Mise Raifteirí an File

Mise Raifteirí an File
by Antoine Raiftearaí

Mise Raifteirí an file,
Lán dóchas is grá,
Le súile gan solas,
Le ciúnas gan chrá.

‘Dul siar ar m’aistear
Le solas mo chroí
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlí.

Féach anois mé
Is mo chúl le balla,
Ag seinm ceoil
Do phócaí folmha.

This work was published before January 1, 1929, and is in the public domain worldwide because the author died at least 100 years ago.

Public domainPublic domainfalsefalse