Page:An t-oileanach.djvu/24

This page has been validated.
14
AN t‑OILEÁNACH

Do bhíos-sa ag léimeadh as mo chorp ar an úrlár an uair sin. Mórtas orm. Mo bhríste glas fáiscithe suas orm, mo bholg lán go smig agus pé duine go raibh cíos, cás ná cathú air an t‑am san de ló is orm-sa ná raibh pioc de.

 

I mbéal eadartha scaoileadh chun na Trágha Báine me agus Máire i n‑éineacht liom. Ar dhul ar an dtráigh dom bhíos ag rith as mo chorp. Súil-fhéachaint dár thug Máire chonnaic sí, an Gob andeas, an ráth de sna muca mara agus níor stadadar go dtí gur thánadar os ár gcoinne amach ar bholg na trágha, seolta móra anáirde aca agus iad comh dlúth ar a chéile agus a bheadh aon iasc eile. Chonnaic Máire go minic roimis sin ’n‑a gceann is ’n‑a gceann iad ach ní fheacaidh sí riamh an ráth mór so. Do cheap sí go dtiocfaidís isteach ar an dtráigh agus tháinig eagla uirthi. Do chuir sí mise ar a drom agus do bhaineamair an tigh amach.

Le linn sinn do bheith age baile d’fhógair mo mháthair go raibh na báid ag teacht agus go raibh cuid aca ag teacht timcheall ar na muca mara d’iarraidh iad a chur isteach ar an dtráigh. Trí báid mhóra saighne do bhí insan Oileán an uair úd agus seacht cinn i nDúnchaoin. Bhí gach ceann de’n méid sin bád láithreach ag gabháil do sna muca mara an turus san. Bhí báid an Oileán d’iarraidh iad a chur i dtír ar an dtráigh agus muinntir Dhúnchaoin ag magadh fútha gan cor asta. Fé dheire chuaidh ceann suas ar an dtráigh tirm glan. Do thairrig fear maith éigin a chuid fola agus an uair a fuair an chuid eile bolaith na fola as go bráth leo fé n‑a dhéin suas tirm glan ar an dtráigh.

An uair a chonnaic báid Dhúnchaoin an saidhbhreas tirm istigh agus lucht na trágha ag tarrac a gcuid fola b’eo isteach iad chun lán na mbád a thabhairt leo abhaile aca; ach ní leigfeadh an dream istigh ceann leo aca. Níor ró fhada go raibh fuil ar dhaoine ann comh maith is bhí ar na muca, gur chuir na h‑oileánaigh thríd an dtráigh amach iad gearrtha, gortaithe. Bhí aon bhád amháin ó Dhúnchaoin nár chorruigh cos