Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/87

This page has not been proofread.
77
Sliaḃ na mBan ḃFionn

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

XII

CEISTEANNA.

1. Ar laḃar an ḃean airís? 2. Caṫain? 3. Ar ṫug sí órdú eile do’n ṁnaoi aḃrais? 4. Cad é an t-órdú é? 5. Cad dob’ áil léi de’n uisge? 6. Ar leog sí uirṫi go raiḃ eagla uirṫi go mbrisfí an corcán? 7. Agus cad a ḃrisfeaḋ é? 8. Do ṫug an ḃean aḃrais rud éigin fé ndeara, cad é féin? 9. Ar leog sí uirṫi go ḃḟeaċaiḋ sí iad? 10. Cad a ḋein sí? 11. Cár ċuir sí an t-uisge? 12. Ar líon an crúsga an corcán? 13. An mó crúsga a líonfaḋ é? 14. An raiḃ sí a d’iarraiḋ an ċorcáin do líonaḋ ċóṁ mear a’s do b’féidir é? 15. Ar leog sí uirṫi go raiḃ? 16. Cad a ḋeineadar nuair a ċonnacadar an fuadar a ḃí fúiṫi? 17. Ag magaḋ fúiṫi, an eaḋ? 18. An raiḃ droċ-aṁras aici orṫa? 19. Cad ’na ṫaoḃ? 20. Agus mar ġeall air sin an raiḃ sí ag faire ċúiċi féin go géar? 21. Ar ṡíleadar go raiḃ droċ-iontaiḃ aici asta? 22. Nuair a ḃí roinnt ṁaiṫ des na crúsgaíḃ taḃarṫa isteaċ ó’n dtobar aici, cad a ḋein sí? 23. Cad duḃairt sí agus í ag gaḃáil amaċ? 24. Ná raiḃ diṫneas uirṫi ċeana féin? 25. Agus cad ċuige an ḃreis diṫnis fo ḋéanaṁ? 26. Náċ dóiġ leat gur ċeart di ḃeiṫ corṫa ansan tar éis an méid reaṫa a ḃí ḋéanta aici? 27. Agus ná raiḃ sí ċun breis diṫnis do ḋéanaṁ. 28. Aċ í ġá leogaint uirṫi, an eaḋ? Cad ċuige san? 29. An gcuirfeaḋ san amú iad? 30. An fada a lean sí ag ruiṫ?