Page:An Crann Geagach.djvu/42

This page has been validated.

Chuadhmar thar an teach mar a raibh comhnaidhe uirri.

B’fhuras d’aithint uirri nár mhaith léithi go bhfeicfidhe í ar an gcáirrín asail. Bhí sean-sgáth fearthainne aici a raibh méad dalbaidhe ann; chróch sí ós a cionn é ionnós nach n‑aithneóchaidhe í—acht, ár ndóigh, níor chuimhnigh sí, an bhean bhocht, go raibh aithne ag gach duine sa bparáisde ar an sgáth fearthainne sin!

“Sílim nár facthas mé,” ar sise nuair bhíomar beagnach thar an teach.

“Is cinnte nár facthas,” arsa mise, acht níor dhubhairt mé léithi go raibh mé dearbhtha gur aithnigheadh í má bhí aon duine ag an bhfuinneóig.

Mí-thráthamhail go leór tháinic sé isteach i gcloigeann an asail go raibh a dhóthain de shodar lae déanta aige. Chuir sé a cheann faoi. Chraith sé a iarball beag sgáinte. Sheas sé i lár an bhóthair.

D’éirigheas féin ’mo sheasamh. Thugas trí nó ceathar de bhuillibh de mo bhata droighin ’sna heasnachaibh dhó. Ní dheárna sé acht na cluasa a bhogadh. Ní bhogfadh sé na cosa dá mbéinn leis ó shoin!

D’eirigh an tsean-bhean n‑a seasamh. Thug sí an sgáth fearthainne dhó ’sna heasnachaibh clé, agus bhí an bheirt againn ghá leadradh go rabhamar tuirseach.

Ghlacamar comhairle le chéile annsin.

“Feárr dhúinn siubhal,” ar sise.

“Bhfuil bealach fada romhainn?” arsa mise.

38