domhain orm bheith ’n‑a cuideachtain, agus gan aon eólas aici cad chuige mé bheith go cráidhte.
· | · | · | · | · | · | · |
Tá sé ag cur shneachta. Tá brat uasal bán ar na sráidibh gránna salacha agus ar na sean-tighthibh atá ag tuitim ó chéile leis an aois. Ní’l torann dá laighead le clos ’san teach lóistín. Tá na lóisteóirí uile go léir ag ól thall ’san teach leanna. Mise ’mo shuidhe cois fuinneóige ag féachaint anonn orra agus ag fanacht le mo cháirdibh gaoil. An bhean ’n‑a suidhe ar an leabaidh ag gol ós íseal. Labhrann sí:
“Tá eochair agam, má’s mian leat imtheacht sul a dtiocfaidh siad…má’s rud é go bhfuil náire…ort …go…bhfeic—…go…bhfeicfeadh do…do mhuintir…mé fhéin.”
Tá na deóra ’ghá dalladh agus ag cosg na cainte uirri.
“Ní mian liom imtheacht.”
“Má théidhim…má théidhim-se i n‑aon…i n‑éindigh leat, a Mhi…a Mhichíl.”
“Téanam,” arsa mise ag breith greim láimhe uirri, “téanam.”
Anuas linn go breágh réidh. Níor cuiread aon chosg linn. Do bhuaileamar amach ar an tsráid.
XXVI.
Oidhche Shathairn a bhí ann nuair a d’éaluigheas leis an Mnaoi Reamhair, agus bhí an Saturnalia ar siubhal ’san gcomharsanacht. Bhí páidhe na seachtmhaine ag na daoinibh, agus bhíodar ’ghá chaitheamh. Bhéadh achrann agus troid ann sul a mbéadh an oidhche caithte. Bhí an bhean agam: acht cad chuige ar thugas liom í? Céard ab’ fheárr dhom a dhéanamh léithi? Í seóladh a bhaile chuig an teach lóistín? Nó í phósadh?
Níor fhéadas an cheist a réidhteach ar an láthair sin. Ní