géar, ní dhíolfainn ar chor ar bith é. ’Seadh, tabhair luach na leabthan dom ar an méid seo. Tá leath-phunnt ann, má tá únsa.”
Chraitheas mo cheann. Bhíos ar tí imtheacht.
“B’fhéidir go gceannóchthá é seo,” ar seisean, “piostal breágh agus cos airgid ann. Féach, tá urchar ann. Fainic thú féin, a dhuine! Fainic, adeirim!”
“Cé mhéad?” arsa mise, go neamhshuimeamhail.
Bhíos sásta mo leath-shobharan deiridh a thabhairt dó air. Ní raibh fhios agam an uair sin, agus an bheirt againn ’n‑ár seasamh faoi lóchrann sráide cois na habhna i gCathair an Dorchadais, cé an dúil nimhe bhí agam ann, acht bhí. Bhí draoidheacht éigin ann. Bhí diabhlaidheacht éigin ’san bpiostal úd a raibh an chos airgid ann nár leig dom imtheacht go raibh sé i dtaisge agam i bpóca a bhí ar chúl mo bhrísde.
Bhí an máirnéalach sásta é dhíol ar phíosa coróineach, bhí an t‑airgead ag teasdáil uaidh chomh mór sin. B’ait an margadh bhí ann, cheapas, agus d’imthigh linn beirt go mbrisfinn-se mo leath-shobharan i dteach óil a bhí i ngar do’n abhainn.
V.
Táim féin agus an máirnéalach ag ól ar ár ndícheall. Is beag de’n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamhlachta.
D’imthigh leith-bhliadhain ó d’ólas deór cheana, agus airighim an t‑ól ag dul trí mo chorp mar bhéadh sruthán teineadh ann. Ní’l ball díom nach mothuighim ann é. An brón mór agus an droch-chroidhe bhí orm ar maidin ’san teach lóisdín táid sgartha liom. Gníomh ar bith dá ndeárnadh ariamh tig liom-sa a dhéanamh, má’s fíor dhom féin.
Tháinic an chaint chugam. Thosuigheas ar sgéaltaibh iong-