Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/25

This page has been proofread.

17

an tiġe leis teaċt aníos go mbeaḋ sé in a ṡuiḋe ar an nóimeint26 agus d’éiriġ leis,27 agus do ċuir sé a ċuid fear in a suiḋe agus do leiġ sé isteaċ an mairneulaċ agus fuair sé eudaiġe dó agus deoċna [deoċa] teó,28 go dtí ṫáinig sé ċuige féin.29

Innsin, d’imṫiġ muintear an tiġe agus an mairneulaċ agus ṫugadar teuda agus soilse leó síos fá ḋéin an ċaptaon, aċt nuair doċuadar síos, ní raiḃ aon ṗioc den ċaptaon le faġḃáil aca agus b’éigean dóiḃ casaḋ arís aníos go dtí an teaċ. Doċuaiḋ fear aca síos innsin le breacaḋ an lae30 agus sin é an uair fuair sé an captaon ṫíos agus a uċt leagṫa ar an árṫraċ aige agus d’iarr sé air teaċt suas go dtí an tiġ leis31 go raiḃ an mairneulaċ ṫuas. Aduḃairt sé sin leis ná raġaḋ, mar go raiḃ gaċ aoinneaċ i gcoinne a leiṫéidí féin do scaoileaḋ isteaċ beó nó marḃ.32 “Naċ [aċt],” arsa sé, “cadé an áit den dúṫaiġ i ḃfuil mé?” “Atá tú,” arsa fear Ṡúilioḃáin, “leaṫ sliġe idir ceann Heilḃic agus ceann Ṁion-Árd.” “An é seo cuan Baile uí Ċurraoin?” arsa an captaon. “Is é,” arsa an fear eile. “Má is é,” arsa an captaon, is é an rud baḋ ċeart do ḋeunaṁ le caisleán Mion-Ard ná é do ċur in áirde is na speurṫaiḃ.33 Ṫáinig sé aníos innsin in aonḟeaċt leis an ḃfear go dtí an tiġ, agus fuair sé casóg agus bróga ċum iad do ċur air agus fuair sé a ḋóṫain le n-iṫe agus le n-ól. Doċuaiḋ sé síos innsin arís go dtí an t-árṫraċ agus do ċuir sé fear soir go dtí tiġ na ḃuitéirí ag cur sceula34 go dtí Captaon Muldoṁnaiġ go raiḃ an t-árṫraċ báiḋte agus ná fuiġḃeaḋ sé féin corruiġe ón árṫraċ go dtí dtiocfaḋ maiġistir an árṫraiġ.

An S.—Cadé an saġas ualaċ35 do ḃí innte nó cad as do ṡeól sí?36

D.—Ualaċ guail do ḃí innte agus ar maidin an lae roiṁ sin d’ḟág sí Sean-Ṡasana ċum dul go Baile uí Ċoitín [Baile Coitín]. Do ḃí an lá an-ḟiaḋain agus