Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/27

This page has not been proofread.
17
Sliaḃ na mBan ḃFionn

laige—ċuireadar i n-aice na teine í; agus pé doċ- túireaċt a ḋein an ḃean aḃrais uirṫi níor ḃ’ḟada go dtáinig sí ċuici féin. Do ṫáinig sí ċuici féin i dtreó gur eiriġ sí aniar ar a caḃail. D’ól sí deoċ ó’n mnaoi aḃrais, agus d’iṫ sí roinnt bíḋ uaiṫi, aċ níor laḃair sí focal amaċ as a béal. Do laḃair an ḃean aḃrais léi go minic an ḟaid a ḃí sí ag taḃairt an ḃíḋ di, aċ níor tugaḋ aon ḟreagra uirṫi. Nuair a ḃí sí tagaiṫe ċuici féin ar fad, agus a h-anál aici d’a ḟáġail go breaġ bog, duḃairt an ḃean aḃrais léi mar seo: “Sín anois go fóil, a n’ín ó, ar an leabaiḋ, agus tiocfaiḋ do neart duit.” Do ṡín.

Ansan duḃairt duine de’n ṁórṡeisear leis an mnaoi aḃrais:

“A ḃean an ḃréidín, má’s bréidín seo ar siuḃal
agat,
Cíoram é, slámam é; aċ is fearr-de sinn cong-
naṁ ḟáġail.”


10.—SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

V.

Le n-a linn sin do rug sí ar ċuid de’n olann, agus ḋíriġ sí ar an olann do ċíoraḋ agus do ṡlámaḋ. Le linn an ḟocail a ráḋ ḋi, “Is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail,” d’ḟéaċ sí ar ṁnaoi eile de’n ṁórṡeisear.