Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/31

This page has not been proofread.

23

isteaċ i mála ṫu, agus tiuḃrad liom ar mo ḋrom ṫu.” Do ċuir sé isteaċ insan mála an cat agus ḋ’árdaiġ sé leis é.6 Do ḃíoḋ gaċ aoinneaċ ag a ḟiarfaiġe de Ḃáiṫéir cad do ḃí ar a ḋrom aige, adeireaḋ sé leó gur ċuma ḋóiḃ.7 Do ḃíoḋ an cat ag cur a iongnaí tré na ḋrom agus é ġá ráḋ, “ar do ḃás a Ḃáitéir, ar do ḃás, a Ḃáitéir,”8 is é sin,9 gan innisint cad do ḃí aige. Do ḃí sé cráiḋte aca ó ḃeiṫ ġá ḟiarḟaiġe ḋe agus do ċaiṫ sé ċuċa an mála agus a raiḃ ann agus do strac na madraí an cat agus an mála do ḃí ṫimċeall air. Nuair do ḃí sé dá stracaḋ ag na madraíḃ,10 aduḃairt sé le Ḃáitéir nuair do ragaḋ sé a ḃaile é11 d’innisint do ṗuisín cúl an hiarta gur ṁarḃ sé rí na gcat. Nuair doċuaiḋ sé a ḃaile, do ḃí sé ag a innisint do n-a ḃean ṁnaoi cad duḃairt an cat leis. Ḃí cuitín beag, cnaoiḋte insan ċúinne. Ṫug sé preab agus do ṁeuduiġ sé é féin12 agus doċuaiḋ sé de ḃiniúg ḃonnóig in scórnaiġ Ḃáitéir13 agus dóbair ná faġfaiḋe [fuiġḃṫí, feudfaiḋe] é do réiḋteaċ as.14 Do ċaiṫeaḋ do [ba éigean dóiḃ] dul amaċ agus glaoḋaċ ar na coṁarsain coṁarsanaiḃ ċum é do réiḋteaċ agus meireaċ muna mbeaḋ sin, do ḃí a scórnaċ iṫte aige as Ḃáitéir.15 Aċt do mar- ḃuiġeaḋ [marḃaḋ] é sin innsin ċoṁ maiṫ le rí na gcat. Nuair do ḃíoḋ16 ag a ṁarḃaḋ, Níor ’láir [fuláir] duit, a Ḃáitéir," ar sé sin, "t’oidí-muintí do oidí múinte."


AN FEAR DO ḂÍ AG TRÁIĠTEÓIREAĊT.

Fear é seo do ḃíoḋ ag imṫeaċt go dtí an tráiġ gaċ aon am ag1 faġḃáil trioscair. Ḃí sé oiḋċe agus do ḃí an-ċuid trioscair ann agus do ċrom sé dá ċur isteaċ. Cad doġeóḃaḋ sé insan trioscar aċt fear báiḋte. Aduḃairt sé leis féin gur mór an feall é do leigint leigean amaċ leis an taoide arís agus do ṫarraing sé isteaċ é cois na faille. Doċuaiḋ