Page:An Crann Geagach.djvu/70

This page has been validated.
CRANN NA CROICHE

Cúpla mí ó shoin bhíos ag imtheacht liom ar mo chúrsa i bhfoisgeacht leith-chéad míle do Bhaile Átha Cliath. Ní raibh aon ghléas iomchuir agam acht chárrín asail, agus bhíos féin agus m’asal bocht cantalach le brothall mór an lae. Uaireannta, chuireadh sé céad slat de’n bhóthar leathan bán de, ar nós eilite maoile—creabhair agus míoltóga bhíodh ghá ghríosadh; uaireannta eile, ba leisg leis cos a chur thar an gcois eile acht a cheann a dhul suas agus anuas, suas agus anuas ar nós bréagáin páisde. Ní fhéadfadh aon fhear i nÉirinn é mhealladh chun siubhail nuair bhuaileann an taom leisgeamhail sin é. Thugas féin bata dhó; thugas deágh-chainnt agus droch-chainnt dhó; thugas na seacht mionn déag is deireannaighe dár chum mé féin dhó, isteach n‑a chluais; shíleas é mhealladh le filidheacht agus le feadghail, acht dá mbéinn leis go dtí an lá atá indiu ann, ní ghlacfadh sé comhairle ná brostughadh uaim.

Thugas cead cinn dó, agus ghluais linn go mall roighin ar a nós aisteach féin.

Ní minic bhíos mé féin agus m’asal beag dubh ar aon chomhairle, acht nuair tháiniceamar ar chrann mór bhí ag fás leath taobh an bhóthair bhí an t‑aon smaoineadh amháin againn .i. a dhul isteach ar a fhosgadh agus ár sgíth agus ár dtuirse a leigint.

66