Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/42

This page has not been proofread.

34


arsa Seáan, "cad do ṁarḃóċaḋ [muirḃfeaḋ] mé?" D’innis sé dó innsin gaċ aon rud do ṫuit amaċ i rioṫ na hoiḋċe. Doriġne fear an tiġe gaċ aon rud aduḃairt sé leis agus d’iarr sé ar Ṡeáan fuireaċ [fanaċt] i n-a ḟoċair féin anois mar ċliaṁain. Aduḃ- airt Seáan ná fanfaḋ go gcaiṫfeaḋ sé ḃeiṫ ag imṫeaċt go ḃfuiġḃeaḋ sé fios cadé an rud é an t-eagla.

"Fan go dtí i mbáraċ [umbáraċ]?—De H., cibé ar sa doṁan dé," arsa fear an tiġe.

"Atá go maiṫ. Fanfad," arsa Seáan. Doċuaiḋ fear an tiġe go dtí an aḃa agus ṫug sé leis bricín beó. Doċuaiḋ sé go dtí an seirḃíseaċ-cailín agus aduḃairt sé léi go raġaḋ sé féin agus an fear so ag siuḃal na talṁan um ṫráṫnóna, agus "beimíd isteaċ," ar sé sin, "le linn na mba do ċrúḋaḋ bleaġaḋ. Bíoḋ crúiscín agat-sa agus crúḋaiġ bleaġ an ḃó go tiuġ te ann, insan tsliġiḋ go mbeiḋ coip cuḃair air agus cuir síos an bricín seo ann. Sín an crúiscín go dtí an fear ċoṁ luaṫ is ṫiocfa sé isteaċ agus abair leis deoċ do ól agus go ḃfuil caṫuġaḋ ort ná fuil deoċ níos fearr agat le taḃairt dó."

Doriġne sí mar aduḃairt sé léi agus ċoṁ luaṫ is do ċuir Seáan an crúiscín ar a ċeann doċuaiḋ an breac siar in a ḃeul agus doċuaiḋ sé i laige ar an áit sin. Nuair ṫáinig sé ċuige féin, "Is díreaċ é," ar sé sin, "gur fuiris [furas] eagla do ċur ar ḋuine agus ní raiḃ a ḟios agam-sa cadé an rud é go dtí so. Ní raġad níos sia ar a lorg."

D’ḟan sé aca agus do pósaḋ é féin agus cailín óg an tiġe agus sin é "Seán gan Eagla" agat.

S. —Dia in mo ċroiḋe, a Ċaitlín, maran raiḃ eagla orm ó ċianaiḃ go mbeaḋ eagla orm anois. Is fearr ḋuit bualaḋ síos an bóṫar liom, a Ṗaidí.