B’é toradh an mhachtnaimh úd nach raibh duine ar bith eile ann a bhí chomh dall liom féin, nár thuigeas cé’n gaol a bhí ag an bhFear Beag Buidhe leis an Mnaoi Reamhair úd a cheap sé thabhairt dom mar chéile.
XXIV.
Tá ráithe curtha dhíom agam i dtigh lóistín An Chasúir. Bím ag obair trí lá ’san tseachtmhain i dtigh ósta—an teach céadna ar casadh an Bhean Mhór Ruadh liom i dtosach. Ag glanadh na soitheach agus na mbuidéal ’san soiléar a bhím, acht ní fhághaim mórán air i ngeall ar an leath-láimh agus an leath-chois a bheith caillte agam.
Ó tá saoire agam indiu, níor bhacas le héirghe. Táim ’mo luighe ar an leabaidh ’san tseómra mhór, cois na fuinneóige úd thré n‑ar chuir an Bhean Reamhar an cupán tae chugam an chéad mhaidin annseo dhom, agus le ceart a thabhairt di, níor dhearmad sí aon mhaidin ó shoin mé. Tá grian an gheimhridh go soillseach isteach thríd an bhfuinneóig; tá glórtha beaga boga na bpáisdí chugam isteach ó’n tsráid, agus an bheirt fhear a tháinic isteach go deireannach aréir, agus iad ólta, nílid ag cur isteach orm, óir níor dhúisigheadar fós. Tá An Casúr féin ’n‑a shuidhe ag doras na sráide ag congbháil cainte le duine de na lóisteóiríbh. Tá mórsheisear nó ochtar eile dhíobh ag imirt cártaí agus ag ól leanna ’san tseómra is goire dhom. Cluinim ag easgaine agus ag achrann le chéile ó am go ham iad.
Tá na páipéir seo atá breactha agam caithte ar gach taobh dhíom ar an leabaidh, acht ní thig liom a dhul ar aghaidh le mo sgéal faoi láthair. Na smaointe cheapas a nochtadh imthigheann siad uaim go tapaidh. Nílim i n‑an’ greim fhagháil orra, mar déarfá. Táim mí-shuaimhneach mí-shásta