Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/21

This page has not been proofread.
11
Cad a Ċam Srón Fírín?

Firín ar an lic ar aġaiḋ na teine amaċ. Ḃí Méiḃ ag cur ’s ag cúiteaṁ ’n-a h-aigne féaċaint conus a ṫosnóċaḋ sí an t-aiġneas. Fé ḋeireaḋ d’ḟéaċ sí ar ṡróin an ṁaidirín, agus ṫug sí fé ndeara go raiḃ an tsrón cam.

"A Ṁurainn!” ar sisi.

"Teaċt, a Ṁeiḃ,” arsa Murainn.

"Cad a ċam srón Firín?” arsa Méib.

D’ḟéaċ Murainn ar an sróin. “Ní caime anois a ṡrón ’ná mar a ḃí sí aon lá riaṁ aige,” ar sisi.

"Deirim-se go dtugais d’éiṫeaċ!” arsa Méiḃ.

"Deirim-se go dtugais-se t’éiṫeaċ!” arsa Murainn, "agus tú is fearr ċuige!"

Siúd i gcoċall a ċéile iad, ag sgreadaiġ, agus Firín ag aṁstaraiġ. Ṫáinig bean isteaċ. Ġaiḃ sí páirt le duine acu. Ṫáinig bean eile isteaċ. Ġaiḃ sí páirt leis an mnaoi eile. Ḃailiġ na cóṁarsain go léir isteaċ. Gaċ duine, fé mar a ṫagaḋ, ġaḃaḋ sé páirt le duine éigin de’n ḃeirt. Ba ġearr go raiḃ an baile go léir ráiḋte sa ċoíṁsgar; leṫ na ndaoine ar ṫaoḃ Ṁurainn, agus an leaṫ eile ar ṫaoḃ Ṁéiḃín. Tar éis roinnt aimsire ḃí an ṗaróiste go léir ráiḋte sa ḃruiġin. Do lean an coíṁsgar. Ní ṫagaḋ aonaċ ná margaḋ gan an dá ṫaoḃ ann ag eirġe ċun a ċéile, ag marḃaḋ a ċéile. Annsan, nuair ḟiafraiġeaḋ duine iasaċta éigin cad fé ndeár an ḃruiġean, “Cad a ċam srón Firín” a tugtí mar ḟreagra air.