Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/69

This page has not been proofread.
59
Sliaḃ na mBan ḃFionn

Cuir síos ar an deifiríġeaċt atá idir “na mban ḃfionn" agus “na h-óg-ṁná finna."

3. Abair ar ċuma éigin eile: - (a) Sliaḃ Feiṁin an ainm a ḃí roimis sin air. (b) Do béarfaí an cailín ċun siúḃail.

4. Cuir an ráḋ so ’sa n-aimsir ḟáistiniġ, uiṁir uaṫaiḋ:- "Ní feictí iad aċ nuair ba ṁaiṫ leo iad féin do ṫaisbeáint."

5. “Nuair a ḃí Fionn agus an Ḟiann i réim i nÉirinn." Cad is tuiseal do’n ḟocal “Éirinn"? Cad is tuiseal ainmneaċ dó?

10.- SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

II

CEISTEANNA.

1. Ar deineaḋ beart de’n tsórd san le déanaiġe? 2. Canad? 3. Cé ċóṁnnuig san áit? 4. An raiḃ aon ċlann aige? 5. Cad é an t-aos do ḃí aici? 6. Cad é an saġas gearra-ċaile a ḃí innti? 7. An mbíoḋ daoine ’á taḃairt fé ndeara? 8. Cad ’na ṫaoḃ? 9. An ḃféadaidís a súile a ḃogaḋ ḋi? 10. Aoinne a deireaḋ aon ḟocal ag molaḋ a breáġṫaċta ċaiṫeaḋ sé rud éigin a ḋéanaṁ ’san am gcéadna. - Cad é an rud é? 11. Seile do ċaiṫeaṁ uirṫi! Nár ġránna an béas é? 12. Agus cad ċuige sin? 13. Ar ṁaiṫ leis na daoine maiṫe í ḃreiṫ leo? 14. An gcuireaḋ san cosg leo? 15. An dtaiṫneaḋ an béas san leis an leanḃ? 16. Ar ḃ’ aon iongnaḋ é? 17. An dtuigeaḋ sí an bríġ a ḃí leis? 18. Ar ṁol seana-ḃean í lá? 19. Ar ċaiṫ sí seile uirṫi? 20. Cad ’na ṫaoḃ?