Bhí m’oncal agus a inghean ag féachaint ar an dream a tháinic isteach i n‑aonfheacht linn.
“Chuig an mbainis tháiniceadar,” ars’ mise leó; “cáirde liom-sa iad,” arsa mise; “cuirfead i n‑aithne dhíbh iad,” arsa mise.
Níor chuireadar ’n‑a aghaidh. Bhíodar ró mhúinte. Acht cheapas go raibh Máire Ní Laoigh ar tí na deóir a shileadh le cantal go raibh sí ’n‑a leithéid de chuideachtain.
“Cing‑Cang,” arsa mise.
Tháinic an duine sin i láthair, agus d’umhluigh dóibh go múinte.
“Labhair leis,” arsa mise lem’ oncal, “i n‑aon teangain dá bhfuil ar Roinn na hEórpa indiu agus labhróchaidh sé leat.”
D’umhluigh mo dhuine an ath-uair go múinte agus go béasach.
“D’fhoghluim tusa Frainncis ’san gCoinbhint,” arsa mise le Máire Ní Laoigh.
Cheap Cing‑Cang beagán Frainncise a labhairt, acht bhí sé ró ólta le teanga ar bith a labhairt. Dob’ éigin dó suidhe.
“Seo é Mac Uí Fhrighil, nó ‘Fan go Fóill,’ mar tugtar air,” arsa mise.
D’umhluigh m’oncal agus a inghean dhó.
“Má tá fear troda uait, cuir fios air,” arsa mise.
D’umhluigh mo dhuine dhóibh.
“Séamus Ó Síothcháin,” arsa mise, agus tháinic fear mór cumasach chugam. Shílfeá go leagfadh sé an teach dá dtogruigheadh sé.
D’umhluigheadar dó.
“Fáilte rómhat. Fáilte rómhat, a bhean uasal. Chun na bainse tháinic sibh‑se freisin, is dócha?”
B’in é an chéad fhocal a labhradh, agus dob’ é an focal deireannach é gur chuireas a raibh ann i n‑aithne dhóibh chomh módhmhail múinte is dá mbéinn i gcúirt ríogh.