Page:An Crann Geagach.djvu/20

This page has been validated.

a ndeacha sé amach a’ snámh ’san abhainn gur thug sé Micilín bocht bhí ag imtheacht le sruth i dtír?”

“’Tuige nach gcuimhneóchainn air?” ar seisean; “seadh a Shaidhbh, agus an lá tairigeadh cúig phunnt dhom air—”

“Cúig phunnt,” ar sise liomsa, “fuair sé an cúig phunnt air, cúig shobharan buidhe isteach i lár a ghlaice—”

“Mh’anam go bhfuair,” ar seisean ag cur isteach uirri, “bhí an t‑airgead annsin agam, ’mo ghlaic, agus an margadh dhéanta—”

“Acht nuair chonnaic sé an t‑asal bocht,” ar sise, “agus na deóra leis go rabhamar ag sgaradh leis, níor fhéad sé gan an margadh bhriseadh.”

“Éist!” ar seisean, “labhair go réidh adeirim! Níl focal dá bhfuilmid a rádh nach dtuigeann sé. Féach an chluas atá air!”

Thairg mé punnt ar an mbeithidheach iongantach seo.

“Punnt!” ars an fear siubhail ’n‑a sheanbhéic.

“Punnt!” ars a bhean.

“Punnt!” ars an dáréag inghean i n‑aoinfheacht.

Nach orra uile go léir bhí an t‑iongnadh! Chruinnighdar thart orm, agus iad ag baint lán na súl asam. Rug páisde ar mo chóta; rug páisde eile ar mo bhrísde; rug an té dob’ óige díobh ar ghlúin orm. Chuir páisde eile díobh lámh isteach i bpóca mo bhrísde: ár ndóigh, ní raibh an créatúr acht ag féachaint an

16