Page:An Crann Geagach.djvu/80

This page has been validated.

acht ag ceapadh filidheachta: acht cé chreidfeadh a leithéid de dhuine nár chuir baoite ar dhubhán ariamh?

* * *

An áit a bhfuil comhnaidhe ar an mBreac bhainfeadh sé filidheacht as an t‑é go mbéadh féith na filidheachta ann ar chor ar bith.

Uisge glé reatha ag imtheacht le fánaidh thar chlochaibh cruinne glasa. Poll dubh duaibhseach faoi mhullán árd. An poll sin ’n‑a sgathán aoibhinn ag gach néal agus ag gach éan théidheann treasna na spéire. Bruach ar gach taobh de’n pholl dubh ag éirghe aníos ó’n uisge go roighin réidh agus blátha ioldathacha ag fás air.

Agus na héanlaith bhíos thart ann! Deirtear nach bhfuil aon áit eile i nÉirinn is mó d’fheicfeá fáinleóga ná i n‑aice an phuill seo—na céadta agus na céadta díobh ag déanamh spóirt agus aoibhnis dhóibh féin ós cionn an uisge dhuibh le tuitim na h‑oidhche.

An chainnt agus an chantaireacht bhíos ag gach cineál díobh i dtosach an tsamhraidh sna sgeachaibh thart ann! Ann a bhíos feis agus cómhdháil éanlaith Éireann, agus an oiread gleó aca is bhíos ag lucht aon fheise eile: níl a fhios nach mbíonn an oiread céille le n‑a ngleó freisin—mara mbíonn féin, bíonn sé i bhfad níos binne....

Tá coill ann, i n‑aice leis an bpoll. Aoibhinn bheith sa gcoill sin lá brothallach buidhe samhraidh. Dordán beach ann. Cumhracht ó ithir agus ó luibh agus ó chrann ann. Draoidheacht ann do’n té gur féidir draoidheacht a chur air.

76