na daoine ag gabháil thart, ag gabháil thart i gcomhnuidhe. Chualas guth an Chasúir thíos fúm. Ba dhóigh liom gur ar leic na fuinneóige ar ar shuidheas féin agus an Bhean Reamhar aréir a bhí sé. Ní raibh an tae ólta agam gur chualas a ghnáth-fhocal “Sin tairnge eile i gclár agam.” Bhí a bhean, Brighid, le clos freisin. Bhí sí ar a dearg-dhícheall ag obair, acht mar sin féin, sgaoileadh sí rann uaithi, anois agus arís, ar an mbealach seo:
“Do raghainn-se go dtí an t‑aonac leat,
A Eibhlín a rúin:
Do raghainn-se go dtí an t‑aonach leat,
A Eibhlín a rúin:
Do raghainn-se thar sáile leat.…”
Nuair a bhíodh an méid seo ráidhte aici, thosóchad sí ar an rann an ath-uair, díreach is dá ndíbreóchaí an chuid eile dhe as a ceann le méid a saothair. Bhí an Bhean Reamhar féin le clos agam, acht ní haon rann a bí aici sin, má bhí gleó mór féin dhá dhéanamh aici, rud a bhí.
Acht céard a bhí uirri siúd go dtug sí cion do bheirt fear i n‑éindigh? Mé féin agus an Fear Deag Buidhe! Ní raibh a leithéid de mhnaoi eile le fagháil! Agus an bheirt dá dtug sí gean a bheith chomh mór sin i n‑aghaidh a chéile! Agus gan aon chosamhlacht a bheith eatorra, i méin, ná i dtréithribh, ná i bpearsain! Dá mbadh áluinn léithi duine aca, ar ndóigh, badh chóir go mbéadh sí gan aon tsuim a chur ’san duine eile? Bhí an sgéal i n‑aimhréide orm. Acht bhíos ceaptha agus lán-cheaptha a réidhteach. Bhí sé ag déanamh buaidheartha dhom, acht thosuigheas ag gáiridhe nuair a smaoineas go raibh mé ag cur suime innti. Ní hinnti a bhíos ag cur na suime acht ’san gceist úd a bhí ag déanamh buaidheartha dom.…
Bhí sí taobh amuigh de’n doras le cabhrughadh liom síos an staighre.