Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/83

This page has not been proofread.
73
Sliaḃ na mBan ḃFionn

4. Abair ar ċuma éigin eile:- (a) ní raiḃ aon ṗioc d’á ḋeallraṁ uirṫi go dtiocfaḋ sí ċúiċi féin go luaṫ. (b) ní foláir dúinn ḃeiṫ ag imṫeaċt.

5. “Do ṗreab an ḃean aḃrais ċúċa, agus ṫóg sí an cailín a ḃí, dar léi, marḃ." Cuir an ráḋ san ’sa n-aimsir ġáṫ-láiṫriġ, uiṁir iolraiḋ.

10. SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

X

CEISTEANNA

1. Nuair a ṫáinig an lá cad a ḋein an ḃean aḃrais? 2. An raiḃ an biorán suain ’na ceann i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin? 3. Agus ar ḃ’é sin fé ndeár an codlaḋ? 4. Cad a ṫáinig do’n ċailín nuair a tairigeaḋ ar a ceann é? 5. Airiú! Cad a ḃain a meaḃair agus a ciall di? 6. Agus cá ḃfios duit go raiḃ sí gan ṁeaḃair gan ċiall? 7. Ar innis sí do’n ṁnaoi aḃrais cad a deineaḋ léi? 8. Ar aiṫin sí an ḃean aḃrais? 9. Agus caṫain a ṫáinig a ciall agus a meaḃair airís di? 10. Narḃ iongantaċ an biorán é? 11. Cé go raiḃ an ḃean aḃrais ḃoċt an raiḃ sí flaiṫeaṁail? 12. Cad ’na ṫaoḃ go ndeirir é? 13. I gceann tamaill cad a ċuir sí ar an gcailín? 14. Caṫain a ċuir si uirṫi í? 15. Conus a ṡocaruiġ sí caipín an ċlóca? 16. Cad ’na ṫaoḃ gur ḋein sí é sin? 17. Cad a ḋein an ḃeirt ansan? 18. D’innis an ḃean aḃrais an sgéal ó ṫúis deire do ḋaoine áiriṫe - cé’r ḃ’iad féin? 19. Ar ṫuigeadar é? 20. An raḃdar ana-áṫasaċ d’á ḃárr? 21. Cad é a meas ar an mnaoi aḃrais toisg an ḃeart a ḋein sí ḋóiḃ? 22. Cad duḃradar mar ġeall air?