Page:An Crann Geagach.djvu/32

This page has been validated.

na lasracha sin nach raibh le feiceál i n‑aon tuar ceatha ariamh, agus dá mbéadh an t‑eólas agam d’fhéadfainn innseacht cé’n cineál ádhmuid as ar fhás gach lasair díobh. Acht ní raibh an t‑eólas sin agam an uair sin faraoir.

Chuirfeadh fiadhántas agus sgréachaoil na lasracha uamhan ar do chroidhe. Má bhí dath faoi leith ar gach lasair díobh de réir a bhunúis, bhí ceól faoi leith ag gach lasair díobh freisin, agus níor sáruigheadh a gceól ná a bgfiadhántas siúd acht ag teanga mná nimhnighe....

Ceól na n‑ádhmad n‑éagsamhail, agus mo cheól féin, agus an chaoi lasadh suas an choill mór dtimcheall ar na teine ba siocair leis an dáil éanlaith bhí thart ann. Dá n‑abrainn go raibh níos mó ná fiche cineál díobh ann ní shílim go mbéinn ag déanamh aibhéise. Bhíodar annsin thart ann ar na craobhachaibh go socair marbhánta: ní bheadh ort acht éirghe agus lámh a shíneadh amach uait le breith ar dhosaén díobh. Rugas féin ar suas le deich gcinn de dhruideógaibh gan aon duadh. Chas mé a muineál agus sháith mé isteach i sac iad, agus is maith an béile rinne mé dhíobh n‑a dhiaidh sin....

Acht maidir le m’asal beag dubh—ní fios dom an codladh nó tuirse nó dithleaghadh bhí air; níor chuir sé suim dá laghad i n‑aon nidh dá raibh ’n‑a thimcheall acht é chomh solamhanta diamhair le árd-chonstábla go mbéadh príosúnach poilitidheach i ngreim aige.

Ní raibh fonn codalta orm agus d’fhan mé thart ar an teine, ag bailiú brosna agus mionn-ádhmuid agus ghá dhóigheadh go raibh an lá ann beagnach....

28