Muintir Bhaile Átha Cliath/Grásta

Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Grásta
[ 190 ]

GRÁSTA[1]

RINNE beirt fhear uasal a bhí sa leithreas ag an am iarracht é a thógáil ón urlár: ach bhí sé gan mhothú. Bhí sé ina chnap ag bun an staighre a thit sé síos. D’éirigh leo a chasadh aghaidh in airde. Bhí a hata rollta cúpla slat uaidh agus bhí a chuid éadaí smeartha le brocamas is le bréantas an urláir a raibh sé ina luí air, a aghaidh le talamh. Bhí a shúile dúnta agus bhí cnead ina anáil. Shil sruth tanaí fola ó chorr a bhéil.

D’iompair an bheirt fhear uasal agus duine de fir beáir suas staighre é gur leagadar anuas ar urlár an bheáir. Faoi cheann dhá nóiméad bhí fáinne fear thart air. Cheistigh bainisteoir an tí óil cérbh é agus cé a bhí ina theannta. Ní raibh aithne ag duine ar bith air ach dúirt duine de na fir beáir gur dhíol rum beag leis.

“An raibh sé leis féin?” a d’fhiafraigh an bainisteoir.

“Ní raibh, a mháistir. Bhí beirt fhear uasal leis.”

“Agus cá bhfuilid?”

Ní raibh a fhios ag aon duine; dúirt duine éigin:

“Ligighi a anáil leis. Tá sé tite i laige.”

D’oscail an fháinne amach gur dhruid [ 191 ]le chéile arís mar a bheadh crios leaisteach inti. Chruinnigh pátrún dorcha fola gar do cheann an fhir i mbearnaí an urláir teasaláidigh. Chuir mílí an fhir alltacht ar an bhainisteoir, agus chuir seisean fios ar phóilín.

Scaoileadh a bhóna agus a charbhat. D’oscail sé a shúile ar feadh nóiméid, gur lig osna agus dhún arís iad. Bhí hata síoda a raibh ding ann i leathláimh ag duine de na fir uaisle a d’iompair suas staighre é. D’fhiafraigh an bainisteoir arís agus arís eile an raibh a fhios ag aon duine cérbh é an fear gortaithe nó cár imigh a chairde. D’oscail an doras agus tháinig póilín mór millteach isteach. An slua a lean síos an lána é, chruinníodar lasmuigh a ghliúcaíocht trí phainéil ghloine an dorais.

Ríomh an bainisteoir a raibh ar eolas aige láithreach bonn. D’éist an póilín. Ba fhear óg le haghaidh mhosach é. D’iompaigh a cheann go mall ó dheis go clé agus ón bhainisteoir don duine ar an urlár, mar a bheadh faitíos air go raibh rudaí á samhlú dhó. Ansin bhain a láimhín de, gur tharraing leabhrán óna bhásta, d'fhliuch a phionsail agus d’ullmhaigh é féin faoi choinne scríofa síos. Cheistigh de ghuth a raibh rian den amhrais air agus a raibh blas tuaithe air:

“Cé hé an fear?” Céard is ainm agus is seoladh dhó?

Ghearr fear óg i gculaith rothaíochta bealach dhó féin tríd an lucht féachana. Chaith é féin ar a ghlúine os comhair an fhir ghortaithe agus ghlaoigh ar uisce. Chuaigh an póilín ar a ghlúine freisin a chúnamh. Ghlan an fear óg an fhuil ó bhéal [ 192 ]an fhir ghortaithe agus ghlaoigh ansin ar bhraon branda. Ghlaoigh an póilín arís eile air i nglór údarásach gur tháinig fear beáir de shodar leis an ghloine. Cuireadh an branda siar scornach an fhir. I gceann cúpla soicind d’oscail sé a shúile agus d’fhéach timpeall air. D’fhéach ar an fháinne daoine agus ar teacht a thuisceana dhó, thug iarracht ar éirí ina sheasamh.

“Taoi ceart go leor anois?” a d’fhiafraigh an fear óg gléasta i bhfeistis rothaíochta.

“Dhera, níl caill orm,” a dúirt an fear gonta agus é ag iarraidh seasaimh suas.

Tugadh cúnamh dhó dul ar a chosa. Dúirt an bainisteoir rud éigin faoin ospidéal agus thug daoine áirithe den tslua féachadóirí a gcomhairle. Cuireadh an hata basctha síoda ar chloigeann an fhir. D’fhiafraigh an póilín:

“Cá bhfuilir i do chónaí?”

Thosaigh an fear ag cur fuinnimh ina chroiméal ach freagra níor thug. Rinne sé beag is fiú dá thimpiste. Níor dhada é, a dúirt: ní raibh inti ach timpiste bheag. Bhí sé ag mungailt a fhocal:

“Cá bhfuil cónaí ort?” a dúirt an póilín an athuair.

D’iarr an fear tacsaí. Agus an cheist sin á plé, tháinig fear uasal anonn ón taobh eile den bheár. Bhí sé ard lúfair gealchraicneach agus bhí cóta ultach buí á chaitheamh aige. Iar dteacht i láthair dó, dúirt de ghlór ard:

“Haló, Tom, a sheanbhuachaill! Céard is cor duit?”

“Dhera, ní dada é,” ar an fear.

Bhreathnaigh an núíosach ar an fheic bhocht os a chomhair gur dhírigh a shúile ar an phóilín agus dúirt: [ 193 ]“Tá sé ceart go leor, a chonstábla. Tionlacfad abhaile é.”

Chuir an póilín lámh ina chlogad agus d'fhreagair:

“Tá go maith, Mr Power!”

“Gabh i leith, Tom,” a dúirt Mr Power, ag breith ar láimh a charad dó. “Níl cnámh briste, an bhfuil? An bhfuil siúil agat?”

An fear óg sa chulaith rothaíochta, thacaigh le láimh eile an fhir agus d’fhág an slua an bealach dóibh.

“Cén chaoi a tharraingís an riocht seo ort féin?” a d’fhiafraigh Mr Power.

“Thit an fear uasal síos an staighre,” a dúirt an fear óg.

“’áim go mó’ faoi chomaoi’ aga’, a dhuine ua’a’,” ar an fear gortaithe.

“Fáilte romhat.”

“Beidh ‘eoch beag...”

“Ní bheidh anois, ní anois.”

D’fhág an triúr fear an teach óil, agus bhrúigh an slua trí na doirse amach gur phlód an lána. Thug an bainisteoir an póilín chuig an staighre a scrúdú láthair na timpiste. Is í an mheabhair a bhaineadar beirt as gur thuisligh an fear uasal. D’fhill na custaiméirí agus chrom fear beáir ar ghlanadh gach rian fola ón urlár.

Iar dteacht amach ar Shráid Grafton dóibh, lig Mr Power feadaíl ar charr cliathánach.[2] Dúirt an fear gortaithe arís eile chomh maith agus a tháinig dó:

“’áim go mó’ faoi chomaoi’ aga’, a dhuine uaha’.” Thá húil agam go gca’faimidh ar a chéi’e a’ís. Ker[n]a[n] is ai’m dhom.” [3] [ 194 ]An gheit agus an phian, a bhí ina tús, bhaineadar an mheisce dhe píosa.

“Tá fáilte romhat,” a dúirt an fear óg.

Chroitheadar lámh lena chéile. Ardaíodh Mr Kernan ar an charr. Agus Mr Power ag insint an tseolta don tiománaí, thug Mr Kernan a bhuíochas in iúl don fhear óg agus dúirt go raibh aiféala air nach mbeadh deoch acu le chéile.

“Am éigin eile,” ar an fear óg.

D’imigh an carr leis i dtreo Shráid Westmoreland. Leathuair tar éis a naoi an t-am ar chlog an Ballast Office agus an carr ag dul thairis. Bhuail gaoth ghéar iad ó bhéal na habhann anoir. Bhí Mr Kernan cuachta craptha isteach ar féin leis an fhuacht. D’fhiafraigh a chara dhe conas ar tharla an timpiste.

“Ní’m in acmhainn,” ar sé, “thá mo theanga ghontha.”

“Taispeáin dom.”

Luí an fear óg amach thar phortbhalla an chairr gur fhéach isteach béal Mr Kernan ach níor léir dó. Las cipín soilse agus thug foscadh dhó i gcuas a bhos gur ghlinnigh arís isteach sa bhéal a d’oscail Mr Kernan go géilliúil. Bhog an cipín anonn is anall le luascadh an chairr. Bhí na fiacla íochtaracha agus na gumaí clúdaithe le fuil théachta agus ba chosúil gur baineadh greim beag amach as earr na teangan. Mhúch an cipín.

“Tá drochbhail uirthi.”

“Dhera, tháim thogh,” a dúirt Mr Kernan, iar ndúnadh a bhéil dó gur chas cába brocach a chóta aníos thar a mhuineál. [ 195 ]Ba thaistealaí tráchtála den tseandéanamh a chreid i ndínit a ghairm é Mr Kernan. Níor fhacthas riamh sa chathair é gan a hata síoda agus loirgneáin mhaithe air. Chuir an dá bhall éadaí seo crot is críoch ar fhear, a deireadh sé. Lean sé stíl sean-nósach i gcónaí – chaitheadh cóta mór Blackwhite de stíl Napoleon. Mheabhródh a iompar agus a cháil Napóleon féin duit scaití. Comhlachta nua lena ndóigheanna nua gnó, níor ligeadar leis ach oifig bheag ar Shráid Crowe le h-ainm agus le seoladh a ghnólachta ar an fhuinneog – London, E.C. Ar mhatal na hoifige bige seo d’fheicfeá cathlán bhoicsíní stáin ar dhath na luaithe agus d’fheicfeá cheithre nó chúig bhabhla Shíneach ar an tábla a bhíodh leath-lán de leacht dubh de ghnáth. Bhlaiseadh Mr Kernan tae ó na cuacha seo. Bhaineadh súimín as ceann díobh, d’fhliuchadh a theanga leis agus chaitheach amach ar an ghráta é. Ansin stopadh do mheas an tae.

Bhí Mr Power i bhfad níos óige ná é. D’oibrigh in Oifig Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i gCaisleán Átha Cliath. De réir mar a chuaigh Mr Kernan le fána, d’éirigh seisean ina dhuine uasal. Roinnt de chairde Mr Kernan a raibh aithne acu air i mbarr a réime áfach, bhí meas acu air fós mar bhreac aisteach. Ba dhuine de na cairde sin é Mr Power. Bhí sé ina dhíol suime ag a aicme féin go raibh Mr Power i bhfiacha nár nocht sé an chúis leo riamh; ba bhuachaill báire é.

Rinne an carr fos os comhair tí big ar [ 196 ]Bhóthar Glas Naíon agus tugadh cabhair do Mr Kernan siúl isteach sa teach. Chuir a bhean a luí é agus shuigh Mr Power síos sa chistin a chur cainte ar na gasúir. D’fhiafraigh dhíobh cá rabhadar ar scoil agus cén leabhar a bhí á staidéar acu. Thuigeadar nach raibh smacht ag a n-athair orthu mar gheall ar an riocht ina raibh sé agus go raibh a máthair imithe as an tseomra – bhí cead a gcinn acu ar feadh scaithimh. Thosaíodar ag pleidhcíocht le Mr Power. Bhain a n-iompar agus a gcanúint siar as. Tar éis tamaill, tháinig Mrs Kernan isteach sa chistin go ndúirt:

“A leithéid d’fheic! Ó, maróidh sé é féin lá éigean agus sin bun agus barr é. Níor lig den ól ó Dé hAoine.”

Chuir Mr Power i gcion uirthi nárbh eisean faoi deara a tharla dhó, gur tháinig ar an láthair trí thimpiste agus trí thimpiste amháin. Ba chuimhin le Mrs Kernan go ndearna Mr Power idirghabháil stuama nuair a bhí achrann ar siúl sa bhaile. Chuimhnigh ar a liacht iasachtaí a thug. Ba iasachta beaga iad, ach bhíodar tráthúil. Dúirt:

“Ó, ní call sin a rá liom, Mr Power. Tá a fhios agam gur cara leis thú, murab ionann agus cuid eile lena mbíos sé. Táid togh a fhad is atá airgead ina phóca aigesean a choinneáil óna bheann agus óna chlann. Cairde deasa iadsan! Cé a bhí ina chuideachta anocht? Sin ba mhaith liomsa fáil amach.

Chroith Mr Power a cheann ach ní dúirt focal.

“Tá an-aiféala orm,” a lean sí, nach bhfuil aon cheo sa tigh a thabhairt duit. Ach má fhanair nóiméad, cuirfead ceann de na páistí chun tí Fogarty ag an chúinne.”

Sheas Mr Power suas. [ 197 ]“Bhíomar ag fanacht ar a theacht abhaile leis an airgead. Shílfeá nach bhfuil baile ar bith aige.”

“Ó, anois, Mrs Kernan, cuirfimid ar bhealach a leasa é. Labród le Martin. Sin an buachaill. Tiocfaimid anseo oíche éigean dá phlé.”

Thionlaic sí chuig an doras é. Bhí an tiománaí cairr ag spágáil suas síos an cosán agus é ag luascadh na lámh d’fhonn a théimh.

“Ba dheas duit a thabhairt abhaile,” ar sí.

“Ná habair é,” ar Mr Power.

Dhreap isteach sa charr. Chuir lámh ina a hata go haerach agus an carr ag imeacht leis.

“Déanfaimid fear nua dhe,” a dúirt sé. “Oíche mhaith, Mrs Kernan.”

_______________________________


Bhreathnaigh Mrs Kernan go mearbhlach ar an charr go raibh sé imithe as radhairc. Ansin d’fhill ar an tigh agus d’fholmhaigh pócaí a fir céile.

Ba bhean ghníomhach, tíosach scothaosta í. Rinne ceiliúradh ar chúig bliana fichead a pósta agus rinne ath-chumann lena fear le gairid – dhamhsaigh válsa leis agus Mr Power á dtionlacan. Ba ghalánta go leor léi Mr Kernan nuair a bhí sé ag suirí léi: agus ritheadh sí go doras an tséipéil am ar bith a fuair amach faoi bhainis agus, ar bhfeiceáil na lánúine dhi, chuimhnigh ar an lá a shiúl sí féin amach Séipéal Réalt na Mara [ 198 ]i nDumhach Thrá i mbaclainn fir soilbhir biata, a bhí gléasta go pointeáilte i gcasóg eireabaill agus i mbrístí labhandair agus a bhí hata síoda crochta go grástúil faoina láimh eile. Ba mhór an taitneamh an chuimhne dhi. I ndiaidh trí seachtaine, bhí braon de shaol na mná pósta agus níos déanaí, nuair a bhí sí nach mór curtha thar a fulaingt leis, d’éirigh ina máthair clainne. Níorbh fál go haer uirthi páirt na máthar agus rinne bainisteoireacht chríonna tí ar feadh chúig bliana fichid dá fear. Cuireadh críoch ar a beirt mhac tosacha. Bhí duine dhíobh ag obair i siopa éadaitheora i nGlaschu agus ba chléireach ag cheannaitheoir tae i mBéal Feirste an mac eile. Ba mhic mhaithe iad beirt. Scríobhadar chuici go minic agus uaireanta sheoladar airgead anall. Bhí na gasúir eile fós ar scoil.

Sheol Mr Kernan litir chuig a oifig agus d’fhan ina luí. Réitigh sise súram mairtfheola dhó agus thug leadhbairt mhaith dá teanga dhó. D’fhulaing a phótaireacht mhinic go foighneach mar a d’fhulaing an bháisteach nó an ghaoth, thug chun bisigh é nuair a bhí sé breoite agus rinne a dícheall chur bricfeasta ann. Bhí fir chéile níos measa ná é sa tsaol. Níor bhuail sé riamh í ó d’fhás na buachaillí suas agus thuig sí go siúlfadh sé go barr Shráid Thomáis agus ar ais arís chun oiread is margadh beag a dhéanamh.

Tháinig a chairde ar chuairt oíche chuige dhá lá ina dhiaidh sin. Thug sí suas chun a sheomra iad. Bhí boladh a cholainne ann. Thug sí cathaoireacha cois na tine dhóibh. Chuir Mr Kernan guaim ar a theanga, ar chuir pian nimhneach inti ar uairibh, chuir cantal air i rith an lae. Shuí sé suas sa leaba i [ 199 ]gcoinne na n-adhairteanna. Ba chosúil le cnámhóga leathbheo é an dearg ar éigean ar a phluca ramhra. Ghabh sé a leithscéal lena chairde faoi anord an tseomra, ach thug súil orthu a raibh blas an uabhair inti mar sin féin. Ba é uabhar an tseanfhondúra é.

Ní raibh tuairim dá laghad aige go raibh uisce faoi thalamh i dteacht a chairde. Do nocht Mr Cunnigham, Mr M’Coy agus Mr Power[4] an chomhcheilg do Mrs Kernan sa pharlús. Ba é Mr Power a smaoinigh ar an rún ach ligeadh do Mr Cunningham barr feabhais a chur air. Ba de shliocht Protastúnach Mr Kernan agus, cé gur tiontaíodh chun an Chreidimh Caitlicigh é ag am a phósta, ní raibh faoi thearmann na hEaglaise le fiche bliain anuas. Lena chois sin, bhí sé de nós aige ligean chorrfhocal fonóide faoin Chaitliceachas.

Ba é Mr Cunningham an fear ceart agus cuí do chás mar seo. Bhí sé níos sine ná Mr Power. Ní raibh gach rud sona sa bhaile aige féin. Bhí an-trua ag daoine air mar bhí a fhios acu gur phós sé bean gan náire a bhí báite san ólachán. Chuaigh sé i gceann tí léi sé huaire; agus chuir sise an troscán i ngeall gach aon uair.

Bhí meas ag gach aon duine ar Martin Cunningham bocht. Ba fhear stuama é amach is amach. Fear ceannasach éirimiúil. Bhí a thuiscint ar an duine daonna ina ghliceas aige fearacht lainne ar cuireadh faobhar uirthi le fad-thaithí chásanna cúirteanna agus a chuaigh i gcruacht le tumtha gairide in uiscí na fealsúnachta ginearálta. Bhí cur amach maith aige. Ghéill a chairde dá thuairimí agus [ 200 ]mheasadar go raibh sé cosúil le Shakespeare san aghaidh.

Ar bhfoilsiú an rúin di, dúirt Mrs Kernan:

“Fágaim fútsa ar fad, Mr Cunningham.”

Tar éis cheathrú céid de shaol an phósta ba bheag seachrán a bhí uirthi fós. Ba ionann agus cleachtadh léi an Creideamh agus níor dhóigh léi go n-athródh duine d’aois a fir mórán roimh a bhás. Ba bheag a bhéarfadh uirthi ceapadh go raibh díoltas ait ina thimpiste agus, murach nár mhaith léi go gceapaidís go raibh an faltanas inti, déarfadh leo nár dochar do theanga Mr Kernan gur giorraíodh í. Mar sin féin, ba fhear cumasach é Mr Cunningham; ba chreideamh é creideamh. B’fhéidir go ndéanfadh an beart maitheas éigean agus, ar a laghad ar bith, ní raibh dochar ann. Níor chuaigh sí thar fóir lena creideamh. Chreid go daingean sa Chroí Ró-Naofa mar ábhar deabhóide ba mhó fónaimh agus ghlac leis na sacraimintí. Ba iad fraitheacha a cistine teorann a creidimh ach, dá dtagtaí an crú ar an tairne, bheadh sé d’acmhainn aici creideamh sa bhean sí agus sa Spiorad Naoimh in aoinfheacht.

Thosaigh na fir uaisle ag caint faoin timpiste. Dúirt Mr Cunningham gur tháinig ar chás cosúil leis tráth. Bhain fear deich mbliana is trí fichead píosa dá theanga d’alp le linn thaom titimis agus d’fhas an teanga arís go nach raibh rian den chiorrú fágtha.

“Sea, níl mise in aois mo dheich mbliana is trí fichead,” ar an t-othar.

“Nár lige Dia é,” ar Mr Cunningham.

“Níl pian inti anois?” a d’fhiosraigh Mr M’Coy. [ 201 ]Ba theanór é Mr M’Coy a raibh cáil áirithe air tráth dá shaol. Ba Shoprán í a bhean. Thug sí ceachtanna pianó do pháistí ar tháille íseal anois. Níorbh an bealach is giorra idir dhá cheann é a shlí bheatha, agus b’éigean dó dul i gceann staidéir féachaint conas maireachtáil ar feadh tréimhsí gairide. Bhí sé ina chléireach le Midland Railway, ina strucálaí fógraíochta do The Irish Times agus The Freeman’s Journal, ina thaistealaí tráchtála ar íocaíocht choimisiúin le comhlacht guail, ina ghníomhaire fiosraithe príobháidigh, ina chléireach in oifig an Sub-Sheriff agus fostaíodh é ina rúnaí ag an City Coroner le gairid. Bhí spéis ghairmiúil aige i gcás Mr Kernan mar gheall ar a phost nua.

“Pian? Ní chuireann sí isteach orm go mór anois,” a d’fhreagair Mr Kernan.

“Ach a leithead de mhúisc a chuireas orm. Tá fonn cuir amach orm.”

“Sin an t-ól,” ar Mr Cunningham go teann.”

“Ní hé,” a dúirt Mr Kernan. “Sílim gur tholgas slaghdán sa charr. Bíonn rud éigean ag teacht aníos i mo scornach, réama nó - ”

“Múcas,” a dúirt Mr M’Coy

“Tá sé ag teacht ó bhun mo scornach i gcónaí; cuireann samhnas orm.”

“Sea, sea,” ar Mr M’Coy, “sin an tóracs.”

Bhreathnaigh sé ar Mr Cunningham agus ar Mr Power araon agus gotha dúshlánach air. Sméid Mr Cunningham a cheann go beoga agus dúirt Mr Power:

“Á, muise, molaimis a dheireadh.” [ 202 ]“Táim go mór faoi chomaoin agat, a sheanchomrádaí,” ar an t-othar.

Scuab Mr Power lámh tríd an aer.

“An bheirt eile a bhí i mo chuideachta -”

“Cé a bhí leat?” a d’fhiafraigh Mr Cunningham.

“Diúlach. Ní cuimhin liom a ainm. Damnú air mar scéal anois, céard is ainm dó? Diúlach beag fionn...”

“Agus cé eile?”

“Harford.”

“Há,” a dúirt Mr Cunningham.

D'fhanadh daoine ina dtost pé uair a déarfadh Mr Cunningham sin. Bhí a fhios acu go raibh foinsí rúnda eolais aige. Sa chás seo bhí éirim morálta leis an leathfhocal. Théadh Mr Harford in aoinfheacht le baicle bheag a d’fhágadh an chathair go gairid iar nóin a theacht ar theach óil ar bith ar bhruacha na cathrach ina nglacfaí leo mar fhíor-thaistealaithe. Ach níor scaoil a chomh-thaistealaithe a dhúchas tharstu riamh. Thosaigh sé amach sa tsaol mar airgeadaí a ligeadh suimeanna beaga airgid ar gaimbín d’oibrithe. Níos déanaí chuaigh i gcomhar le fear uasal beag an-ramhar, Mr Goldberg, sa Liffey Loan Bank. Cé nár chuaigh thar an teagasc eitice leis an chreideamh Giúdach riamh, dúirt a chomh-Chaitlicigh faoi, nuair a thoibhigh seisean airgead orthu féin ná ar chara nó ar ghaol leo, dúradar gur Ghiúdach Éireannach é agus [ 203 ]nach raibh léamh ná scríobh aige agus mheasadar gur dhíoltas Dé a óinmhid de mhac. Ar uairibh eile chuimhníodar ar a shuáilcí.

“Ní fheadar cár imigh sé,” a dúirt Mr Kernan.

Ba mhian leis smúit a choinneáil ar shonraí na heachtra. Ba mhaith leis go gceapadh a chairde go raibh earráid éigean ann, nár chas seisean agus Mr Harford ar a chéile sa deireadh. D’fhan a chairde ina dtost, óir bhí aithne mhaith acu ar dhúil Mr Harford san ól. Dúirt Mr Power arís:

“Molaimis a dheireadh.”

Tharraing Mr Kernan athrach scéil air láithreach.

Sin fear lách, diúlach an leighis,” ar sé. “Murach eisean -”

Ó, murach eisean,” a dúirt Mr Power, “seans go mbeadh breith seacht lá i gceist, gan cead dul saor ar fhíneáil.”

“Sea, sea,” ar Mr Kernan agus é ag streachailt lena chuimhne. “Is cuimhin liom anois go raibh póilín ann. Stócach cóir, shílfeá. Cén chaoi ar tharla sé ar chur ar bith?”

“Tharla go rabhais caoch ar meisce, Tom,” a dúirt Mr Cunningham go tromchúiseach.

“Níl séanadh air,” a dúirt Mr Kernan go chomh tromchúiseach céanna.

“Is dóigh liom gur réitís é leis an phóilín, Jack,” a dúirt Mr M’Coy.

Níor thaitin úsáid a ainm baiste le Mr Power. Ní raibh sé ceartaiseach, ach mhair an chuimhne aige i gcónaí ar chrosáid Mr M’Coy chun fháil mhálaí taistil agus portmantaí [ 204 ]do Mrs M’Coy a chur ar a cumas freastal ar a coinní bréagacha faoin tuath. Ghoill sé air ní amháin gur chuaigh sé chun tosaigh air, ach gur tháir an cleas é. D’fhreagair an cheist mar sin, faoi mar go mba é Mr Kernan a chuir í.

Chuir an comhrá olc ar Mr Kernan. Níor lig sé a dhúchas iasachta i ndearmad, theastaigh uaidh cur faoi sa chathair ar théarmaí nár ísligh é féin, ná a chomh-shaoránaigh ach oiread agus níor fhulaing tarcaisne dá laghad uathu siúd ar chuir sé dundarláin na tuaithe orthu.

“An le haghaidh seo a íocaimid cáin?” a cheistigh sé. “Le haghaidh na mbastún cábógach seo a bheathú agus a ghléasadh... agus sin a bhfuil iontu.”

Rinne Mr Cunningham gáire. Ba oifigeach an Chaisleáin eisean le linn a uaireanta oibre agus le linn na n-uaireanta sin amháin.

“Conas a bheadh a mhalairt iontu, Tom?” ar sé.

Chuir glór na tuaithe air féin go ndúirt go húdarásach:

“65, beir ar do chabáiste!”

Rinne gach aon duine gáire. Lig Mr M’Coy, a bhí ag iarraidh dul taobh istigh den chomhrá ar ais nó ar éigin, lig air féin nár chuala an scéal riamh.

“Is éard atá ar siúl – nó sin a deirtear, an bhfuil ‘fhios agat – sa bheairic. Tagann leaideanna móra anásta na tuaithe, amadáin, ‘bhfuil ‘fhios agat, a dhruileáil. Cuireann an sáirsint ina seasamh i gcoinne an bhalla iad agus a bplátaí in airde acusan. [ 205 ]D’eachtraigh an scéal le geáitsí móra.

“Ag am dinnéir, an dtuigir. Bíonn babhla ábhalmhór cabáiste ar an tábla roimhe le spúnóig mhór mhillteach mar shluasaid. Tógann scaob mhór cabáiste ar an spúnóig go gcaitheann trasna an tseomra agus ní mór do na hainniseoirí rugadh uirthi ar a bpláta: 65, beir ar do chabáiste.”

Rinne gach duine gáire arís eile: ach bhí pas beag oilc ar Mr Kernan fós. Labhair sé faoi litir a scríobh chun na bpáipéar.

“Tagann na bodaigh seo aniar anseo,” ar sé, “measaid go bhfuil cead barrastóireachta acu ar dhaoine. Ní gá a rá leat, Martin, an cleas daoine atá iontu.”

D’aontaigh Mr Cunningham leis ar choinníoll.

“Dála gach ruda eile sa tsaol seo,” ar sé. “Bíonn roinnt droch-cheann agus roinnt ceann maith ann.”

“Ó, cinnte, tá cuid díobh go maith, admhaím é,” ar Mr Kernan agus suaimhneas curtha ann.

“Is binn béal ina thost leo,” a dúirt Mr M’Coy. “Sin é mo bharúil!”

Tháinig Mrs Kernan sa tseomra agus, ar leagadh tráidire ar an tábla dhi, dúirt:

“Tarraingí oraibh, a fheara uaisle.”

Sheas Mr Power suas a dháileadh na mbuidéal agus a thairgeadh a chathaoireach dhi. Níor ghlac sí léi, ag rá dhi go raibh iarnáil le déanamh aici thíos staighre agus, iar sméideadh a cinn le Mr Cunningham di ar chúl cheann Mr Power, thug aghaidh ar an doras. Ghlaoigh a fear céile ina diaidh:

“Agus nach bhfuil aon rud agat domsa, a stóir?” [ 206 ]“Ó, cúl mo láimhe dhuitse!” a dúirt Mrs Kernan go géar.

Ghlaoigh a fear ina diaidh:

“Dada don fhear céile big boicht!”

Chuir seisean strainc chomh háiféiseach air féin agus labhair de ghlór chomh meacanach gur lean gáire agus spraoi de dháileadh na mbuidéal.

D’ól na fir uaisle dá ngloinní, leagadar a ngloiní ar an bhord arís agus thost an comhrá. Ansin thug Mr Cunningham aghaidh chomhrá ar Mr Power agus d'fhiafraigh go neamhchúiseach dhe:

“Oíche Déardaoin a dúrais, Jack.”

“Déardaoin, ‘sea,” ar Mr Power.

“Ceart go leor!” ar Mr Cunningham ar an toirt.

“Tig linn teacht le chéile i dtigh McAuley,” a dúirt Mr M’Coy. “Sin an áit ba chaoithiúla.”

“Ach dul ann in am,” a dúirt Mr Power agus é dáiríre, “mar is cinnte go mbeidh sé dubh le daoine.”

“D’fhéadfaimis bualadh le chéile ag leathuair tar éis a seacht,” ar Mr M’Coy.

“Tá go maith!” ar Mr Cunningham.

“Leathuair i ndiaidh a seacht i dtigh McAuley mar sin!”

Lean tost gairid de sin. D’fhan Mr Kernan ar fhios rún a chairde. Ansin cheistigh:

“Céard atá ar siúl?”

“Ó, faic,” ar Mr Cunningham. “Níl ann ach rud beag atá á eagrú againn don Déardaoin seo chugainn.”

“An ceoldráma, an é?” ar Mr Kernan. [ 207 ]“Ní hé, ní hé,” a dúirt Mr Cunningham de ghlór seachantach, “níl i gceist ach scéal beag... spioradálta.”

“Ó,” ar Mr Kernan.

Tháinig tost eile ar an tseomra.

“Chun na fírinne a rá leat, Tom, táimid ag dul ar chúrsa spioradálta.”

“Sé, sin é,” a dúirt Mr Cunningham, “Mise agus Jack agus M’Coy anseo, gabhfaimid a íoc na téiléireachta ar son ar n-anama.

Labhair an meafar le fuinneamh éigin teanntásach agus, iar bhfáil misnigh ina ghlór féin, lean air:

“Is í an chaoi ina bhfuil sé, tá sé chomh maith againn uile admháil gur scata dearg-rógairí sinn, gach aon dínn. Gach aon dínn, a deirim,” a chuir sé go dorrga muinteartha mar aguisín gur thug a aghaidh ar Mr Power. “Admhaigh é anois!”

“Ní shéanaim é,” ar Mr Power.

“Agus admhaímse é,” ar Mr M’Coy.

“Mar gheall air sin, tá sé beartaithe againn an téiléireacht a íoc le chéile,” a dúirt Mr Cunningham.

Shílfeá gur bhuail smaoineamh é. Thug aghaidh ar an othar agus dúirt:

“An bhfeadraís dom, Tom, céard a thit i m’intinn anois beag? Dá dtagtá in éineacht linn beadh cor ceathrair againn.”

“Maith an smaoineamh,” a dúirt Mr Power. “An ceathrar dínn le chéile.”

Níor lig Mr Kernan focal as. Ba bheag draíocht ag an chuireadh air ach, mar ba léir dó go raibh fórsaí spioradálta ar tí chur suime ann, mheas gurbh oircheas dó a chaoinfhulaingt ar son a dhínite. Níor ghlac páirt sa chomhrá ar feadh tréimhse fada [ 208 ]ach chuir cluas éisteachta air féin go ciúin naimhdeach, fad is a bhí a chairde ag plé na nÍosánach.

“Ní holc liom na hÍosánaigh,” a dúirt, ag cur a ladair sa chomhrá faoi dheireadh dhó. “Is ord oilte iad. Measaim go bhfuil dea-intinn acu freisin.”

“An t-ord is uaisle san Eaglais, Tom,” a dúirt Mr Cunningham le fiuchadh foinn. “Seasann Ginearál na nÍosánach taobh leis an Phápa.”

“Níl aon agó faoi,” a dúirt Mr M’Coy, “má theastaíonn uait go ndéanfar rud i gceart agus gan chúinsí, iarair ar Íosánach é. Sin iad na boic a bhfuil cumhacht acu. Tabharfad sampla dhuit...”

“Dream maith fear na hÍosánaigh,” a dúirt Mr Power.

“Díol suime,” a dúirt Mr Cunningham, “faoin Ord Íosánach. Gach aon ord eile den Eaglais, b’éigean a leasú ar uair amháin nó ar uair eile ach níor leasaíodh an t-Ord Íosánach riamh. Níor imigh sé ón bhealach cheart riamh.”

“An mar sin é?” a d’fhiosraigh Mr M’Coy.

“Sé,” ar Mr Cunningham. “Sin stair daoibh.”

“Féachaí a n-eaglais, chomh maith,” a dúirt Mr Power. “Féachaí an pobal acu.”

“Freastalaíd na hÍosánaigh ar an uasaicme,” a dúirt Mr M’Coy.

“Freastalaíonn, cinnte,” ar Mr Power.

“Sé,” ar Mr Kernan, “Sin an fáth a bhfuil bá agam leo. Ní hionann is roinnt den ghnáthchléir,[5] na sagairt mhaolaigeantacha thuathánacha -” [ 209 ]“Fir mhaithe iad uile,” a dúirt Mr Cunningham, “gach aon fhear ina dhóigh féin. Tá meas ar chléir na hÉireann ar fud an domhain.”

“Tá, cinnte,” ar Mr Power.

“Ní hionann is cuid den tsagartacht ar an Mhór-roinn,” a dúirt Mr M’Coy, “nach fiú a n-ainm í.”

“B’fhéidir go bhfuil an ceart agat,” ar Kernan, ag géilleadh dhó.

“Cinnte tá an ceart agam,” ar Mr Cunningham. “nílim ar an tsaol seo a fhad seo ama is an chuid is mó taobhanna dhe feicthe agam, gan léargas a fháil ar nádúr daoine.”

D’ól na fir uaisle arís, gach duine ag aithris ar a chéile. Shílfeá go raibh Mr Kernan ag cur an scéil trí chéile ina intinn. Chuaigh sé i cion air. Bhí an-mheas aige ar Mr Cunningham mar mheastóir duine agus mar léitheoir dreach. D’iarr sonraí an chúrsa.

“Ó, níl ann ach cúrsa spioradálta, an bhfuil a fhios agat,” ar Mr Cunningham. “An tAthair Purdon[6] atá ag freastal air. Cúrsa d’fhir gnó, an bhfuil ‘fhios agat.”

“Ní bheidh sé ró-dhian orainn, Tom,” a dúirt Mr Power go háititheach.

“Father Purdon? Father Purdon?” a cheistigh an t-othair.

“Ó, ní mó ná tá aithne agat air, Tom,” a dúirt Mr Cunningham go teanntásach. “Fear breá aerach! Fear dár nós féin, fear a thuigeas an saol.”

“Á, ... sea. Sílim go bhfuil aithne agam air. Sách dearg-ghnúiseach; ard.”

“Sin an fear.” [ 210 ]“Agus abair liom, Martin... An seanmóirí maith é?”

“M'ainm... Ní seanmóir a bheas ann go baileach, ‘bhfuil fhios agat. Níl i gceist ach caint mhuinteartha ‘bhfuil ‘fhios agat, ar stíl chiallmhar.”

Chuaigh Mr Kernan ar a mharana. Dúirt Mr M’Coy:

“An t-Athair Tom Burke, ba é sin an buachaill!”

“Ó, Father Tom Burke,” ar Mr Cunningham, “ba fhíor-óráidí eisean. Ar chualais riamh, Tom?”

“Ar chualas!” a dúirt an t-othar go círíneach. “Is mise a chuala! Cinnte...”

“Agus deir daoine nár dhiagaire maith é,” a dúirt Mr Cunningham.

“An mar sin é?” a dúirt Mr M’Coy.

“Ó, ar ndóigh, ní hé nach raibh sé de mhianach ann, ‘bhfuil ‘fhios agat. Ach scaití, a deirid, níor ghabh seanmóir dar thug sé go hiomlán leis an ortadacs – níor ghabh leis an cheartchreideamh ó thús go deireadh.

“Á!... ba thogh fir é,” a dúirt Mr M’Coy.

“Chualas é uair amháin,” a lean Mr Kernan. “Ní chuimhin liom ábhar a hóráide anois. Bhí mise agus Crofton ar chúl an... loig, an bhfuil a fhios agat... sa - ”

“Sa mheánlann,” ar Mr Cunningham.

“’Sé, sa cheann thiar den tséipéul, gar don doras. Ní mé anois céard faoi a bhí sé... ó, ‘sé, faoin Phápa, faoin iar-Phápa. Dar m’uacht bhí sí ar fheabhas, a chuid óráidíochta. Agus a ghlór! Dar Dia! Nach aigesean a bhí glór. Cime na Vatacáine, a chuir sé air. Is cuimhin liom go ndúirt Crofton liom iar n-imeacht dhúinn -” [ 211 ]“Ach is Fear Buí é Crofton, nach é?” ar Mr Power.

“’Sé, cinnte,” ar Mr Kernan, “agus Fear Buí den scoth, leis. Chuamar i dteach Butler ar Shráid Moore – m’anam, chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm, chun na fírinne Dé a rá – agus cuimhním go díreach mar a chan sé é. Kernan, a dúirt sé, adhraimid ag altóirí difriúla, ar sé, ach táimid ar aon chreideamh amháin. Focal céillí, dar liom.”

“Is mór de bhrí sin,” ar Mr Power. “Bhíodh na sluaite Protastúnach ag an Aifreann nuair ba Father Tom a bhíodh á cheiliúradh.”

“Níl mórán eadrainn,” a dúirt Mr M’Coy.

“Creidimid araon sa -”

Thomhais sé a chuid cainte ar feadh nóiméid.

“Sa tSlánaitheoir. Ach amháin nach gcreididsean sa Phápa ná i Máthair Dé.”

“Ach, ar ndóigh,” a dúirt Mr Cunningham go ciúin is go cliste, “ár reiligiún, is é an t-aon reiligiún amháin é, an bunchreideamh ársa.

“Níl dabht ar bith faoina thaobh,” ar Mr Kernan go cairdiúil.

Thaibhsigh Mrs Kernan i ndoras an tseomra codlata a fhógairt:

“Seo cuairteoir chugaibh!”

“Cé hé?”

“Mr Fogarty.”

“Ó, tar isteach! Tar isteach!”

Tháinig aghaidh bhán ar chruth uibhe faoin tsolas. An cuar ar a croiméal geal fada, bhí ar aon dul le cuar na malaí geala a bhí ardaithe os cionn na súl le hiontas is le háthas. Grósaeir beag ab é Mr Fogarty. Theip ar a theach óil [ 212 ]sa chathaoir mar b’éigean dó cloí le driogairí agus le grúdairí den dara grád mar gheal ar laghad a mhaoine. D’oscail sé siopa beag ar Bhóthar Ghlas Naíon le súil go dtarraingeodh a dhea-bhéas fabhar na mban tí. Bhí maorgacht áirithe faoin dóigh a d’iompar sé é féin. Mhol sé gasúir óga agus d'fhuaimnigh a chuid focal go soiléir galánta.

Tháinig le bronntanas – leathphionta uisce beatha faoi leith. Bheannaigh Mr Kernan, leag a fhéirín ar an tábla gur shuigh síos i measc na bhfear ar chomhchéim leo. Bhí Mr Kernan buíoch den tabhartas, go háirithe ó chuimhnigh go raibh íoc beag earraí ag Mr Fogarty air. Dúirt:

“Nár laga Dia thú, a sheanchomrádaí. Oscail sin, Jack, le do thoil.”

Thug Mr Powar cúram an óstaigh ar féin arís. Glanadh gloiní agus dáileadh chúig fhuisce bheag amach. Chuir an tionchar nua seo beocht sa chomhrá. Bhí suim ar leith ag Mr Fogarty ann, a shuí ar phaiste bheag dá chathaoir.

“An Pápa Leo XIII,” a dúirt Mr Cunningham, “bhí sé ar dhuine de shoilsitheoirí na haoise. An smaoineamh mór a bhí aige, an bhfuil a fhios agaibh, aontú na hEaglaise Laidine agus na hEaglaise Gréagaí.[7] Ba é sin aidhm agus cuspóir a shaoil.”

“Chualas go minic go raibh sé ar dhuine de na fir ba éirimiúla san Eoraip,” a dúirt Mr Power. “Is é sin, le cois a bheith ina Phápa dhó.”

“Bhí, leis,” ar Mr Cunningham, “mura raibh [ 213 ]ar an duine ba éirimiúla ar fad. Ba é a mhana, an bhfuil ‘fhios agat, mar Phápa, Lux ar Lux – Solas ar Sholus.”

“Arú, níorbh é, a dúirt Mr Fogarty le beocht. Sílim go bhfuil dul amú ort ansin. Lux in Tenebris, measaim, Solas sa Dorchadas, a bhí ann.”

“Ó ‘sé,” a dúirt Mr M’Coy, ‘Tenebrae.’

“I gcead daoibh,” ar Mr Cunningham go húdarásach, “Lux ar Lux ab é. Agus Pius IX, an Pápa a chuaigh roimhe, ba é a mhana Crux ar Crux – is é sin, Cros ar Chrois – rud a léiríos an difríocht idir an dá phontaifeacht.”[8]

“Glacadh leis an tátal. Choinnigh Mr Cunningham air.

“File agus fear léinn ab ea an Pápa Leo, ‘bhfuil ‘fhios agaibh.”

“Is snoite daingean an aghaidh a bhí air,” ar Mr Kernan.

“Sea, a dúirt Mr Cunningham. “Scríobh sé filíocht as Laidin.”

“An mar sin é?” a dúirt Mr Fogarty.

Bhlais Mr M’Coy a uisce beatha go sona sásta agus chroith a cheann ar dhá chúis, go ndúirt:

“Ní bréag ná magadh sin, féadaim rá libh.”

“Níor fhoghlaimíomar sin, Tom,” a dúirt Mr Power, ag leanúint sampla Mr M’Coy dó, “agus sinn ar scoil an phingin-sa-tseachtain dúinn.”[9]

“Is iomaí fear maith a chuaigh ar scoil phingin-sa-tseachtain agus fód móna ina bhaclainn aige,” ar Mr Kernan go ceartaiseach. “An seanchóras an córas ab fhearr: gnáth-oideachas ionraic. Gan gliogairnéis na linne seo.”

“An ceart ar fad agat,” ar Mr Power.

“Ní raibh barraíocht ar bith ag baint leis,” a dúirt Mr Fogarty. [ 214 ]Luí sé ar gach siolla den fhocal agus ansin d’ól go sollúnta.

“Is cuimhním liom léamh,” a dúirt Mr Cunningham, “gur faoi aireagán an ghrianghraif é ceann de dhánta an Phápa Leo – as Laidin, ar ndóigh.”

“Faoin ghrianghraf!” ar Mr Kernan agus iontas ina ghlór.

“’Sé,” ar Mr Cunningham.

D’ól seisean óna ghloine chomh maith.

“Más ea, muise,” a dúirt Mr M’Coy, “nach iontach an grianghraf nuair a smaoinímid air?”

“Ó, gan dabht,” a dúirt Mr Power, “tá léargas glinn ag smaointeoirí móra.”

“Mar a deir an file: tá an intleacht mhóir agus an mearadh ag bordáil ar a chéile,”[10] a dúirt Mr Fogarty.

Chuaigh Mr Kernan ar a mharana, shílfeá. Chuardaigh a chuimhne ar an teagasc Protastúnach ar chúpla pointe íogair agus sa deireadh thug aghaidh ceiste ar Mr Cunningham.

“Inis dom, Martin,” ar sé. “An fíor nach raibh roinnt de na pápaí – ní an fear atá againn anois ná an fear a tháinig roimhe, ach roinnt de na pápaí – go hiomlán... an bhfuil ‘fhios agat... sách inniúil?”

Thit an seomra faoi chiúnas. Dúirt Mr Cunningham:

“Ó, ar ndóigh, bhí corr-scraiste ina measc... Ach is díol iontais seo. Oiread agus duine amháin orthu, pé dhíobh an meisceoir ba bháite san ólachán, ná an... bligeard ba mheasa, níor thug focal bréagach teagaisc ex cathedra. Anois nach iontas sin?”

“’Sé, go deimhin,” ar Mr Kernan.

“’Sé, mar nuair a labhraíos an Pápa [ 215 ]ex cathedra,” a mhínigh Mr Fogarty, “bíonn gan locht.”[11]

“Bíonn,” a dúirt Mr Cunningham.”

“Ó, tuigim go mbíonn an ceart ag an Phápa i gcónaí. Is cuimhin liom go rabhas níos óige ansin... nó an é sin é - ?

Chuir Mr Fogarty isteach ar an chaint. Thóg an bhuidéal gur dháil tuilleadh fuisce ar na fir. Iar dtabhairt faoi deara do Mr M’Coy nach raibh dóthain fuisce ann, d’áitigh nach raibh a chéad-deoch críochnaithe aige. Ghlac na fir eile lena eiteach faoi dheireadh. Rinne an t-uisce beatha ceol bog ag titim sna gloiní dó. Ba thaitneamhach an eadarlúid í.

“Céard a bhí á rá agat, Tom?” a d’fhiafraigh Mr M’Coy

“Do-earráid an Phápa,” a dúirt Mr Cunningham, “is é sin an dráma ba mhó i stair na hEaglaise ar fad.”

“Conas sin, Martin?” a cheistigh Mr Power.

D’ardaigh Mr Cunningham dhá mhéar san aer.

“I gcoláiste naofa, ‘bhfuil ‘fhios agat, na gcairdinéal agus na n-ardeaspag agus na n-easpag, bhí beirt fhear a sheas an fód ina aghaidh agus gach uile dhuine eile ag tabhairt lán a dtacaíochta dhó. Bhí an Comhthionól trí chéile ar aon ghuth seachas an bheirt seo. Arú! Ní ghlacfaidís leis!”

“Ha!” ar Mr M’Coy.

“Agus an bheirt siúd, Gearmánach darb ainm Dolling... nó Dowling ... nó -”

“Níor Ghearmánach Dowling,[12] agus tig leat bheith suite dhe sin,” a dúirt Mr Power de gháire.

Well, an Cairdinéal mór Gearmánach seo, pé ar bith ainm dó, ba dhuine dhíobh é; agus ba é an duine eile, John MacHale.” [ 216 ]“Céard?” ar Mr Kernan le hiontas. Ar John as Tuaim é?”[13]

“An bhfuilir cinnte de sin anois?” a cheistigh Mr Fogarty go hamhrasach. “Cheapas gurbh Iodálach nó Meiriceánach éigin é.”

“John as Tuaim,” a dúirt Mr Cunningham, “an fear a bhí ann.”

D’ól sé agus rinne na fir uaisle eile amhlaidh. Ansin labhair arís:

“Bhíodar uile ansin, idir chairdinéil agus eapaig agus ardeaspaig as gach ceard den domhain, agus an bheirt seo in árach is in achrann leo nó gur sheas an Pápa féin suas sa deireadh thiar thall agus d’fhógair nach féidir dogma na hEaglaise ex cathedra a lochtú. I láthair na huaire sin John MacHale, a bhí glan ina aghaidh an smaoinimh go nuige sin, sheas sé suas gur lig búir leoin: ‘Credo!'”

“Creidim!” ar Mr Fogarty.

Credo!” ar Mr Cunningham. “Léiríonn sin a chreideamh. Ghéill a thúisce is a labhair an Pápa.

“Agus céard faoi Dowling?” a cheistigh Mr M’Coy.

“Ní ghéillfeadh an cairdinéal Gearmánach. Thug a dhroim don eaglais.”

D’fhág focail Mr Cunningham íomhá ollmhór maorga den eaglais i meoin a lucht éisteachta. Chuir a ghlór toll grágach faoi dhraíocht iad agus é ag aiceannú na bhfocal creidimh agus géillte. Ag teacht sa tseomra do Mrs Kernan agus í ag triomú a lámh, fuair sí tost sollúnta [ 217 ]roimpi. Níor chuir sí isteach ar an chiúnas, ach chrom thar an ráille ag cos na leapan.

“Chonaiceas John MacHale tráth,” a dúirt Mr Kernan, “agus ní dhéanfad dearmad air a fhad a mhairfead.”

Thug aghaidh dearbhaithe ar a bhean.

“Dúras sin go minic leat?”

Chlaon sí a ceann dá dhearbhú.

“Ba ag nochtadh dhealbh Shior John Gray é. Bhí Edmund Dwyer Gray ag caint, ag gaotaireacht leis, agus seo mo dhuine aosta seo, seanbhuachaill cantalach, ag cur na súl tríd faoina mhalaí móra giobacha.”

Chuir Mr Kernan roic ina mallaí, gur thug a cheann faoi agus thug súil fhiata ar a bhean ar nós tairbh fraochta.

“A Dhia!” ar sé go bríomhar, iar dteacht chuici féin dá dhreach, “níor fhacas a leithéid de shúil i gceann fir riamh. B’ionann é is rá: aithním an chleasaíocht bheag atá agat, a mhic ó. Bhí súil seabhaic aige.

“Ní raibh aon mhaith i nduine ar bith de chlann na Grays riamh,”[14] a dúirt Mr Power.

Thit an seomra faoi thost arís. Thug Mr Power aghaidh cainte ar Mrs Kernan agus dúirt go meidhreach tobann:

Well, Mrs Kernan, táimid ag dul a dhéanamh Caitlicigh maith cráifigh naofa de d’fhear anseo.”

Comharthaigh go fial ar an chomhluadar le scuabadh dá láimh timpeall orthu.

“Táimid go léir ag dul ar chúrsa spioradálta a dhéanamh faoistine – agus ag Dia atá a fhios an gátar atá orainn.”

“Ní miste liom,” a dúirt Kernan le meangadh a bhí pas beag faiteach. [ 218 ]Ba chríonna le Mrs Kernan cheilt a sásaimh. Mar sin, is é a dúirt:

“Mo ghraidhin an sagart a chaithfeas éisteacht le do scéal.”

Tháinig athrú ar dhreach Mr Kernan.

“Mura maith leis é,” ar sé go borb, “tig leis... an rud eile a dhéanamh. Inseod mo scéal beag ainnise, sin an méad. Ní drochdhuine amach is amach mé -”

Rinne Mr Cunningham eadráin ar an toirt.

“Diúltóimid uile don diabhal,” a dúirt sé, “ar aon, gan dearmad ar a oibreacha is a ealaín.”

“Bí ar siúl, a Shátain!” a dúirt Mr Fogarty de gháire is ag spléachadh ar na fir eile.

Ní dúirt Mr Power faic. Chonaictheas dó go raibh sé go hiomlán sáraithe i gceannasaíocht. Ach rith léas sásaimh trasna a aghaidhe.

“Níl le déanamh againn,” a dúirt Mr Cunningham, “ach seasamh suas le coinneal lasta inár nglaic againn agus tabhairt arís ar ár móideanna baiste.

“Ó, ná dearmad an coinneal, Tom,” a dúirt Mr M’Coy, “pé rud eile a dhéanfair.”

“Céard?” ar Mr Kernan. “An mbeidh call agam le coinneal?”

“Ó beidh,” ar Mr Cunningham.

“Arú, damnú air ar fad mar scéal,” a dúirt Mr Kernan go goilliúnach. “Ní rachad chomh fada le sin. Déanfad an dualgas, ceart go leor. Déanfad an cúrsa creidimh seo agus an faoistin, agus... an gnó sin ar fad. Ach... cosc ar choinnle! Damnú air, ní ghlacfad le coinnle!

Chroith a cheann le tromchúis ghreannmhar.

“Éistí sin!” ar a bhean. [ 219 ]“Crosaim na coinnle,” ar Mr Kernan agus é ag croitheadh a chinn anonn is anall. Thuig gur tharraing a agóid aird a chomhluadair. “ Crosaim ealaín na laindéar draíochta.”[15]

Rinne gach aon duine gáire.

“Sin Caitliceach deas daoibh!” ar a bhean.

“Coinneal ar bith!” a dúirt Mr Kernan arís go ceanndána. “Ní ghlacfad leo!”

____________________________________


Bhí croslann an tSéipéil Íosánaigh nach mór lán; agus fós féin tháinig fir uaisle isteach ón doras taoibh agus, ar treoir an bhráthar tuata, théaltaíodar suas na taobhranna gur fuaireadar áit suite. Bhí na fir go léir gléasta go maith agus dea-iomprach. Lonraigh solas lampaí an tséipéil ar éadaí dubha agus ar bhónaí bána an tslua. Ba éagsúlacht ar éigean an corr-chulaith bhréidín, na colúin marmair dúghlais bric agus na pictiúir dhuairce dhólásacha. Bhí na fir uaisle ina suí sna binsí, a mbrístí tarraingthe aníos beagán tharr a nglúine acu agus a hataí curtha ar chóir shábháilte. Bhíodar ina suí i bhfad siar sa tséipéal agus stánadar go nósúil ar bhallóg bheag bhídeach an tsolais deirg ar crochadh os cionn na haltóra airde i bhfad uathu.

Ar cheann de na binnsí bhí Mr Cunningham agus Mr Kernan ina suí. Bhí Mr M’Coy ina aonar laistiar díobh: agus bhí Mr Power agus Mr Fogarty ar an bhinse taobh thiar de sin. Thriall Mr M’Coy áit a aimsiú ar bhinse na bhfear eile ach bhí sé fánach air. [ 220 ]Nuair a shocraigh na fir síos i bhfoirm cúigín,[16] chaith sé cúpla focal grinn. Níor thaitin sin leo, agus d’éirigh sé as. Go fiú amháin eisean, chuaigh an t-atmaisféar cuibhiúil i bhfeidhm air agus d'athraigh sé a iompar mar gheall ar an tionchar reiligiúnach. Le cogar, tharraing Mr Cunningham aird Mr Kernan ar Mr Harford, an t-iasachtóir airgid, a bhí ina shuí píosa maith uathu, agus ar Mr Fanning, gníomhaire clárúcháin agus déantóir mhaor na cathrach,[17] a bhí ina shuí díreach laistiar den phuilpid in aice le duine de chomhairleoirí nua an bhaird. Ar dheis bhí Michael Grimes, úinéir trí shiopa geallbhróicéara, agus nia Dan Hogan, a raibh an post in oifig an Chléireach Baile i ndán dó. Níos sia rompu bhí Mr Hendrick, príomh-thuairisceoir an Freeman’s Journal, agus O’Carroll bocht, seanchara Mr Kernan, a bhí ina bhoc mór trádála tráth. De réir mar a d’aithin Mr Kernan aghaidheanna, chuaigh chun a shuaimhnis. Bhí a hata ar a ghluine aige, ar dheisigh a bhean é dhó. Uair nó dhó tharraing muinchille anuas le leathláimh agus choinnigh greim éadrom ach daingean ar dhuilleoig a hata leis an láimh eile.

Thaibhsigh fear toirtiúil i suirplís bán ag dreapadh isteach sa phuilpid dó agus saothar air. Ag an am chéanna chorraigh an slua, tharraing ciarsúir póca amach agus chuaigh go cáiréiseach ar a nglúine orthu. Rinne Mr Kernan amhlaidh. [ 221 ]Bhí an sagart ina sheasamh anois sa phuilpid i gcéin uathu. Bhí dhá thrian dá thoirt le feiceáil os cionn na balastráide agus aghaidh mhór mhillteach dhearg mar bharr uirthi. Sléachtann Father Purdon go dtugann a aghaidh ar an spota beag solais deirg agus, ar gclúdach a aghaidh lena lámha dó, cromann ar phaidir. Tar éis tamaill, nochtann a aghaidh arís agus éiríonn ina sheasamh. Seasann an pobal freisin agus socraíonn síos arís ar na binsí. Leag Mr Kernan a hata ar ghlúine arís agus thug aghaidh éisteachta ar an tseanmóirí. Crapann an seanmóir na muinchillí leathana dá shuirplís siar le gluaiseacht mhór geáitsíochta, ceann ar cheann, go scrúdaíonn aghaidheanna an phobail go mall. Ansin deir:

“Óir is glice clann an tsaoil seo ná clann an tsolais ina gcineál féin. Agus a deirimse libh, Déanaí cairde dhíbh féin lé saibhreas na héagóra; ionas an tráth a éagfaidh sibh [sic], go nglacfaidh siad sibh ina lóistíní síoraí.”[18]

Rinne an t-Athair Purdon forbairt ar an téacs i nglór mór muiníneach. Tá sé ar cheann de na téacsanna is deacra sna scrioptúir trí chéile, ar sé, i dtaobh léimh cirt a dhéanamh air. B’fhéidir go ndéarfadh duine leis féin go bhfuil an teagasc ann ag dul in aghaidh na hard-mhoráltachta a theagascas Íosa in áiteanna eile sa Tiomna Nua. Ach, a dúirt sé lena lucht éisteachta, feileann an téacs go mór do theagasc daoine a bhfuil sé de chrann orthu iomair sa tsaol duthain seo ach nach mian leo bheith gafa sa tsaoltacht mar sin féin. Is téacs é a oireas d’fhir gnó agus d’fhir gairme. Íosa-Chríost, a thuigeas [ 222 ]gach uile ghné de nádúr an duine, tuigeann sé nach bhfuil saol reiligiúnach i ndán do gach aon fhear. Is éigin d’fhormhór na ndaoine maireachtáil sa tsaol saolta agus, ar bhealach, faoi cheannas an tsaoil-se siúd. Agus leag Sé amach focal comhairle dhóibh leis an fhocal seo, a dhéanas eiseamláir ar an tsaol diaganta de na hadhraitheoirí Mammon seo ar lú cráifeachta iad ná fear ar bith eile.

Dúirt sé lena lucht éisteachta nach raibh cúis mhór scáfar lena chaint, ach go raibh ann mar fhear saolta a labhairt lena chomhchréatúir. A labhairt le fir gnó a bhí sé, agus labhródh leo ar dhóigh phraiticiúil an fhir gnó. Ba eisean a gcuntasóir spioradálta a dúirt sé, má ghabhaidís leis an mheafar, agus ba mhaith leis go n-osclódh gach aon dá luch éisteachta a leabhair – leabhair a shaol spioradálta, féachaint ar réitíodar lena choinsias.

Ní saoiste dian Íosa-Chríost. Tuigeann ár lochtanna beaga, tuigeann laigí síol Ádhaimh boicht, tuigeann cathaithe an tsaoil seo. B’fhéidir go raibh cathú orainn ó am go ham, bhí orainn uile. B’fhéidir go ngéilleamar don chathú anois is arís, ghéilleamar uile. Ach ní iarrfadh sé ar a lucht éisteachta ach aon rud amháin. Agus is é seo é: bheith díreach agus fearúil le Dia. Má tá na cuntais ag teacht go hiomlán le chéile, a rá:

Well, dheimhníos na cuntais. Tá gach aon rud ina cheart iontu.”

Ach, mura réitíonn go hiomlán, mar [ 223 ]a d’fhéadfadh tarlú, ní mór ionracas, admháil na fírinne, agus rá mar fhear:

“Sea, scrúdaíos mo chuntais. Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil seo agus sin mícheart. Ach, le grásta Dé, cuirfead seo agus sin ina cheart. Leigheasfad mo chuid cuntas.

Gluais edit

  1. Grace an teideal Anglaise ar an scéal. Tá cialla éagsúla ag baint leis an fhocal. Is é an phríomhchiall leis, an chiall dhiagachta. Is é sin, suáilce Dé. Leanann sé de sin gur suáilce na trócaire é, mar shampla trócaire Dé ar pheacaigh. Mar sin, i gcúrsaí gnó, má thugtar grace do dhuine atá i bhfiacha, ciallaíonn sé go bhfaigheann seisean aischairde. Tá brí eile ag baint leis an fhocal grace – suáilce na galántachta. Ní léirítear suáilce ar bith sa scéal, ach a malairt ghlan.
  2. carr cliathánach: ‘outsider’ a chuireas Joyce air. Tacsaí dhá rotha gan díon a bhfuil droim na suíochán lena chéile. Sa dóigh sin, tá aghaidh na bpaisinéirí le ‘outside’ i. leis an taobh amuigh (foinse: gluais eagrán Wordsworth Classics den leabhar)
  3. Kernan is ainm dom: Mac Thighearnáin (tighearna + -án)
  4. Mr Cunnigham, Mr M’Coy agus Mr Power: Messrs Mac Coinneagáin, Mac Aodha agus De Paor. Is é is dóichí gur roghnaigh Joyce na sloinnte seo mar imeartas focail as Anglais (cunning, coy agus power) agus nach bhfuil brí ar leith lena leaganacha Gaeilice.
  5. Gnáthcléir: is é sin, na sagairt nach mbaineann le hord manachúil
  6. Purdon: sloinne Angla-Albanach. Ó Fhraincis na Normannach - ‘prudhomme’ (preux/prode + homme i. Réiteoir aighneas ceirde). Bhí sráid darbh ainm Purdon Street in Áth Cliath nuair a scríobhadh an gearrscéal seo, agus bhí cáil uirthi mar ionad meirdreachais.
  7. aontú na hEaglaise Laidine agus ... Gréagaí: mhol an Pápa Leo XIII iarrachtaí athmhuintearais a dhéanamh leis na heaglaisí Críostaí eile agus chothaigh sé caidreamh taidhleoireachta leo.
  8. Lux ar Lux...Tenebrae: Raiméis. An Fógartach amháin a dúirt go beacht é: Lux in Tenebris. Is leathfhocal as Eoin 1:5 é. Deir an sagart sliocht as leabhar Eoin san Aifreann as Laidin. Díol suime, foilsíodh scigdhráma darb ainm Lux in Tenebris le Bertold Brecht timpeall 1919. Ó thaobh Tenebrae de, tá deasghnáth creidimh le linn Sheachtain na Páise tógtha in ainriocht Eoin 1:5 ag an Aodhach. Seo véarsaí 1-5 as Eoin 1:
    (aistriúchán Laidine Biblia Sacra juxta Vulgate 1887): (aistriúchán Ghaeilge Uilliam Uí Domhnuill den Tiomna Nua 1602):
    1. In principio erat Verbum, et Verbum erat apud Deum, et Deus erat Verbum. In sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí an Bhriathar i bhfochair Dé, agus dob é Día an Bhríathar.
    2. Hoc erat in principio apud Deum. Do bhí seo ar tús i bhfochair Dé.
    3. Omnia per ipsum facta sunt, et sine ipso factum est nihil quod factum est. Leisean atáid na huile nithe déanta; agus gan é níl aon ní déanta, dá ndearnadh.
    4. In ipso vita erat, et vita erat lux hominum. Ann san do bhí beatha; agus dob í an bheatha solas na ndaoine.
    5. Et lux in tenebris lucet, et tenebræ eam non comprehenderunt Agus shoilsighidh an solas sin in sa dorchadas; agus níor ghabh an dorchadas chuige é
  9. scoil phingin-sa-tseachtain: Bunscoil poiblí sa Ríocht Aontaithe. Rith an Bhanríon Victoria reacht i 1880 a rinne oideachas ina riachtanas dlí do ghasúir idir 5 bliana agus 10 mbliana d’aois, idir chailíní agus bhuachaillí. Chuir an reacht seo an céad-bhunoideachas poiblí ar siúl ar fud na Ríochta Aontaithe, ina d’íoc an Stáit as na táillí, cé is moite de phingin in aghaidh na seachtaine. An méad sin féin, níor gearradh ar na boicht é. Chomh maith le scoileanna bardais nua a cuireadh ar bun, íocadh as scoileanna a rith oird creidimh ar nós scoileanna na mBráithre Críostaí. Tugadh leasainmneacha éagsúla ar na bunscoileanna seo: British school, ragged school agus, ar ndóigh, penny-a-week school
  10. an intleacht mhóir agus an mearadh ... : ‘Great wits are sure to madness near allied, (And thin partitions do their bounds divide)- John Dryden (1631-1700) Absalom and Achitophel, cuid 1. línte 163-164.’
  11. ex cathedra... gan locht: ex cathedra- ón chathaoir. Is é sin, nuair a thugas an Pápa teagasc Críostaí (is comhartha teagaisc í cathaoir an teagascóra). Agus é ag labhairt ex cathedra, bíonn an Pápa gan locht. Papel Infallibility is ea an Anglais ar sin. Rinneadh reacht Do-earráidé an Phápa i 1870.
  12. Níor Ghearmánach Dowling: Johann von Döllinger (1799-1890) a bhí i gceist ag Cunningham, ní foláir. Ba Ghearmánach eisean. Chuir sé in aghaidh fhoirceadal Do-earráid an Phápa agus díbríodh ón eaglais é. Níor chairdinéal é, mar atá tugtha le fios ag Mr Cunningham, ach sagart Caitliceach agus ansin diagaire ag Ollscoil Munich.
  13. John Mac Hale: (1791-1881), Ardeaspag Tuama. Is fíor gur fhreastal sé ar an Chéad-chomhairle Vatacánach sa Chathair Naofa i 1869 agus gur chuir i gcoinne dogma Do-earráide an Phápa. A thúisce is a vótáil móramh na nEaspag i bhfabhar an dogma i 1870 agus a d’fhógair an Pápa féin ina reacht é, thug seisean a lán-thacaíocht don dogma freisin. Is cosúil nach raibh sé fós i láthair na céad-chomhairle Vatacánaí nuair a tharla sin áfach.
  14. Ní raibh aon mhaith i [...] na Grays riamh: Ba le Sir John Gray an nuachtán Freeman’s Journal ó 1841 i leith. D’éirigh an nuachtán níos náisiúnaí faoi anáil Gray. Chuaigh a mhac Edmund Dwyer Gray i gcomharba ar an nuachtán ansin. Chuir an Freeman, faoi stiúir chlann Gray, i gcoinne an pholaiteora Charles Steward Parnell, gur ghnóthaigh seisean gnaoi an phobail. Ansin thaobhaigh an Freeman leis freisin. Thacaigh leis go fiú nuair a bhris an scannal amach faoi chaidreamh adhaltrach Pharnell le Katherine O'Sea. D’athraigh a chóta arís áfach iar n-éirí an mhóraimh i gcoinne Parnell agus iar dteacht chun cinn páipéir nua frith-Pharnell, an National Press (tá trácht mhór ar Pharnell sa scéal Lá an Eidhneáin i Seomra an Chiste).
  15. ealaín na laindéar draíochta: Chuir roinnt cáinteoirí i leith fíoracha na Maighdine Muire ar Chnoc Mhuire i 1879 gur cur i gcéill a bhí iontu a rinneadh le teilgeoir pictiúr.
  16. foirm cúigín: fear amháin i lár an chomhluadair agus ceathrar fir eile timpeall air i bhfíor croise.
  17. déantóir mhaor na cathrach: feitheoir ar na toghcháin maoir
  18. Óir is glice clann an tsaoil seo ná clann an tsolais: Leabhar Lucais, caibidil 16, véarsaí 8-9 (aistriúchán Uilliam Uí Domhnaill). Tá sé tugtha go míchruinn ag an Athair Purdon: deir seisean “ionas an tráth a éagfaidh sibh”. Is é atá scríofa sa Bhíobla, “ionas an tráth bheas uireasa oraibh”. Is leor línte 1-11 a léamh chun an chomhthéacs ar fad a thuiscint.
   This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

 

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:
 
  
This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.