atá faoi deisighthe ar an mbealach seo agam (bhrúigh sé an chos isteach fúm), agus cóta mór ’n‑a thimcheall mar seo (chuir sé cóta mór an fhir bhig bhuidhe ’mo thimcheall), dheamhan a gcreidfeá go raibh cos ar bith faoi. Acht an chaoi a raibh a éadan daithte agam, agus an folt mór gruaige bréagaighe síos go bhásta a bhíodh air—bhí saidhbhreas ann, saidhbhreas mór.
Le chomh greannmhar is bhí sé ag rádh na cainte, agus leis an deagh-chraiceann a chuir sé uirri, agus leis an gcosamhlacht a bhí air féin, ní fhéadfá aon olc a bheith agad dhó. Na daoine a bhí ann, bhíodar ag teannadh liom le dearcadh níos cruinne ar dhuine a bhí chomh hiongantach liom, acht chuir sin olc orm. Leigeas béic orra. Do dhruideadar siar uaim arís. B’aoibhinn liom gur éirigh liom sgannradh a chur orra. Bhain an mairnéalach féin an-ghreann as. Bhain an fear beag buidhe an-ghreann as. Bhagair sé orra fanacht amach uaim, go raibh droch-fhuadar fúm, go raibh an droch-chosamhlacht orm, go mb’fhéidir go ngoinfinn duine aca.
“Fanaidh siar uaidh! Fanaidh siar uaidh, adeirim!” adeireadh an mairnéalach agus an fear beag buidhe i n‑éindigh.
Acht bhí aon bhean amháin ann nár sgannruigheadh. Bean mhór a bhí innti, bean mhór mhillteach a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach. Gruadh ar dhath an chaoir chaorthainn uirri. A brollach sgaoilte aici. Boladh an óil uaithi. A dhá súil ar lasadh ’n‑a ceann.
Shuidh sí le mo thaobh ar an suidheachán. Labhair sí liom agus an uile dhuine dá raibh ann ag féachaint orainn.
“Is ait an Gearmánach thú,” ar sise, “agus tú ag labhairt Gaedhilge feadh na hoidhche.”
Ní raibh a fhios agam céard ab’ fhearr dhom a rádh. Bhí náire orm roimpi, go mbéinn ’n‑a leithéid sin de chomhluadar, go leigfinn dóibh stáicín áibhéise a dhéanamh dhíom.