Page:Deoraidheacht (1920).pdf/118

This page has been validated.
118
Deoraidheacht

dhom, agus bhíos éadmhar. Bhíos éadmhar go raibh saoghal sona aige-san, agus saoghal dona agam féin. Thagadh na céadta pioctúir ós comhair mo shúl nuair d’fheicinn an teach beag deas ar chiumhais coille; bean agus páistí ann, gean agus grádh aca dom féin​…​an saoghal a cheapas a bheith ag an bhfear a bhí ’san teach beag úd thall a bhí de dhíth orm-sa.…

Dá bpósainn an Bhean Reamhar nach dtóigfeadh sí clann dom? Mara raibh aon tsuim agam innti, nach raibh mórán eile ’san gcás céadna nuair a phósadar? Agus nár mhinic, agus nár rí-mhinic tháinic an gean nuair a bhéadh an pósadh déanta? Ní chuireann sí aon ghráin orm anois mar a chuireadh go minic nuair a bhíomar i n‑éindigh leis an bhFear Buidhe. Go cinnte, ní hé ar chaill sí de’n fheóil a d’athar­ruigh ar an nós sin mé. Ní hé sin é, acht an chaoi a mbíodh sí ag iarraidh gach ní dhéanamh dhom. Dá mbéadh cnaipe caillte agam, cé chuireadh ceann eile ’n‑a leabaidh acht í? Dá mbéadh mo léine gan nighe, cé nigheadh? Dá mbéadh sí caithte, cé d’fhágadh ceann eile faoim’ adhairt? Bhí dearg-ghráin agam uirri ar dtús—anois, nach minic a leig mé dhi mo phógadh?​…​B’fhéidir, amach annseo nuair a bhéadh tuilleadh eólais agam uirri, nuair a bhéadh sinn i gcuid­eachtain a chéile i bhfad—b’fhéidir annsin go mbéadh gean agam uirri?​…​An chéad uair eile, sul iarras sí cead orm mé phógadh, bhéarad féin póg i dtosach dhi.

An fear atá ’san teach úd thall, tá dearmad déanta aige ar rud eicínt. (’Séard a leigeas orm acht gur le n a mhnaoi a fheiceál arís d’fhill sé ó bhí an uain aige chuige). Buaileann sé amach agus órd mór ar a ghualainn aige. Bhí fearg orm nár fhill sé le n‑a mhnaoi fheiceál arís, mar cheapas.…

…Acht tá gráin agam orm féin! Nár fheicidh Dia an t‑ádh orm! Nach bhfuilim chomh dona leis na hughdair úd