féin ag an doras! Dá mbéadh fhios aici go rabhas go mí-fhoighdeach go gcluinfinn glór a béil!
“M’inghean atá uaim,” adeireadh an Fear Beag Buidhe, “mo inghean atá uaim, adeirim, agus an teach ní fhágfad go bhfeicfead í. Cé ghoid m’inghean uaim? Cé ghoid í? Cá bhfuil sí i bhfolach agaibh? Dubhradh liom go raibh sí annseo. Go bhfacthas í i gcuideachtain an diabhail mhalluighthe sin a mhill an taisbeántas breágh orm…go raibh sé ag cur iallach uirri a phósadh…Cá bhfuil siad i bhfolach agaibh…?”
Thosuigh sé ag cuartughadh timcheall na háite. Chuartuigh sé i bhfus, chuartuigh sé thall. Chuartuigh sé faoi’n mbórd, faoi na suidheacháin agus i ngach áit, agus é ag cur dhe feadh an achair. B’é an Fear Beag Buidhe céadna é i gcomhnuidhe. B’fhacthas dom féin go raibh sé roinnt craithte; nach raibh cuma na maitheasa air mar bhí nuair a chuireas aithne air i dtosach. Acht bhí an tsrón fhada chrotach air fós, agus an smigín biorach agus iad a bheith ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile le linn labhartha dhó.
Bhí an phioctúir bheag ar ar thráchtas cheana ag an Mnaoi Ruaidh. Thug sí do Mháire Ní Laoigh í.
“Agus an í sin í?” ar sise agus uathbhás uirri.
Tháinic an fear buide chuca. Rug sé ar an bpioctúir, agus thosuigh ’ghá pógadh.
“M’inghean! M’inghean bhreágh dhathamhail! An bhean lághach charthannach atá chomh neamh-urchóideach leis an bpáisde nár rugadh.”
Tháinic meangadh beag gáiridhe ar bhéal Mháire Ní Laoigh. Ní raibh fhios agam an fúm féin agus mo chéile bhí sí ag gáiridhe nó faoi’n bhFear Bheag Bhuide acht chuir sí an-olc orm.
“Deirim leat nach bhfuil sí annseo,” arsa an Bhean Ruadh leis, “nár chuireas féin faoi ghlas iad go dtagadh na daoine uasle seo―”