Mac-ghníomhartha Bhriain

Mac-ghníomhartha Bhriain  (1905) 
by Tomás Bán Ua Concheanainn
[page]

LEAḂAIRÍNÍ GAEḊILGE LE HAĠAIḊ AN tSLUAIĠ.—XX.



Mac-Ġníoṁarṫa

Ḃriain.


TOMÁS UA CONĊEANAINN

DO SGRÍOḂ.


Ar n-a ċur amaċ

do

ĊONNRAḊ NA GAEḊILGE

I mBaile Áṫa Cliaṫ.


1905.


[ 3 ]

MAC-ĠNÍOṀARṪA ḂRIAIN.



Tá sé beagnaċ míle bliaḋain anois ó ṫuit amaċ an sgéal a ḃfuil mé le tráċt air.

Ins an am sain ḃí ár gcuid riġṫe féin ⁊ ár ndliġṫe féin againn ins gaċ áit ⁊ cúinne d’Éirinn ⁊ an tÁrd-Rí ós ár gcionn go léir; aċt ḃí Éire faoi sgrios ⁊ léan mar ġeall ar náṁaid allṁuraċ a ṫáinig ag goid ⁊ ag fuadaċ i n-ár measg.

B’iad seo na Loċlannaiġ ṫáinig ṫar fairrge i loingis ṁóra. Ar dtús buḋ é a gcleaċtaḋ teaċt le goid ⁊ fuadaċ a ḋéanaṁ, ⁊ nuair ṫóigidís a ndóiṫin coirneaċa óir, d’imṫiġidis ar ais d’á dtír féin. Aċt ċonnaiceadar go mbuḋ tír ḃreaġ áluinn í Éire, ⁊ buḋ ṁian le cuid aca fuireaċt innti.

Ṫroideadar caṫanna móra le taoiseaċa ⁊ riġte na hÉireann, ⁊ is minic a fríoṫ an ceann is fearr orra. Amanna eile ḃíoḋ an ḃuaiḋ ag na Loċlannaiġ agus ṫóigidís seilḃ ar ṫaltaíḃ ⁊ ċuiridís dúin ⁊ bailte móra d’á ndéanaṁ. Ċuiridís fúṫa annsain díreaċ mar rinne na Sasanaiġ ó ṡoin, aċt aṁáin naċ ḃfuaireadar seilḃ ar Éirinn ar fad mar fuair Seaġán Buiḋe—mar ġeall Dia ḋúinn aon ógláċ aṁáin ḃí cuṁaċtaċ misneaṁail, ⁊ ṡáḃáil sé Éire ó ḋiaḃluiġeaċt na Loċlannaċ.

Ḃíodar san am so ag éirġe an-ċuṁaċtaċ, ⁊ ḃí an iomad bailte móra aca ann. Is iondaṁail go gcuiridís fúṫa i n-aice na fairrge ’sa gcaoi go dtiocfaḋ a gcuid soiṫeaċ isteaċ.

Ḃí Árd-rí na Loċlannaċ i n-a ċoṁnuiḋe i mBaile Áṫa Cliaṫ, agus ceannṗoirtí i bPortláirge, i gCill Ṁantáin, ⁊ i mórán áiteaċa eile.

Ċuireadar cíos ⁊ cáin ar na Gaeḋil. Ḋóiġeadar a gcuid tiġṫe ⁊ séipéil muna n-íocaidís an ċáin seo. Ṁilleadar na leaḃarṫa áluinne, an Sgríḃinn Diaḋa ⁊ na sgéalta óirḋearca ⁊ seanċas na hÉireann a sgríoḃ ollaṁain ⁊ daoine naoṁṫa.

Fear ḃí i n-a ċoṁnuiḋe ins an am sin, sgríoḃ sé mar so ar ṫíorántaċt ⁊ ar mailís na Loċlannaċ:

“Ní raiḃ sé do ċuṁaċta ag aon duine i nÉirinn bainne [ 4 ]a ċuid ba ná an oiread is uiḃeaċa aon ċirce aṁáin ṫaḃairt mar ḃronntanas nó mar ṁuinntireas do ṡean-ḟear ná do ḋuine boċt breoiḋte, aċt b’éigin dó iad a ċongḃáil do’n stíoḃard allṁuraċ. Siúd is naċ mbéaḋ ins an teaċ aċt aon ḃó ḃainne aṁáin, ní ḟéadfaiḋe í ċrúḋ do’n naoiḋeanán naċ mbéaḋ aċt aon oiḋċe aṁáin d’aois, ná do ḋuine ṫinn, aċt ċaiṫfiḋe iad a ċongḃáil le haġaiḋ fear bailiġṫe na cána ⁊ na saiġdiuirí allṁuraċa. Agus na fir óga buḋ oireaṁnaiġe, ċaiṫidís dul ar ḃord a gcuid loingis gan an oiread is feoirling páiḋe, ⁊ iad féin a ḃeaṫuġaḋ ’san am céadna ċoṁ ṁaiṫ is dá mbeidís ’san mbaile, agus ḃí cáin airgid le n-íoc ċoṁ maiṫ céadna.”

Seo í an ḟírinne ‘dtaoḃ tíorántaċt’ na Loclannaċ. Feicṫear ḋom-sa gur cosaṁail leis an bpionús céadna ḃíoḋ na daoine boċta ḟáġáil ó na tiġearnaíḃ talṁan tá sgaṫaṁ gearr aimsire ó ṡoin ann agus leis an tíorántaċt ċéadna tá siad ḟulaingt ó na Sasanaiġ anois féin ’san am atá i láṫair.

Ní ḟeicimíd an t-allṁuraċ ag teaċt ag bailiuġaḋ na cána, aċt tá sé ḋ’á ġoid uainn ins gaċ punnt tae ⁊ ónsa tobac a ċeannóċas sinn.

Aċt caiṫfimíd cosg ⁊ stopainn a ċur leis faoi ḋeireaḋ. Ná leigimís dóiḃ ḃeiṫ ag goid ár gcuid maoine ⁊ a ḃfuil againn níos fuide.

Tráċtfad anois ar aimsir na Loċlannaċ.

Ḃí treiḃ ṁór do na Gaeḋil an t-am sin ’san áit a dtugtar Conndae an Ċláir anois air. Ó Cinnéide ḃí mar rí orra. Ḃí mórán clann ṁac aige, ⁊, tar éis é d’ḟaġáil ḃáis, buḋ é an mac dar ḃ’ainm Maṫġaṁain fuair ḃeiṫ ’n-a ríġ.

Ṫroid Ó Cinnéide ⁊ gaċ duine d’á ṁuinntir a ṫáinig roiṁe go dian ⁊ go dána i n-aġaiḋ na Loċlannaċ. Ḃí Maṫġaṁain tuirseaċ ag troid. Duḃairt sé leis féin: “Ta na daoine seo socruiġṫe síos anois i n-ár measg. Ní aon ṁaiṫ ḋúinn ḃeiṫ ag troid leó. Is aṁlaiḋ ḋéanfas siad sinn a ṁarḃaḋ gaċ uile ḋuine againn, ⁊ b’ḟéidir go marḃóċaidís mé féin. Béiḋ mé síoṫċánta ⁊ muinntreaċ leó ⁊ leigfiḋ mé ḋóiḃ a gcuid cána ⁊ cíosa a ṫógaint, ⁊ nuair ḃeiḋmid muinntreaċ le n-a ċeile, iarrfaiḋ mé orra ḃeiṫ níos macánta ⁊ níos síḃialta leis na hÉireannaċa boċta.”

Ḃí sóġ breaġ ag Maṫġaṁain ’n-a ṗálás i gCeann Coraḋ tar éis an méid sin cainte leigean as. Ḃí sé ag éirġe ċum saiḋḃris ó lá go lá, mar ḃí na Loċlannaiġ ag cur [ 5 ]neart airgid ⁊ bronntanas ċuige le n-a ċongḃáil socair—a ḃéal a ḋúnaḋ.

Níor ṁisde leis na daoine boċta ḃeiṫ d’á gcnagaḋ ⁊ d’á sgrios níos mó ’ná mar ḃíodar ariaṁ roiṁe.

Ḃí go leor dearḃráiṫreaċa ag Maṫġaṁain. Ní ċainteóċaiḋ mé anois aċt ar aon duine aṁáin aca dár ḃ’ainm Brian.

’San am so ḃí sé an-óg. Ḃí éadaċ breaġ fáilḃe órḋa air mar ṁac gaċ uile ríoġ. Ní raiḃ cúram ḋó faoi ḃacaḋ le aon rud a ḋéanaṁ aċt ḃeiṫ ag iṫe ⁊ ag ól ⁊ ag déanaṁ grinn dó féin. Nuair a ṫáinig sé ċum aois fir, tugaḋ céad laoċ óga ḋó mar ċomrádaí le ḃeiṫ ag freastal air ⁊ ’n-a ċuideaċta. Nuair fuair sé na fir óga so ’n-a ṫimċeall aon lá aṁáin, b’éigin dóiḃ geallaṁaint a ḃeiṫ dílis dó i gcoṁnuiḋe. Ġlaoḋ sé annsain orra i n-éinḟeaċt, ⁊ d’imṫiġeadar leo amaċ as a bpálás i ḃfoċair a ċéile. Ċonnaic Maṫġaṁain iad ag imṫeaċt. Bí sleaġaċa ⁊ claiḋṁṫe aca.

“An ag fiaḋaċ atá tú ag dul, a Ḃriain, a ḋearḃráṫair mo ċroiḋe?”

“Is ag fiaḋaċ atámuid ag dul go deiṁin,” arsa Brian.

D’imṫiġeadar leo treasna na gcnoc ⁊ na ngleannta, na móinḟéar ⁊ na maċairí mín réiḋ, ⁊ níor fríoṫ sgéal ná tuairisg uaṫa go ceann tamaill ṁaiṫ.

Aon oiḋċe aṁáin ḃí féasta mór i gCeann Coraḋ. Ḃí Maṫġaṁain i n-a ṡuiḋe ag ceann an ḃuird ar ṡuiḋeaċán árd, ⁊ an ḃainríoġan ríoġaṁail le n-a ṫaoḃ. Ḃí cláirseóirí ⁊ píobairí ag imirt ceóil dóiḃ, ⁊ filí ag innseaċt ⁊ ag béal-aiṫris aṁrán ⁊ sgéalta. Sgéalta deasa greannṁara sultṁara ḃí aca, i gcruṫaṁnas go raiḃ an seomra mór millteaċ lán suas le fuaim an ġáire. Rinne solas láidir na teineaḋ ⁊ na dtrillseán an áit go han-tsoillseaċ ⁊ ḃíodar ag lonnraḋ ⁊ ag soillsiuġaḋ ar na coirneaċaiḃ óir ⁊ práis ⁊ ar na héadaiġiḃ breaġa galánta ḃí ar an gcuideaċta.

Buḋ é an rí féin an duine buḋ garrṫa bí ann, faoi n-a ċoċall uaiṫne ⁊ a ċlóca dearg anuas ar a ġuailniḃ ⁊ é breacuiġṫe mar ḃeaḋ ballaċ Muire le greanntaiġ óir. Ḃí bóna timċeall a ṁuinéil cumṫa i gcosaṁlaċt na gealaiġe bioraiġe ⁊ ċoṁ soillseaċ léi, ⁊ biorán brollaiġ cruinn déanta de’n ór ḃuiḋe mar ċnaipe ar a ċlóca. Buḋ é baraṁail na cuideaċtan naċ raiḃ aon rí os cionn Dáil Ċais fós ariaṁ ċoṁ maiṫ le Maṫġaṁain.

Ḃí doras an tseomra dúnta, mar ḃí an oiḋċe fuar. [ 6 ]Buaileaḋ buille láidir trom ar an doras ⁊ hiarraḋ orṫa é ḟosgailt.

Rinneadar sin agus ṫáinig ċuca isteaċ fear árd leigṫe sgolbánta faoi éadaċ giobaċ. Ní raiḃ giobal de na seaċt n-éadaiġ air. Ṫáinig a ġruaig ’n-a dréimriḃ móra fada anuas ar a leicniḃ, ⁊ sneaċta ⁊ fliċ-ḃáisteaċ ag sileaḋ asta. Ċuaiḋ sé síos i n-aice na teineaḋ an áit a raiḃ na giollaí ’n-a suiḋe, ⁊ níor cuireaḋ aon ṁúisiam air ná níor ṫug aon duine siúntas dó—mar ins an am sin ḃí sé do ċleaċtaḋ ag luċt siuḃail a ṫeaċt isteaċ mar sin i dtiġṫiḃ na n-uaisle ⁊ na ríġte am ar biṫ buḋ ṁian leo ⁊ d’ḟáġaidís a ndóiṫin le n-iṫe ⁊ le n-ól. Ní raiḃ aon doiċeall roiṁe an aistreánaċ an t-am sin, mar ḃí ċroiḋe mór fairsing leaṫan ag na Gaeḋil. Ní hionann sain ⁊ indiu, fairíor—le n-a gcuid Béarla mór. Tarraingeaḋ anall forumna i n-aice an ḃuird ⁊ rinneaḋ sliġe dó. Níor laḃair sé focal, aċt an méid bíḋ agus diġe a tugaḋ dó d’iṫ sé ⁊ d’ól sé é. Ḃí cú mór i n-aice an ríoġ—an ceann a b’ḟearr leis ar fad—⁊ nuair ṫáinig an fear siuḃail isteaċ, d’éiriġ sí i n-a seasaṁ ⁊ níor stad go ndeaċaiḋ ċoṁ fada leis an aistreánaċ ⁊ gur leag sí a ḋá cois tosaiġ ar a ġlúiniḃ.

“Tá i ḃfad níos mó críonnaċt’ ’san ċoin,” arsa an strainséara, “’ná mar tá i gcuid de na daoiniḃ, mar ní ċuireann na giobalaċa éadaiġ mo ḟuil ríoġaṁail i ḃfolaċ uirri.”

D’éiriġ an rí ’n-a ṡeasaṁ go tobann ⁊ ḃreaṫnuiġ sé cé has a dtáinig an glór. D’aiṫin sé an guṫ. Ḃí a ḟios aige go maiṫ gurab é Briain Ó Cinnéide, a ḋearḃráṫair féin, ḃí ann. Ṡeas Brian suas os a ċoṁair i n-a ċuid sean-ḃalcaisí, le go ḃfeicfidís go léir é. Ḃí na fir agus na mná uaisle ar fad ag dearcaḋ air, ⁊ iad ag gáiriḋe ⁊ ag cogarnaiġil le n-a ċéile ⁊ iongnaḋ a ḃfaca tú riaṁ orra. Ṫáinig fearg ar Ṁaṫġaṁain. D’éiriġ a ċuid leicne ċoṁ dearg le fuil ⁊ a ṁailí gruama, ⁊ duḃairt sé:

“Mo náire ṡaoġalta ṫú, a Ḃriain ṁic Ċinnéide! Tá tú ag taḃairt sgannal ⁊ easonóir do’n ċuideaċta mar ġeall ar do ṡean-ċiolcaisíḃ. Ní’l tú gléasta faoi ċoṁair na fleiḋe.”

I n-aġaiḋ gaċ seoid ḃí ar ċlóca an ríoġ, ḃí braon báistiġe ar ċlóca Ḃriain. Ḃí sé ċoṁ salaċ is dá mbeaḋ sé i n-a luiġe ar an talaṁ ⁊ a ċuid balcaisí ċoṁ tréigṫe is dá mbéidís faoi an ġréin le lá ⁊ bliaḋain.

“Raiḃ tú ag sealgaireaċt ar feaḋ na haimsire?” adeir an rí.

[ 7 ]“Ḃíos ag fiaḋaċ go cinnte,” arsa Brian.

“Cá ḃfuil na fir ṫréana calma de Ḋál Cais a ṫug mé ḋuit le ḃeiṫ mar ċuideaċta agat mar baḋ ċóir ⁊ baḋ ċeart do ṁac ríoġ?”

“D’ḟág mé,” adeir Brian, “cuid aca ag an gCreig Léiṫ, ⁊ cuid aca ar imioll-ḃorda na Forġusa, cuid eile aca i n-aice Ċoille Loċa Deirgḋeirc, ⁊ mórán eile imeasg carraigreaca na mBúrnán.”

“A Ḃriain mo ċroiḋe, cia’n t-am a dtiocfaiḋ siad ṫar n-ais ċugainn?”

“Tá mé ċoṁ cinnte is tá an ġrian ins an spéir naċ ḃfuil aon ḃaoġal orṫa teaċt ar n-ais go bráṫ, mar tá siad caillte go léir aċt ċúig ḟeara déag ⁊ mé féin.”

D’éiriġ na daoine ’n-a seasaṁ ⁊ ṫosuiġeadar ag caoineaḋ ⁊ ag caoi ⁊ ag géar-ġol mar ġeall ar ḃás a gcuid cloinne, ⁊ d’ḟiafruiġeadar ḋe cé an tímpisne d’éiriġ ḋóiḃ.

“Ná bígiḋ ag gol ná ag buaiḋreaḋ,” adeir Brian. “Ní raiḃ aon ṁac máṫar aca nár ṁarḃ cúigear nó níos mó de na Loċlannaiġ sul ċuadar féin go sliġe na fírinne. Baḋ ceart go sásóċaḋ sé sin siḃ. Ní girrḟiaḋċa ná coiníní ná madraí allta a ḃíomar a ḟiaḋaċ ó ṡoin aċt sluaġ na n-allṁuraċ. Níor ṫugamar sgíṫ ná suan dóiḃ d’oiḋċe ná de ló, ’san mbaile ná ins na coilltiḃ, aċt i gcoṁnuiḋe d’á dtreasgairt ⁊ d’á marḃaḋ. “Sílim,” arsa Brian, “le congnaṁ Dé, gur féidir linn iad a ḋíbirt amaċ as dúiṫċíḃ Ḋáil Ċais, ⁊ b’ḟéidir i n-a ḋiaiḋ sin amaċ as Éirinn ar fad.”

Suas leis na gaisgiḋiġ ḃí i láṫair i n-a seasaṁ ag blaiḋriuṁaċ ⁊ ag béiciuṁaċ ċoṁ árd is ḃí sé i n-a gceann, ⁊ ag taḃairt árd-ṁolaḋ do Ḃrian mar ġeall ar a ṫréineaċt, a ċróḋaċt ⁊ a ċalmaċt. Ċonnaic Maṫġaṁain go raiḃ níos mó measa ⁊ molaḋ ḋá ṫaḃairt do Ḃrian ’ná ḋó féin. Ċuir sé a ċuid feirge ⁊ a ċuid éada i dtaisge, pé sgéal é, ⁊ ṫosuiġ sé féin ag molaḋ Ḃriain mar an gcéadna.

“Seo obair ṁór atá déanta agat, a Ḃriain ó Ḃanba,” adeir an rí. “Luaċ saoṫair ar biṫ atá uait, beiṫiḋiġ nó talaṁ, cuaċa airgid agus óir, ġeoḃaiḋ tú iad agus fáilte, aċt ainm a ċur orṫa. Tóg do roġain.”

“Ní ṫeastuiġeann dada aca uaim. Fir ṫroda atá uaim,” arsa Brian calma. “Teastuiġeann an ċuid is tréine de na gaisgiḋiġ uaim le teaċt liom go gcuirimid deireaḋ ⁊ críoċ leis an gcaṫ a ṫosuiġeas.”

[ 8 ]Ċaiṫ na feara go léir uaṫa na meadair, agus i n-a n-áit fuaireadar a gcuid claiḋṁṫe ⁊ a gcuid sgiaṫ, ⁊ d’iarruiġeadar ar Ḃrian ḃeiṫ mar ṫaoiseaċ orṫa ⁊ iad a stiúraḋ ar ḃuaile an ċaṫa.

’Sé seo an ċaoi ar ṫosuiġ an caṫ mór i n-aġaiḋ na Loċlannaċ, ⁊ b’éigin do Ṁaṫġaṁain féin dul le n-a ṫreiḃ ⁊ le n-a ṁuinntir isteaċ i bpáirc an ḃuailte. Aċt ḃí Brian i gcoṁnuiḋe i dtosaċ nó i n-éadan an ċaṫa, ḋ’á stiúraḋ ⁊ ag taḃairt misniġ ḋóiḃ, ⁊ fá ḋeireaḋ, nuair cailleaḋ Maṫġaṁain, ’sé Brian ⁊ ní duine ar biṫ eile de Ċlainn Ċinnéide, a toġaḋ le iad a riaġluġaḋ.

Agus sin é an ċaoi a ḃfuair Brian ḃeiṫ ’n-a ríġ ar Éirinn.