Page:An Crann Geagach.djvu/51

This page has been validated.

Bhí cliabh mór ar an talamh idir eatorra, agus nach orm bhí an t‑iongnadh nuair d’osgluigheadh é. Sean gach dighe agus nuadh gach bidh ann. Ní bhéinn acht dodh’ ghriogadh dá abrainn cé na milseáin agus na biadhtha borba agus na dighthe meisgheamhla bhí istigh ann.

An fhaid is bhí mé féin agus an bhean óg ghá mbaint as an gcliabh bhí an tsean-bhean ag cur di ós íseal:

“Lá gréine, lá brothallach mar an lá indiu tháinic mé féin agus an fear phós mé ’n‑a dhiaidh sin isteach sa gcoill seo i dtosach. Agus bhí fleadh againn le chéile ann... mé féin agus é féin—acht go raibh sean-bhean i n‑aonfheacht liomsa—acht bhi ciall aici, agus sgar sí linn chomh luath is bhí an fhleadh caithte....”

Leig sí osna.

“Is fada an t‑achar leith-chéad bliadhain,” ar sise, “acht tá súil agam go bhfuil an oiread céille agam-sa indiu is bhí aici siúd an lá sin,” ar sise ós íseal.

Bhí freisin; mar ní túisge bhí an fhleadh caithte againn ná d’éaluigh an tsean-bhean uainn.

An fear nach ndéanfadh rud ar a leithéid de mhnaoi chríonna thuigsionnaigh ár ndóigh ní fhéadfá fear thabhairt air ar chor ar bhith!

47