Page:An Crann Geagach.djvu/13

This page has been validated.

strapadóireacht sna creagáin cloch ar thóir na gcineál nach bhfaca tú go minic cheana, acht fanfaidh mise liom féin leath-taobh an bhóthair ’mo luidhe sa bhféar, ag féachaint i n‑áirde ar na néaltaibh móra ómracha ghá sguabadh treasna na spéire ag an ngaoith, nó ag cur aithne níos feárr ar shaothar na seangán, nó ag déanamh iongantais de’n tsíol lispín sa lochán le m’ais. Ná déan aimhreas ar bith dhe, ní bheidh uaigneas ormsa fhad is bhéas tú imthighthe; acht nuair thiocfas tú ar ais, beidh fáilte rómhat, agus múinfidh tú dom ainmneacha agus tréithre na bplanndaí bhaileóchas tú, ó’s agat atá an t‑eólas sin.

Agus gluaisfidh an bheirt againn linn arís go deas réidh go dtiocfaidh meadhon agus lár an lae. Annsin toghfaidh mise áit fheileamhnach ar an bhfosga, ar aghaidh na gréine, agus cuirfimid cúpla uair de’n chlog thart ar ár suaimhneas. Bainfidh mé an t‑asal de’n chárr, bhéaraidh mé glac coirce dhó, tarraingeóchaidh mé amach ár gcuid féin as an mbosca—arán agus im, cáise agus uibheacha cruadha is mó bheas againn i lár an lae—agus roinnfidh mé an lón ar an mbeirt againn.

Siubhail uait liomsa, agus bogfamuid bóthar go dtiocfaidh an oidhche orainn; gabhfaidh sinn thrí bhailte beaga seasgra a mbeidh solus i ngach tigh, agus teine bhreágh le feiceál ar an teallach thríd an doras fosgailte, agus bean a’ tighe go gnóthach ag ullmhú proinne nó ag tabhairt aire do’n naoidhneán, nó ag cur an tsaoghail thrí chéile le bean comharsan; agus má fhéachann

9