Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/19

This page has not been proofread.
9
Ḋá Ġé.

“An ḃfuil an dá ġé ann?” ar sisi.

“Ní’l,” ar seisean, “aċ aon ġé aṁáin.”

Ḋún sí a súile, agus do leig sí uirṫi ḃeiṫ marḃ. D’imṫiġ seisean agus ṫug sé leis a h-aṫair agus a máṫair. Do rugaḋ aḃaile an corp, mar ’ḋ eaḋ. Ṫáinig na cóṁarsain ċun an tórraiṁ. Amaċ san oiḋċe ṫáinig an fear ós cionn an ċuirp ag gol, mar ’ḋ eaḋ. Ṫug sé cogar di.

“Eiriġ as san,” ar seisean, “agus bíoḋ ciall agat!”

“An ḃfuil an dá ġé ann?” ar sisi.

“Níl,” ar seisean, “aċ aon ġé aṁáin.”

D’ḟan sí mar a raiḃ aici. Ġluais an tsoċraid ar maidin. Do tánaṫas ċun na roilge. Ḃí an uaiġ ar leaṫaḋ. Do léiġ an sagart na paidreaċa. Do cuireaḋ an ċóṁra síos san uaiġ. Do caiṫeaḋ sluasad cré anuas ar an gcóṁrainn. Do sgread an ḃean.—“A Ṫaiḋg! a Ṫaiḋg!” ar sisi, “leig amaċ as so mé! Ní’l ann aċ aon ġé aṁáin nó ḋá ġé, pé ’cu is maiṫ leat-sa!” Do riṫ na daoine as an roilig. D’osgail an fear an ċóṁra. Ṫog sé aníos an ḃean agus í leaṫ-ṁúċta. Ċuir sí cúpla fanntais di. Ṫáinig sí ċuici féin. Ṫugadar aġaiḋ ar an mbaile. Ba ġearr go ḃfeacadar ar an bpáirc ċéadna an dá ġé ċéadna.

“Féaċ, a Ṫaiḋg!” ar sisi, “aċ is cuma liom. Ó deirir-se ná fuil ann aċ aon ġé aṁáin, deirim-se ná fuil ann aċ aon ġé aṁáin.”