cleamhnas a rinne seisean dom i dtosach; an easbhaidh agus an t‑ocras agus an gábhatar bhí orm, agus mé ag fanacht le mo chuid airgid; an chaoi ar fhóir an Bhean Ruadh orm; teach lóistín “An Chasúir” agus a raibh de ghadaidhthibh agus ruibhínighibh ann; an chaoi a mb’éigin dom suidhe chun buird le dríodar na cathrach ann; an chaoi a mbíodh an Bhean Reamhar ar mo thóir; do chonnaiceas an méid sin agus tuilleadh ag teacht agus ag imtheacht ’n‑a bpioctúiribh soiléire ós mo chomhair.
Bhí fhios agam gur duine cneasta creideamhnach a bhí im’ oncal. Bhí fhios agam cé’n droch-mheas a bhí aige ar lucht an óil. An té nach raibh an oiread de mhaoin an tsaoghail aige is bhí aige féin, ní raibh aon áird aige air. An té bhí saidhbhir ní fhéadfadh sé gan a bheith go toghtha, dar leis. Ní raibh a inghean, Máire, an bhean úd a thug gean a croidhe dhom uair, ar an mbaramhail chéadna, acht bhí cuid de’n mhianach chéadna innti.
Bhí fúm dímheas a caitheamh orra beirt. Bhí fúm a chur i gcéill dóibh cé’n bharamhail a bhí agam orra.
“Seo í an bhean atá fúm a phósadh,” arsa mise, nuair a bheannuigheadar dhom.
D’fhéachadar ar an mbeirt againn agus alltacht orra. Níor labhradar focal acht d’umhluigheadar do’n Mhnaoi Reamhair go múinte.
Bhí an Fear Buide sgathamh beag uainn. Seaán Mac Donnchadha agus an Bhean Ruad i ngreim ann. “Cá bhfuil mo sgian? Cá bhfuil mo sgian, adeirim, go gcuiridh mé go feirc ann í?” adeireadh sé ’n‑a shean-bhéic. Bhí a inghean ar mo chúl agus creathadh ball uirri. Acht leis an gceart a rádh níor bh’ fhada gur glac sí misneach. Chuaidh sí idir mé fhéin agus an Fear Buide. “Cuirfidh tú an sgian ionnam-sa i dtosach,” ar sise agus do shín sí a dá láimh amach uaithi le mise a chosaint.