Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/37

This page has not been proofread.

29


ḃfuiġḃinn [ḟeudfainn] a innisint cadé a ṁéid prátaí do ḃí istig ann.

A. —Ó éistiġiḋ. Cia hé siúd suas an bóṫar?

S. —Sin é Tomás Ṗádruig atá ag dul go dtí an sliaḃ ag baint ualaċ aitinn. Do ḃí sé ’á ráḋ liom aréir go raiḃ roinn asair uaiḋ. Do ṫeagṁaiġ mé ṫiar ag an ċrosaire aréir leis agus é ag dul fá ḋéin tamaill de speal. Ḃí sé ’á ráḋ liom go ḃfuair sé litir ó n-a inġean Dé Ceudaoin seo caiṫte againn agus go raiḃ sí posta agus go raiḃ sí féin agus a fear ċum teaċt a ḃaile i gcóir na haṫḃliadna. Atá sí pósta ag fear dóigteán do ṁúċaḋ, agus púnt insan ló aige agus a oiread sin as gaċ aon dóiġteán do ṁúċfaḋ sé, mar is é an maor atá ar na fearaiḃ é.

A. —Díṫ uaiṫe mar ṫeine. Is olc an ċéird í.

S. —I mbasa, is olc. Níl sí maiṫ in aon ċor. Bíonn sí an-ċontaḃarṫaċ. An ḃfaca tusa aon ċuid den obair seo riaṁ, a Airt, ó is tú ḃí i Sasana Nua?

A. —Ní ḟacaiġeas aon am iad aċt go n-airiġinn tráċt orra.

S. —Is dóċa ná fuil aon taḃairt amaċ agat ar an obair mar sin.

A. —Níl, aċt ḃí aiṫne agam ar ḃuaċaill maiṫ agus do ḃí mé ag caint leis mar seo um ṫráṫnóna agus idir sin agus a dá ḃuille uair ḋeug, do ḃí sé loiscṫe insan teiniḋ. Ḋo ċaiṫ sé [do b’éigean dó] dul in áirde ar ṁullaċ an tiġe agus do ḃí an dóiġtéan an-ṁillteaċ agus ṫug a raiḃ fé agus ṫuit sé isteaċ insan teiniḋ agus ní ḟuaraḋ frioṫ a ṫásc ná a ṫuairisc ó ċoin ṡin.

S. —I mbasa, b’olc an dóigtéan don ḃfear boċt sin é.

A. —Éistiġiḋ go réiḋ. Is dóiġ liom go ḃfuil duine éigin ag glaoḋaċ orainn ċum dinnéir. I mbasa atá. Ṡid é anuas Seáinín. Is é do ḃeaṫa sa, a Ṡeáinín, is dóċa gur ag teaċt le sceul ón gcroiċ ċugainn atá tú.