Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/111

This page has not been proofread.
103
An Craos-Deaṁan.

ó Ḋia ort, agus géire intleaċta agat, agus iomad eagna, agus fíor úṁluiġeaċt, agus mian gaċ maiṫeasa, agus seaċt tíoḋlaicí an Spioraid Naoiṁ. Diaḃal iseaḋ mise, spioraid gan colann. Táim i ngoile Ċaṫail le trí leaṫ ḃliaġnaiḃ, ’ġá ṁilleaḋ agus ag milleaḋ na Muṁan go léir, agus dá ḃfágtí trí leaṫ ḃliaġna eile ann mé ḃéaḋ Éire go léir millte agam. Ṫáinís-se anso ó ṁuintir Corcaiġe ag cur isteaċ orm- sa. Is maiṫ an ḃail ort gur uaṫa san a ṫáinís. Is maiṫ an ḃail ort iad a ḃeiṫ uasal, naoṁṫa, mar atáid. Mura mbéaḋ a n-uaisleaċt agus a naomṫaċt agus a n-ionracas, agus naoṁṫaċt a n-easbog agus a n-anam- ċarad, agus naoṁṫaċt pobuil Ċorcaiġe móire Muṁan, agus mura mbéaḋ ionracas guṫa agus bréiṫre agus oiniġ agus anama an ríġ uasail seo go dtáinís d’á ṫeasargain ; agus go deiṁin mura mbéaḋ t’uaisleaċt féin agus t’ionracas agus glaine do ċroíḋe agus méid t’eagna agus géire t’intleaċta, is isteaċ at’ ḃráġaid féin do raċainn-se nuair a ċuiris amaċ a’ bráġaid Ċaṫail mé, agus ní sgarfainn leat go dtí go gcomáin- fí mór-ṫímpal na h-Éirean tú ag gaḃáil de ċloċaiḃ agus de ṁaidíḃ agus de ṡlataiḃ agus d’ḟuipeanaiḃ ort, agus gur b’é bás a ġeaḃfá sa deire ’ná bás do’n ġorta."

"Fíoġar Croise Céasda idir mé agus tú!” arsa Mac Conglinne, agus ḋéin sé fíoġar na Croise i gcoinniḃ an deaṁain trí h-uaire leis an leaḃar Soisgéal a ḃí ’na láiṁ aige.

Ċuir an deaṁan sgread as, agus do laḃair sé airís go fíoċṁar agus go feargaċ.

"Á!” ar seisean, “tugaim-se Dia mar uraḋ ḋuit ann, a Ċaṫail ṁic Ḟinguine, mura mbéaḋ an Ḃán Ḃeag a’ Cuireaċ Liffe go mbéaḋ do ċorp i dtalaṁ agam-sa