Chualas an Bhean Reamhar ag dul a chodladh ’san seómra ab’ fhogus dúinn, sul ar thuit aon néall orm féin.
XXIII.
Dúisigheadh tamall beag roimh an deich a chlog mé. Ní raibh a fhios agam céard a dhúisigh mé, mar ní raibh ’san seómra acht beirt, agus bhíodar-san ’n‑a dtrom-chodladh de réir gach cosamhlachta.
Bhíos ag cuimilt mo shúl agus ag ceapadh néall beag eile bheith agam, nuair a buaileadh an fhuinneóg a bhí lem’ ais go haireach le slait. D’árduigheas amach. Cé d’fheicfinn ’san bhfuinneóig eile—fuinneóg a seómra féin—acht an Bhean Reamhar, agus an tslat ’n‑a glaic aici.
“Nach deacair thú a dhúiseacht?” ar sise.
“Bhí trom-chodladh orm.”
“Seo cupán tae agus ruainne aráin ime…déanfaidh sé maith dhuit,” agus sheachaid sí an lón dom, “bhíos leath-uair ag iarraid ’do dhúiseacht…ar ndóigh, ní’l an bheirt eile ’n‑a ndúiseacht,” ar sise.
“Ní’l—acht céard a bhí ort nár thug tú isteach é?” arsa mise.
“Go bhféachaidh Dia ort!” ar sise, “ní’l éolas na háite seo agad fós. Ar ndóigh, tá glas ar an doras sin agaibh-se ag Brighid.”
“Glas ar an doras! ’Tuige a mbéadh glas ar an doras aici?”
“Ar fhaitchíos go n‑imtheóchadh na daoine a thagas isteach ar chíos oidhche i ngan-fhios di…acht tá sí féin ag teacht, cluinim torann a bróg ar an staighre.…Feicfidh mé ar ball tú,” agus d’imthigh a ceann go tobann.
Bhíos ag ól an tae agus ag déanamh mo smaointe. An bheirt eile a bhí ’san seómra, chuiridís cor díobh anois agus arís, agus leigidís osna. Thíos uaim san tsráid bhí