
[ v ]

ROIṀ-ḞOCAL,

Do’n Duine-uasal Eusaḃ D Mac Cliaḃair .i. Euseby D Cleaver ollaṁ diaḋaċta.


Ḋuit-se, a Ḋuine-uasail, ofráilim an leaḃairín seó, ó is tusa a ċuir ann mo ċeann i dtosaċ, é do ḋeunaṁ, agus ó is ort-sa ṫuit a ċostas. D'aṫraiġ tu a Ḋuine-uasail an tír ann a raiḃ tu do ċóṁnuiḋe, aċt an inntinn a ṫug tu leat as Éirinn níor aṫraiġ tu ise. Is fíor ad’ ṫaoiḃ-se an ráḋ sin an Rómánaiġ–aċt aon focal aṁáin d’aṫruġaḋ ann,

nihil Hibericum alienum a me puto.

"Ní’l aon niḋ air biṫ a ḃaineas le h-Éirinn náċ g-cuirim suim ann." Tá do ċorp imṫiġṫe ó n-ár measg aċt tá do spiorad linn.

Ċonnairc tu a Ḋuine-uasail rud naċ ḃfacaiḋ mórán daoine, agus ṫuig tu rud nár ṫuig siad-san. Ċonnairc tu go dtuitfeaḋ [ vi ]siór-náire air Éirinn dá leigfeaḋ sí d’á Gaeḋeilg féin fáġail báis. Ċonnairc tu naċ raiḃ na h-Éireannaiġ ag taḃairt aon aire do’n teanga a ḃí dá laḃairt ’nna measg ceud bliaḋain ó ṡoin ó Ṁáilionn go Sgibirín, agus ó Ċuan-na-mara go geataiḋ’ B’l’acliaṫ, agus ċuir tu róṁad do ḋíṫċioll do ḋeunaṁ ċum an tsean-ṫeanga, do ċongḃáil beó.

Ċum congnaṁ do ṫaḃairt do’n obair naoṁṫa so, d’iarr tu orm-sa Leaḃar Sgeulaiġeaċta do sgríoḃaḋ agus do ċur i g-cló. Rinne mé sin ċoṁ maiṫ agus d’ḟeud mé—Sgríoḃ mé síos cuid de na sean-sgeultaiḃ a ċualaiḋ mé féin ameasg na ndaoine, gan mórán–agus i n-áiteaċaiḃ gan focal air biṫ–d’aṫruġaḋ, agus má tá tusa sásta leis, ní ḃéiḋ aon aiṫreaċa orm-sa. Má ḃfáġaiḋ tusa spéis air biṫ i m-obair-se is leór dam mo ṫuarasdal.

Leig dam a Ḋuine-uasail ainm na h-Aondaċta Gaeḋeilge do ċeangailt le d’ainm-se annsan roiṁ-ráḋ so, anmanna na n-daoine-uasal sin a oifreálas go toilteannaċ, mar ṫu féin, a n-uain a n-obair agus a n-airgiod air son cúise na Gaeḋeilge. Fuair mé congnaṁ a ḃí ró riaċtanaċ dam ’om’ [ vii ]ċáirdiḃ Seáġan Pléimionn agus Tomás o Flannaoile, ag ceartuġaḋ an ċlóiḋ ḋam, agus ag taḃairt cóṁairle ḋam, agus adṁuiġim duit gur air éigin d'ḟeudfainn do ṫoil ḋeunaṁ agus an leaḃar beag so ṫaḃairt amaċ gan a g-congnaṁ-san.

Go mairiḋ tu beó a Ḋuine-uasail no go ḃfeicfiḋ tu teanga na h-Éireann faoi ṁeas fós—is é sin mo ġuiḋe.

Do ṡearḃḟóġanta biṫ-ḋíleas,

Dúḃġlas de h-Íde.