Page:Deoraidheacht (1920).pdf/128

This page has been validated.
128
Deoraidheacht

daingean aici. Bhíomar beirt i ngéibh­eann. Nuair a chuala lucht na gcártaí ag creathadh an dorais mé, thos­uigheadar ag gáiridhe agus ag magadh fúinn. Is aca a bhí an greann.

Bhí buile orm féin. Bhí an bhail­eabhar déanta agam orm féin. Greann agus magadh a bhí ann i dtosach. Mise ag leigint orm go rabhas ar tí an Bhean Reamhar a phósadh. An bhean eile éadmhar mar shíleas. Í i ndáríribh fíre ag iarraidh an chleamh­nais nach raibh ann a bhriseadh! Acht bhíos náir­ighthe anois. Cos ní fhéad­fainn fhagháil ’mo bhaile dhúth­chais arís go deó. Bhéadh malraigh an bhaile ag féachaint ’mo dhiaidh ag gabháil an tsráid dhom, agus ag innseacht dá chéile go bhfaca siad ’san tais­beántas mé ’mo uathbhás agus ’mo fhear buile. Chuir­feadh máith­reacha eagla ar a gclainn ag innseacht dóibh go raibh “sgian fhada ghéar agus rian fola uirri” ’mo phóca agam. Agus céard a cheapfadh Máire mo chol­ceathar féin, an bhean úd a shíleas a phósadh sul ar fhágas Gallimh i dtosach nuair a d’fheic­feadh sí an bhean a bhí fúm a phósadh anois?

Rugas ar chnap an dorais arís agus chreathas é. Ní raibh aon mhaith ann. Ní fhéad­fainn an seómra fhágáil. Bhí an doras trom. Bhí an glas láidir. Bhéadh orm fanacht go dtagaidís.

Shuidheas cois na fuin­neóige. A dhul amach thríd an bhfuin­neóig? Dá mbéadh lúth na ngéag agam, ní eir­eóchadh liom.

“A Mhichíl! a Mhichíl!” ars’ an Bhean Reamhar agus í ag druideadh liom.

“Fan amach uaim,” arsa mise, “nó…”

Níor tháinic sí ’mo ghar. Nár bh’ iongan­tach an tsuir­igheacht í? Mise ’mo shuidhe cois fuin­neóige ag cur mo chroidhe amach le náire agus le díombáidh agus le cantal. Ise ’n‑a suidhe ar an leabaidh ag sileadh na súl nach rabhas ag labhairt léithi, nach rabhas mór léithi, nach raibh ríméad an