acht...? Ó! a Dhé! táim ag dul le buile. Go bhfóiridh Tú orm! Go bhfóiridh Tú orm, a Dhé!
· | · | · | · | · | · | · | · | · | · |
Níor tháinic néall codlata orm i gcaitheamh na hoidhche aréir, acht muna dtáinic féin, ní hé ceist an airgid a bhí ag déanamh imnidhe dhom acht pian mhillteach a bhí ’mo ghuailnibh. Na maidí croise is ciontach leis an bpéin is dócha, acht, muna bhfuighidh mé leigheas air, ní bheidh mé i n‑an’ coisméag ar bith a shiubhal. Beidh orm fanacht ’san teach mór gránna seo ó mhaidin go faoithean, ó Luan go Satharn, ó Shatharn go Luan, go lá mo bháis.
Ar éirghe dhom, bhí fear taobh amuigh de dhoras an tseómra, agus chuidigh sé liom síos an staighre. Ar a dhul isteach dhúinn ’san seómra mór a bhí i n‑íochtar an tighe thugas faoi deara go raibh dream beag bailighthe ós comhair na teineadh, ag ceann an tseómra, agus go raibh díosbóireacht ar siubhal aca.
Ar mise fheiceál chuireadar cosg leis an gcaint, agus ghlaodhadar orm.
Bhí iongantas orm féin, ar ndóigh, mar is fánach focal labhras leó ariamh. Lucht oibre a bhí i gcuid aca. Cuid eile aca a bhí ar thóir oibre. Cuid eile fós, agus ní raibh a fhios acht aca féin agus ag Dia cé’n chaoi ar bhaineadar greim a mbéal amach. Acht ní bhéitheá ag dul amudha go mór dá ndéarthá go raibh gadaidhthe agus lucht na bpócaí a phiocadh orra.
An fear a chuidigh liom síos an staighre, labhair sé go lághach carthannach liom, agus dubhairt go raibh gnótha aca dhíom.
Glaodhadh orm arís.
Chuadhas ’n‑a bhfochair.
D’éirigh fear mór toirteamhail ’n‑a sheasamh. Chuir sé iallach ar a raibh ’sa láthair a bheith ’n‑a dtost. Thosuigh sé dhom’ mholadh. Ní raibh agam acht an deágh-fhocal do