Page:An Crann Geagach.djvu/43

This page has been validated.

“Beidh fhios agat é sin luath go leór,” ar sise agus ghreamuigh sí a dhá gob ar a chéile ar eagla go sgéithfeadh a rún uaithi.

Bhíomar, ar tí túirlingt nuair tháinic athrú meóin chuig an asal. Chraith sé a cheann. Chorruigh sé a chluasa. Bhog sé na cosa. D’imthigh leis n‑a chos-n‑áirde.

Níor fhéadas súnndas thabhairt d’n tsean-mhnaoi mheidhrigh bhí le mo thaobh leis an ngluaiseacht bhí faoi’n asal, acht bhí fhios agam go raibh a croidhe corruighthe, gur thaithnigh an mharcaidheacht thar bárr léithi. Bhí a croidhe chomh hóg an lá buidhe foghmhair sin is bhí aon lá le leith chéad bliadhain. Dá bhfeictí mé féin agus an bhean sa gcáirrín asail, ise agus a lámh faoi mo chom ar eagla do dtuitfeadh sí, a boinéad breágh Domhnaigh anuas ar a mala chlé leis an luasgán gáiridh ar a béal, gáire faoi n‑a súil, an dúithche thart orainn ag gáiridh linn—dá bhfeictí sinn, ní shiltheá acht go rabhas ghá fuadach!

Againn bhí an greann agus an spórt! Againn bhí an gleó agus an gliondar! Mé féin agus an tsean-bhean mheidhreach bhí n‑a baintreabhaigh le beagnach leith-chéad bliadhain!

Chuir sí focal ’mo chluais.

“Tá mé le rud a dhéanamh indiu,” ar sise, “nach ndéarna mé le leith-chéad bliadhain—rud a cheapas nach ndéanfainn arís go deó. Tá croidhe agus misneach agam indiu. An óige ag teacht ar ais....”

Bhíomar ag geata guirt arbhair. Chuir sí iallach orm cosg a chur leis an asal sgofánta. Thúirlingimear.

39