Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/54

This page has not been proofread.
44
Trí Leaṫṗinní.

78. Cé’r ḃ’é an céad duine a laḃair airís? 79. Cad duḃairt sé? 80. An raiḃ caṫuġaḋ air i ndiaiḋ a ṫrí leaṫṗinní? 81. Ar ḋóiġ le duine go raiḃ sé creaċta ar fad? 82. Ar ċníopaire é? 83. Ar ṁaiṫ leis a ċuid airgid ḃeiṫ caiṫte agus gan pioc dá ḃarr aige?

GRAMADAĊ.

1. Cuir ’sa n-uiṁir uaṫaiḋ:- (a) buaċaillí óga. (b) ṡocaruiġeadar ’n-a n-aigne go gceanóċaidís paca cártaí. (c) oiḋċeannta fada? (d)nótaí móra.

2. Cuir sa n-aimsir ḟáistiniġ, tríṁaḋ pearsa, uiṁir uaṫaiḋ gaċ aon briaṫar díoḃ so síos:- "Ṡocaruiġeadar ’n-a n-aigne go gceannóċaidis paca cártaí agus go mbeaḋ cluiċe cartaí acu."

3. “Ċonac Taḋg na n-uḃ". Ċonac tig Ṫaiḋg na n-uḃ. Cad ’na ṫaoḃ go ḃfuil an “t” réiṁiġṫe sa tarna ráḋ?

4. Cuir isteaċ na réaṁ-ḟocail atá i n-easnaṁ ar na h-abairtí seo:- (a) do ḃris - an ḃfoiḋne aige. (b) do ċrom sé - na cártaíḃ do ḃailiú. (c) ḃí ag dul d’á ḟoiḋne - duine - an ḃeirt. (d) do ḋruid sé -na teine.

5. Sgríoḃ na ráiḋte seo ar ċuma éigin eile:- (a)tá calaois agat ’á ḋéanaṁ. (b) ṫugais d’éiṫeaċ (c) ċuaiḋ gaċ aon rud ċun cinn go maiṫ ar feaḋ tamaill.

6. “Nuair a ḃíodar ’na láiṁ aige do ḋruid sé anonn ċun na teine agus ċuir sé isteaċ sa teine iad."

Taḃair uait Móḋ Coinġeallaċ, tríṁaḋ pearsa, mbriaṫar san.