Page:Deoraidheacht (1920).pdf/149

This page has been validated.
149
Deoraidheacht

Acht ní i gcomnuidhe a bhíos na dubh-smaointe dhom’ chiapadh. Fuaireas cúpla pighin indé as ucht capall a chong­bháil. Cheann­uigheas ruainne cáise agus blúire aráin. D’ólas gloine leanna. Bhuaileas isteach ’san bpáirc, agus shuidheas faoi bhun an chrainn daraighe. Tháinic meidhir ar mo chroidhe. Mhoth­uigheas an fhuil ag borradh ’mo chuis­leachaibh. Bhí an ghrian ag soill­siughadh anuas orm. Bhí a lán daoine ’san bpáirc, acht ní raibh a fhios aca cé’n lúthgháir a bhí ar an mbacach a bhí ag gabháil amhráin go croidh­eamhail faoi bhun an chrainn daraighe.…

· · · · · · ·

Fríoth an fear bocht marbh faoi bhun crainn daraighe, i lár páirce, i Lonndain Shasana. Bhí cuid de na páipéir seo ’n‑a phóca. Bhí piostal le n‑a thaobh acht níor caitheadh aon urchar as ariamh. Ní raibh ann acht bréagán a theip ar an bhfear a d’iomchuir é. Bhí sean-sgian le n‑a thaobh, sean-sgian mhaol mhanntach, agus is léithi marbh­uigheadh é​…​acht ba bheag an ceapadh a bhí ag mo charaid bhocht go loicfeadh an piostal úd a cheann­uigh sé ó’n mairnéal­ach air—acht nár loic an saoghal?


A chríoch.




I nÉirinn do cló-bhuaileadh ag clo na bhfoillsitheoirí.