Page:An Crann Geagach.djvu/34

This page has been validated.
AN DÚISEACHT

Codladh dhéanamh go meadhon lae, agus an tuirse bóthair bhí orm chaitheamh dhíom, sin é cheapas a dhéanamh. Níor chodail mé faoi dhíon tighe le mí roimhe sin; agus bhí cineál leisge agus eagla orm i dtosach, na géaga loma shíneadh idir na braithlínibh fuara bána—an leisge chéadna is bhíos ar dhuine ar dhul isteach sa bhfairrge dhó de’n chéad uair ar theacht an tsamhraidh. Is beag nár choinnigh mé orm mo chuid éadaigh, bhí mé chomh sgáthmhar sin! Nach ar na braithlínibh bána sin bhí an fheachaint fhuar choimhthigheach! Tháinic creathadh orm annsin ar an urlár sul ar thug mé an léim....

Acht nuair bhí mé istigh tháinic mo mhisneach ar ais chugam. Shín mé na géaga. Chrap mé suas arís iad. Rinne mé lúb dhíom féin ar nós eascon. Thionntuigh mé ar mo thaobh dheas. Thionntuigh mé ar mo taobh chlé. Ní túisge ar mo thaobh chlé mé, ná chaith mé mé féin ar chnámh mo dhroma ionnós nach gcaillfinn aon chuid bheag amháin d’aoibhneas agus de shogh na leapthan. Tharraing mé anál fada sásta ar nós duine bhéadh thar éis fleadh ríoghdha chaitheamh. Annsin d’fhéach mé suas uaim ar an síléar, agus thart ar na ballaibh bána, agus anonn uaim ar an dá fhuinneóig bhí druidthe go daingean docht; agus shíleas nach bhfuaireas áit chodalta ariamh bhí chomh h‑áluinn leis an áit a raibh mé....

Cé chodlóchadh i lúb na coille craobhaighe, nó ar thráighlocha, nó ar bhruach sruthalaim clamhsánaig, cuma cé’n fasgadh bhéadh aige ’n‑a leithéidibh d’áit, agus an sogh seo le fágháil aige faoi

30