Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/88

This page has not been proofread.
78
Sliaḃ na mBan ḃFionn

31. Nuair nár airiġeadar foṫram a cos, ar ṡíleadar ansan go raiḃ sí ag an dtobar? 32. Agus cá raiḃ sí? 33. Conus d’ḟill sí ṫar n-ais gan foṫram a ḋéanaṁ? 34. Cad ’na ṫaoḃ gur ḟill sí in ao’ċor? 35. Agus ní h’aon iontaiḃ iad leis! 36. Nuair a ḃí sí i n-aice an doruis cad a ḋein sí? 37. Cad ’na ṫaoḃ gur ḋein sí é sin? 38. Ar ċeart di é ḋéanaṁ? 39. Ar airiġ sí ag cainnt iad? 40. Cé ḃí ag laḃairt, agus cad a ḃí aici ’á ráḋ? 41. Cad duḃairt bean eile acu? 42. Ar ḋeallruig a cainnt go raiḃ an ċéad ḃean mar ríogan acu? 43. Cad duḃairt an ríogan airís? 44. Cé ḋó go raiḃ sí ag tagairt? 45. An ḃean ḃoċt! An raiḃ socair acu ar í ḃeiriú ’na beaṫaiḋ? 46. Cad a ḃí acu le ráḋ inti? 47. Biorán suain! Ar ḃ’eol dóiḃ an bob d’imir sí orṫa leis an mbiorán suain i dtaoḃ an ċailín úd? 48. Agus ar ṫánadar, d’aon ġnó, ċun sásaiṁ do ḃeiṫ acu? 49. Nárḃ olc an saġas iad!

GRAMADAĊ.

1. “Do ṫóg sí crúsga léi agus ċuaiḋ sí amaċ ċun an tobair agus ṫus sí crúsga uisge uisteaċ léi, agus ċaiṫ sí an t-uisge isteaċ ’sa’ ċorcán."

Cuir é sin ’sa n-aimsir ġnáṫ-caiṫte, uiṁir iolraiḋ.

2. “Ní líonfaḋ fiċe crúsga an corcán."

Cad is uiṁir don ḟocal “crúsga"? Cad tá le ráḋ agat ’na ṫaoḃ?

3. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a)Ní raiḃ aon ċoinne acu go raiḃ aon droċ-aṁras aici orṫa. (b) Laḃair sí ag gaḃáil amaċ di. (c) Ní mór dom breis diṫnis a ḋéanaṁ. (d) ní fada go mbeiḋ sé lán a ḋóiṫin.

4. Cuir isteaċ na focal atá i n-easnaṁ anso:- (a) Cuir an t-uisge ’sa’ ċorcán nú brisfear -