’mo stáicín aithbhéise ag muintir mo bhaile dhúthchais, ní raibh a rian orm anois. Bhí orm gan cos fhágáil i dtír mo dhúthchais arís go deó; bhí orm-sa a rug ar lán mo ghlaice de ghaineamh na hÉireann ar chéibh Phortláirge nuair a chuadhas i dtír ann leis an bhFear Bhuidhe, bhí orm-sa a d’fháisg an gaineamh úd go raibh an fhuil ag briseadh amach thríd an gcraiceann, bhí orm fanacht i bhfad amach ó’n mball dob’ annsa liom ar domhan. Acht cheapas sásamh a bhaint amach; cheapas sásamh a bhaint de’n dream úd ba chinn-tsiocair leis; cheapas iad a mhasladh ar bhealach éigin; iad a umhlughadh, iad a náiriughadh, iad a chur faoi chois.…
Tháinic an Bhean Reamhar go ceann an staighre go bhfeiceadh sí céard a bhí ar siubhal agam féin. Rinneas comhartha léithi a theacht chugam. Bhí sgata fear agus ban ag gabháil thart ar an tsráid agus iad ag gabháil fhuinn. Bhí fhios agam ó n‑a nglór go rabhadar ar leath-mheisge. Bhí fhios agam go raibh cuide de lóisteóiríbh “An Chasúir” orra. Dubhras leis an Mnaoi Reamhair glaodhach orra. Rinne sí amhlaidh, Tháiniceadar chugam, deichneabhar díobh ar a laighead, idir fear agus bean, cannaí stáin a bhí lán de bheóir ar iomchur aca, iad fliuch báithte leis an sneachta, iad giobalach droch-labhartha. Chuir an Bhean Reamhar a lámh faoi m’asgail; d’osgail duine éigin an doras dhúinn, agus bhuaileamar isteach.
Do lean an comhluadar sinn.
XXVII.
Gach a dtárla dhom ó d’fhágas an baile le beagán airgid a shaothrughadh leis an mnaoi uasail seo a bhí ’mo láthair anois a phósadh, bhí sé ós comhair mo shúl. An timpist a d’fhág ’mo bhacach agus im’ uathbhás mé; an saoghal náireach a bhí agam leis an bhFear Bhuidhe; an