’chuile dhuine. Ní dheárnas cúl-chaint ar éinne. Níor chuireas achrann ar bun. Bhíos lághach cineálta le cách….
Leis an mór-mholadh thug sé dhom, cheapas nach raibh mo leithéid eile ar dhruim an domhain. Mhol sé mé mar mholfadh file a leannán. Agus is fíor-fhile a bhí ann. Bhí an chaint a sgaoil sé uaidh garbh. Bhí an iomad droch-fhocal ann. Acht is ó n‑a chroidhe a tháinic sí agus chorruigh sí a lucht éistthe go mór. Chorruigh an chaint mé féin, freisin, agus nuair a dubhairt sé leis an bhfear a chuidigh liom síos an staighre “é” a thabhairt isteach, ghabh mór-iongnadh mé, mar tháinic sé chugainn agus cathaoir bheag a raibh dhá roth mhóra faoi cheann dhi agus dhá roth bheaga faoi’n gceann eile dhá tiomáint aige.
Dubhairt an fear mór go bhfaca sé an chathaoir i siopa; gur cheap cuid aca go bhfeilfeadh sí dhomh-sa go deas; gur cheannuigheadar í le n‑a tabhairt dom; go bhféadfainn a dhul ó áit go háit go deas réidh innti; nach mbéadh aon stródh orm turas fada a thabhairt agus an gléas iomchuir seo agam; go ndéanfainn mo leas dá ngabhainn isteach ’san gcathaoir anois féin go bhfeicfidís mé.
Chuaidh. Agus ghluais liom suas agus anuas an seómra fada go breágh réidh. Leis an áthas agus an lúthgháir a bhí ar na fearaibh fáin seo, cheapfá gur dream gearr-bhodach a sgaoilfí abhaile ó’n sgoil a bhí ionnta. Ní rabhadar sásta gur thugas turas an tseómra a hocht nó a naoi de uairibh.
Ghabhas buidheachas leó uile go léir, agus annsin thosuigheadar ag imtheacht i ndiaidh a chéile.
Ní ró-fhada go rabhas liom féin in mo chathaoir ’san seómra mhór úd. Bhíos ag éisteacht leis an torann taobh amuigh ar an tsráid. Chuaidh fear thart. Leis an gcaoi a raibh sé ag bualadh na leacracha le n‑a mhaide déarfainn go mba dall nó bacach a bhí ann. Bhí truaigh agam dhó. Dá mbéadh mo ghléas iomchuir-se aige! Bhí mo chroidhe lán de bhuidheachas agus de ghrádh. Ní dhéanfainn dochar d’aon ní