Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/40

This page has not been proofread.

32


Aduḃairt sé sin go mbeaḋ a ḟios aige féin. Doċuaiḋ sé amaċ agus do ċuir sé a ḋrom insan ċlaiḋe. Níorḃ ḟada do ḃí sé ann nuair ṫáinig fear agus ualaċ camán aige. Do ċaiṫ sé ar an bpáirc iad. Ṫáinig maiṫ-ṡluaġ in a ḋiaiḋ agus rug gaċ aoinneaċ aca ar ċamán. D’éiriġ Seáan amaċ ón gclaiḋe agus do láṁaiġ sé camán ċoṁ maiṫ le duine. D’imriġeadar an báire go treun. Nuair do ḃí sé imirṫe do ċaiṫ gaċ aoinneaċ aca a gcamán uaṫa agus ba é an fear ceudna do ċonnlaiġ arís iad agus aduḃairt sé le Seáan a ċaman do ṫaḃairt dó. Aduḃairt sé sin ná tiuḃraḋ go n-inneósaḋ sé ḋó cadé a ċúis a raḃadar ag deunaṁ díoġḃála don mbaintreaḃaiġ ḃoiċt ḋeilḃ. Aduḃairt sé sin leis ná raiḃ aon rud le deunaṁ aige féin aċt é do ṫeaċt istoiḋċe i mbáraċ agus é do ċur i láṫair an ċoṁṫlóin [coiṁṫionóil]. Doriġne Seáan mar aduḃraḋ leis. Nuair do ḃíodar go léir bailiġṫe istoiḋċe dar lá ar n-a ḃáraċ, do ċuir Seáan fá ċeist iad agus aduḃairt sé leó gurab é an náire an obair do ḃíodar a do ḋeunaṁ, gur ċóir go mbeaḋ an dúṫaiġ fairsing aca agus gan ḃeiṫ ag deunaṁ díoġḃála don mbean ḃoiċt agus gan aici aċt an ṗáircín sin. Aduḃradar ná tiocfaidís ann níos mó feasta; go raġaidís in áit éigin eile; agus do ḃí Seáan sásta innsin. Doċuaiḋ sé isteaċ agus d’innis sé a sceul do ḃean an tiġe agus do ḃí sí an- ḃuiḋeaċ de.

D’imṫiġ sé leis ar maidin arís agus ṫug sé an lá ag siuḃal go raiḃ sé "ċoṁ-ṡolus fear le tor" um ṫráṫnóna. Doċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ feirmeóra agus d’iarr sé iostas na hoiḋċe orra. Aduḃraḋ leis go ḃfuiġḃeaḋ aċt gurab in tiġ leaṫ is amuiġ do ċaiṫ- feaḋ sé codlaḋ. Aduḃairt sé leó gur ċuma leis cá gcuirfiḋe é aċt go mbeaḋ sé fá ċleaṫaċaiḃ an tiġe. Doċuaiḋ fear an tiġe leis agus do ṫaisbeáin sé an teaċ ḋó. Do ḃí teine ḃreaġḋa ann agus seomra i dtaoḃ ṫiar den ċisdin agus leaba ann a