m’oncal i gcúinne. Seán Mac Donnchadha agus an Bhean Ruadh agus beirt nó triúr eile i gcúinne eile. An comhluadar a thugas isteach, bhíodar go sgléipeach. Bean ag ól leanna i bhfus. Fear ar gabháil cheóil thall. Duine ag moladh an chleamhnais. Duine eile ’ghá cháineadh. An sneachta ag bualadh i n‑aghaidh na fuinneóige. Glórtha feargacha, glórtha ciúine, glórtha borba leitheadacha chugainn ó’n tsráid. An bhean úd a cheapas a phósadh fad ó le mo thaobh agus í ’n‑a baintreabhaigh; an bhean úd a cheap mise a phósadh, dhom’ bhuidheachas, ’n‑a suidhe léithi féin, agus í ag dearcadh anonn orainn.
’Sí Máire a labhair i dtosach.
“Ní’l aon lá ó d’fhág tú Gaillimh, a Mhichíl,” ar sise, agus bhí tocht ’n‑a glór, “ní’l aon lá ó d’imthigh tú an chéad uair nár ghuidheas Dé ar do shon.”
Bhí an lámh aici ar mo ghualainn arís. Bhí sí ag féachaint go geanamhail orm.
“An abruigheann tú paidir ar bith ar mo shon-sa?” ar sise, “ar iarr tú ar Dhia ariamh mé chur ar bhealach mo leasa…?”
“Dá mbéadh a leithéid ann,” arsa mise.
Bhain sí an lámh de mo ghualainn. Theann sí amach uaim roinn.
“Ó, tú atá atharruighthe go mór,” ar sise, “bhí an mí‑ádh orm gur leigeas duit imtheacht an chéad uair… go maithidh Dia na Glóire dhom é.…”
Thosuigh fear a bhí i gceann an tseómra ar amhrán a ghabháil. Rinneas féin comhartha leis an Mnaoi Reamhair a theacht i leith chugam. Tugadh cathaoir dhi le mo thaobh. Chuaidh Máire Ní Laoigh anonn chuig a hathair. Thosuigh an ceól. Thosuigh na hamhráin. Bhí an bhainis ar siubhal.
· | · | · | · | · | · | · |
Bhí an obair ar siubhal nuair a d’éaluigheas féin uatha. Amach liom ar an tsráid. Níor airigheadar ag imtheacht